Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 24


1]
  • Tuirseach mé dod chomann-sa,
    a fhir an chomainn bhréige!
    mise fear a chomhalta,
    agus tusa fear a thréigthe.

  • 5]
  • Ní do nocht ar gcomainne
    do chonnarc riamh rem chuimhne
    tarla idir Fhionn romhainne
    agus Diarmaid ó Duibhne.
  • Mas fíor comann Chonchobhair
    10] agus Naoise mhic Uisneach,
    a chomholc do chonncamair,—
    adhbhar dár mbeith tuirseach.