Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 23
1]
Cruaidh an cheard an compántas,
ní uaim féin aithnim oram;
tearc duine sa domhnán-sa
do chongaibh é san gcothrom.
5]
Compánaigh na haimsire-se
truagh a fhusacht cheanglaid comann,
's nách fusa le haimhghliocas
ná leó a sgaoileadh go hobann.
p.37
A lucht cheanglas compántas,
10] cuartaidh féin croidhthe a chéile,
sul léigfe sibh go hantráthach
le cách fios bhar méine.
Agam do bhí an compánach
do b'annsa leam d'iath Éibhir;
15] do bhí umam go roghrádhach,
má b'fhíor do bhéal na bréige.
Níor cheil mé ar an gcompán-sa
aon rún
[gap: illegible]
's do cheileadh sé go drochfháthach
20] a rún
[gap: illegible]
Tiucfaidh don ghníomh ghránna-sa
d'imir mo chompán oram,
nach biaidh meall mo bhrághad-sa
ar iocht móráin san domhan.
25]
Ní hiontaobhtha an aimsir-se;
ná léig do rún le mórán;
is duine lán d'aimhghliocas
'gá mbí iomad na gcómpán.
Níl éinneach san saoghal darb aithne dham beó
30] Le léigfinn mo chonséit ná fachain mo bhróin,
Ach an té sin ar a smaenim don tarsna don ród,
Ar ar thréigeas gach céile dá bhfacas go fóill.
p.38