Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 22


1]
  • Tuar beannácht bheith i bpríosún!
    cóir do chách síorthnúth rinne;
    gi-bé ar a bhfuil díth beannacht
    go bráth, teagadh don tigh-se.

  • 5]
  • A fhir do thuill trét anolc
    bheith id chrann mallacht doitse,
    beir an uair-se id chrann beannacht
    acht go dteaga don toigh-se.
  • An uair chuirim neach éigin
    10] d'iarraidh déirce fán bpobal,
    ní thig chugam rem theachta
    acht míle beannácht fholamh.
  • Ait an déirc duine shaidhbhir
    beannacht go braighdibh bochta,
    15] 's go dtiubhrainn féin céad beannacht
    ar phionta leanna dhá olcas.
  • Ag reic beannacht go saidhbhir
    bíd braighde bochta an uair-se;
    créad do b'áil linn don earradh
    20] nach gnath dhá cheannach uainne?
  • Tír Chonaill mhic Néill niamhghloin
    ní dóigh diabhail dá mealladh;
    ní bhíonn duine san tír-sin
    acht lán do mhíltibh beannacht!

  • p.36


    25]
  • A gcrábhadh san re haithigh
    gé nachar thaitin rinne,
    ní fhaicim pobal beannacht
    mar mhuintir Ghleanna Finne.
  • An chuid eile dár gcáirdibh
    30] go nach dtáinig ar dteachta,
    más iad so ar lucht cumainn,
    ná cuirdís chugainn beannacht.
  • Cuirdís chugainn déirc oile
    ar gcairde croidhe cruaidhe;
    35] ní shásann beannacht fholamh
    duine ar dhomhan an uair-se.
  • Dá mbeidís mar tá sinne
    Colum Cille agus Pádraig,
    ní ghéabhdaois beannacht fholamh,
    40] gér mhór moladh a gcrábhaidh.