Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 21


1]
  • Cionnas sin, a fhir na mbréag,
    ós tú féin do fhéach a mbuaidh,—
    cionnas do-gheibh tú do dhíol,
    is a léigeann tú dhíobh uait?

  • 5]
  • Gidh iomdha re hiarraidh neith,
    beir a bhuidhe sein re Dia,
    nách deachaidh aonduine ód bhréig
    nách bhfuair dhíobh an mhéid do iarr.
  • Dóchaide liom rath na mbréag
    10] do leanmhain díot, a dhéad geal,
    dá mbeitheá ar aoinbhréig a-mháin,
    isé a caitheamh badh áil leat.
  • Ó nách lughaide do bhréag
    tú dá roinn fó chéad ar chách,
    15] dona d'aonduine tar th'éis
    srian do chor re bréig go brath.
  • Dona don té choigleas í;
    fán mbréig is mairg do-ní olc,
    's an bhréag tugais uair a-réir
    20] agad 'na cruth féin anocht.
  • Muca Manannáin mhic Lir,
    uirsgéal sin bheanas re bréig;
    aréir dhíobh dá marbhthaoi muc,
    a beith iniu 'na cruth féin.

  • p.35