Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 20


1]
  • Meinic sin, a ghealltanais!
    ná tairg mo mhealladh feasta;
    ní héanuair do dhearbhamair
    nár chrete dhúinn do ghealladh.

  • p.33


    5]
  • A ghealltanais mhinic-se,
    níor thuigeas tú ar tí mh'éartha;
    mór gealltar nách inchrete;
    ní thuigeann Ulltach éara.
  • Do ghealltanas bhéalbhlasta,
    10] dar leam féin is mé folamh,
    do bhéarthá-sa ar mh'éanfhocal
    dá madh leat uile an domhan.
  • Má tá cion ar ghealltanas
    nách dtéd i gcrích fá dheireadh,
    15] slán carad nó neamhcharad
    a dhul uaibhse fá eiteach.
  • Níor chreideas ar gheallaise
    ar tús, go bhfuaras eólas;
    álainn ór an chleasaidhe,
    20] dar leis an tí nách eólach.
  • Do bhámair go soimheallta
    red ghealladh lán do lúthghair,
    ag imtheacht go soineannta
    amach re ceann an tsúgáin.

  • 25]
  • Mise ris do bharánta
    gur iomdha fear a rádha,
    fan talamh go rachthá-sa
    do mhealladh aoinfhir dána.
  • Nós sparáin na sgillinne
    30] atá agad 'mun eneach;
    gan tiodhlacadh pinginne,
    's gan éanduine d'eiteach.

  • p.34