Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 19
1]
Caith a bhfuighe re daonnacht;
bí fán saoghal go suarach;
do mealladh lucht an doichill
bhíos ag coigill a gcnuasach.
p.31
5]
Mairidh gach cnuas dá gcaitear,
ná bí faiteach dá sgaoileadh;
bídh fear coigilte an tsaidhbhris
fá lán daidhbhris nách saoiltear.
An Té do riar ar bheagán
10] cách i gceartlár an fhásaigh,
an rath i mbun na caithmhe
isí m'aithne gur fhágaibh.
Seóid an bheatha dá n-áille
acht mar sgáile ní mhairfid;
15] ag dul san uaigh ón gcróchar
duit badh dóchas a gcaithfir.
Ciodh maith turas is trosgadh,
crábhadh gan osnadh bhréige,
ré ndul duitse don tsaoghal
20] is fearr daonnácht is féile.
Do-bhéaraidh Airdrí nimhe,
do réir dhlighidh na n-ughdar,
neamh agus clú re chéile
d'fhear na féile do chumhdach.
25]
Ó nách bhfaghthar ré a dhearbhadh
go bhfoghnann meanma chumhang,
ná bíom go doichleach doilbhir,
bímíd go soilbhir subhach.
Córaide dhúinn bheith soichleach
30] 's gan bheith doichleach fán saoghal,
go dtéid do dhíth a chaithmhe
biadh nách gcaitear re daonnacht.
p.32
A fhir an dorais dúnta
len háil cúmhgach id chomhrann,
35] an biadh curthar san gcamra
caidhe an tarbha dá bhfoghnann?
Cumhdaigh do chlú go haireach,
ná bí failleach i ndaonnacht;
ní beó tar éis a náire
40] neach dá shláine san tsaoghal.
Déana mar do-níodh Guaire,
tréinfhear do b'uaisle croidhe;
is buaine bladh ná saoghal;
caith re daonnacht a bhfoighe.
45]
Colam Cille mac Féilim,
do bhí i nÉirinn 'na bhiatach,
tug ar shaoghal an chlacuill (?)
caitheamh an chapaill iasacht.
Aoibhneas an tsaoghail bhréagaigh
50] ó nách béarthar don tsaoghal,
le Dia tabhair a bhuidhe,
's caith a bhfuighe re daonnacht.