Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 18
Tadhg Ó g Ó Huiginn.
1]
Mairg neach do-ní dearbháile,
fearr Críost ioná gach cara;
mar theagaid na gearrláithe,
teagaid na láithe fada.
5]
Mairg neach do-ní a thaisgeadha,
féaghar leat mar atú-sa;
guth beag is é aitheanta
'Ní thig ní san dorn dúnta.'
Barr na coille ceanntruime
10] gidh lór a threise thuiteas,
féaghar leat, lá Bealtaine,
an géagach dosach duilleach.
p.30
Mar ránag an caladh-sa
soir go hochras na n-airdtreabh,
15] níor mhaireastar agamsa
lón aonoidhche dom airgead.
Do-chí sin an Saoirbhreathach,
Íosa Críost, ceann an phobail;
seabhac gléghlan Gaoidhealach
20] do chuir chugainn dár gcobhair.
Gidh mór d'fhearaibh sochraide
fuaras ó aois mo leanaibh,
mó do fhuaslaig orainne
Giolla Cuibhneacht Ó Ceallaigh.
25]
Ó Ceallaigh, mo chompánach,
cuimseach mé ar an bhfial bhfaoilidh,
go mbeire buaidh gcomhdhála
ó dheamhnaibh is ó dhaoinibh.
An gcéin mhairfeas Éireannach
30] agus coimhéaltar cairdeas,
madh mise bhus déidheanach,
ní ba hí an mhalairt mhairgneach.