Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 17
1]
Duibhe id mhailghibh, gríos id ghruadhaibh,
gurma id rosgaibh, réidhe it fholt,
gaoth ag iomramh do chúil chraobhaigh,
úidh fionnbhan an aonaigh ort.
5]
Mná fear nách aidmheóchadh t'fhéachain
ar h'aghaidh ag fighe a bhfolt;
slighe ag méaraibh tre dhlaoi dhaghfhuilt
ag mnaoi ag déanaimh amhairc ort.