Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 13
Tadhg an Ghadraigh Mac Aodhagáin
1]
A lucht chumas bréag san dán,
dá dtí an bráth budh aithreach súd;
dígheólaidh, dá n-éirghe a fhearg,
bréag do chur air, Ceard na ndúl.
5]
Gach ar cheannaigh Críost i gcroich,
gach ar chruthaigh dhá thoil féin,
gach ar dhealbh Breitheamh laoi an Luain,
a n-athchuma is cruaidh an chéim.
An dúil ghránna gan bheith mór
10] cumaidh sibhse (lór do phléid):
'Áille súd ná gach mac mná,
ós gach míleadh a-ta ar méid.'
Cuirthí urla cruthach caomh
ar éadan mhaol, mór an oil;
15] cumthaoi d'fhior chriothshúileach cham
go mbí a rosg mall mar an ngloin.
Fear na gcos bhfionnfadhach bhfiar
nachar sgar a-riamh re gáig,
'sé duine is áille dhá chois
20] idir cholpa is troigh is tsáil.
p.22
Don duine chartbhuidhe chrón
cumaidh sibhse, gidh glór truagh:
'Cneas mar eala nó mar aol
atá 'gan ghéis is caomh snuadh.'
25]
Ní tuigthear súd acht 'na spórt;
cumaidh sibhse, gidh glór saobh,
fear gadtha caorach is cearc:
Beidh Éire fo neart a mhaor.
Tréan i gcill, neimhthréan i dtuaith,
30] ní thógbhann don luaith a thón
ceann feadhna an dá ghlac go leith;
bronnaidh súd eich agus ór.
An fear do-ní istigh a
's nách beireann amach a ,
35] adéarthaoi re giolla an tuill:
Biaidh Banbha Chuinn aige súd.
Do gach aon ó mbeirthí duais
do thuilleabhair fuath is fíoch;
isé a mholadh an lá leóin,
40] is ifreann fá dheóidh a chríoch.
Is mairg do-chuaidh re bhar gceird,
a dhaoine atá ag deilbh na dtlus;
i n-uaimh ifrinn (dorcha a dreach!)
do chuireabhair fear 's a lucht.
p.23