Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 10


1]
  • Ar maidin, a mhacaoimh óig,
    iarr teagasg ar an dTríonóid,
    ionnail go cáidh, gabh go glan
    gan sal id láimh do leabhar.

  • 5]
  • Féach gach líne go glinn glic,
    déan meabhraghadh go minic;
    ceacht bheag is meabhair ghéar ghlan;
    a leanaibh, féagh gach focal.
  • Bheith ag féachain cháich ná cleacht,
    10] tabhair t'aire dot éincheacht;
    taisigh í ó chúl do chinn,
    bí lé, gidh cruaidh an choimhling.
  • Gé madh cruaidh í, ná géill di;
    ná stad choidhche go gcuire
    15] go socair caoin re chéile
    caoimh (?) fhocail dá aimhréidhe.

  • p.18

  • Ar mhuir mhóir an léighinn láin
    bí id loingseóir mhaith, a mhacáimh;
    bí, madh áil, it fháidh eagna
    20] i ndáil cháigh do choimhfhreagra.
  • Don eagna áin is dá fios
    an tan gheabhas tú toircheas,
    biaidh gach cleath fá chíos id chairt,
    biaidh in gach leath dod labhairt.

  • 25]
  • Ibhidh gach laoi láindigh dhi,
    tobar na heagna uaisle;
    ní badh searbh id bheól a blas;
    badh sealbh aoibhneasa an t-eólas.