Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 8
1]
A bhean do-ní an lionn,
ná déan lionn dá éis!
aithne dhamhsa thú,
is tusa thú féin.
p.15
5]
Mo chomhairle dhuit
ná hól cuid dod lionn,
is ceannaigh lionn cháigh,
's ól do sháith do lionn.
Ibh-se féin do lionn,
10] dar liom isí an chóir;
nó tiodhlaic do lionn,
's ceannaigh do lionn d'ól.
Ná hiarr airgead air,
olc an bhraich dá bhfuil,
15] olc a shean 's a úr,
slán gach brú dá gcluin.
Atá sé dubh ruadh,
atá sé fuar bog,
atá sé searbh géar,
20] measa é ná olc.
Atá sé reamhar marbh,
atá sé garbh glas,
atá sé 'na mhuirt mhéith,
ní choisgeann sé tart.
25]
Ní bhia mé dá cheilt,
ní cóir a reic linn;
fuair sé a dhódh ar clé,
ní deoch é is ní grim.
Trom is caorthann glas
30] (olc a mblas i mbéal!)
hóp do leanna bhuig;
ag sin duit mo sgéal.
p.16
Sul chaithfir do chlú,
má tá tú re maith,
35] dhuit is biseach mór
do lionn d'ól na bhraich.
Dá bhfaghthá go luath
lá gan fuacht gan teas,
uisge is teine mhór
40] 's urradh badh lór leat,
Ní dhéantá acht lionn géar,
is sin féin do mheath;
ó tá sin id chionn,
sguir dod lionn, a bhean.