Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 7

Conspóid Dhonnchaidh Mhic Labhra agus Ghiollamhuire Chaoich Mhic Cartáin.

  1. 1] 'Cia an traghna so san ghort
    shinneas dúinn port ar sliabh?'
    'Mise Giolla 'na bhfaghthaoi spéis,
    Oisín mé tar éis ná bhFian.'

  2. p.9


    5]
  3. Ní 'traghna' do ghoirdís díom
    ríghshliocht Chonaill is síol Néill;
    'na measg súd ba mhór mo luach,
    ba bhinne mé ná an chuach féin.
  4. Muintir Chléirigh 's Clann an Bháird
    10] 's ná hOlltaigh, gé táid gan fhréimh,
    saoithe sin nách bhfaghadh locht
    ar aon phort dá sinninn féin.
  5. Iomdha ceól i bhflaitheas Dé,
    ní haoibhneas gan é gach uair;
    15] duine marbh nach sinneann ceól,
    tuirseach é 's a dheór re a ghruaidh.
  6. Ceól ainglidhe, ag teacht do Chrióst
    dár bhfuasgladh ó chíos an chuil,
    do chualaidh go ceólmhar caoin
    20] an lucht do bhí ag faire an chruidh.
  7. Bocht an eaglais bhíos gan cheól,
    Dáivídh rí do sheól an reacht;
    cia an pápa tháinig riamh
    nár mhol dá chliar an ceól ceart?

  8. 25]
  9. Ní bó bhíos i dteampall mhór
    ag géimnigh, ná bró bheag bhreac,
    acht orgáin, cláirseach is sailm,—
    aoibhinn a dtairm gach re feacht.
  10. Teithidh an diabhal ria gceól,
    30] dearbhaid ughdair eól gan locht;
    follas sin ar Dháivídh rí
    is ar Shaul do bhí go holc.

  11. p.10

  12. Clann Ádhaimh, Donnchadh 's an t-ab,
    atáim lag ó táid i gcill;
    35] níor chríon mo chruth ná mo bhrat,
    an dá mhac dá maireadh linn.
  13. Brian Mac Mathghamhna na n-each,
    fear nach dearna creach ar chill,
    is ua Í Ruairc na gcuach n-óir,
    40] ó theasta im chóir ní bhead binn.
  14. Ní thuigid mise an aois óg,
    lánmhar iad ó bhród na nGall,
    is ní mó thuigid iad féin;
    ní bhfuilim gan chéill im rann.

  15. 45]
  16. Ní thuigir-se an phaidear féin,
    a Dhonnchadh chléibh chognas mill;
    ní bhfuil ionnad acht brughaidh bocht,
    bí id thocht, is ná labhair linn.'
  17. 'Éist, a Ghiolla, liom go fóill:
    50] saoilir féin gur cóir do dhán;
    do-ghéana mé praiseach díbh,
    bí ar mire nó bí slán.
  18. Róard an ghairm duitse cuach,
    ní bhfuil don cheól a luach leat;
    55] níor thuill Éamonn féin a hainm,
    gé'r mhór a ghairm san cheól cheart.
  19. San dá éan-sa is mór mo dhúil;
    tuaraid arán dúinn is im;
    ní bhfuil don ealtain a luach,—
    60] an traghna 's an chuach bheag bhinn.

  20. p.11

  21. Anadh iolar i bhfad suas,
    anadh seabhac na ruag ngéar,
    anadh gach éan i bhfad siar;
    ní cosmhail iad lem dhá éan.

  22. 65]
  23. Éan an bhainne bhinn an chuach,
    truagh a luadh led cheapán cuill;
    is tur tirim lúth na meór;
    binne í ná ceól críoch gCuinn.
  24. Binn, a Ghiolla, traghna an ghuirt;
    70] níor bh'iarrtha dhuit breith a gill;
    an cumhain leat gorta, a ghrádh?
    atá is atá an t-arán binn.
  25. 'Chugaibh! chugaibh! gruth is im,
    éistear linn!' adeir an chuach;
    75] rádh na traghna do ghlór cheart:
    'Atá an eórna ag teacht go luath!'
  26. Aon phort riamh is fearr ná sin
    níor sinneadh libh le lúth meór,
    Colla, Naoise, is Nioclás Dall,
    80] 's a raibh sibh ann riamh le ceól.
  27. Ní mharbhann siad cearc ná gé,
    ní mó ithid féar ná gort;
    ní bhfuair biatach fairsing fial
    aon locht riamh ar chéill a bport.

  28. 85]
  29. Ar an gceól nach dtuigim uaibh
    créad fá dtiubhrainn duais gan chéill?
    Acht an bhó, 's an bhró, 's an gort,
    don deamhan port thuigim féin!

  30. p.12

  31. A Ghiolla-mhuire is binn meóir,
    90] seanchas ceóil giodh ionmhain leat,
    a lán bainne 's a lán méidhg
    ní thiubhrainn féin ar do cheap.
  32. Annsa leam géimneach na mbó
    ag teacht fá dhó in gach lá
    95] chugam le gruth is le him
    ná an ceap nách bia binn go bráth.
  33. An ceól is binne fán ghréin,—
    dar liom féin is creite uaim—
    binne liom ná dórdán salm
    100] crónán na dtarbh ris na buaibh.
  34. Más ait leatsa 'draoill ó dró,'
    ró-ait liomsa bó san bhféar;
    más milis leat 'draoill ó druth,'
    milse liomsa gruth im bhéal.

  35. 105]
  36. Guth téad má líonann do bhrú,
    ní hionann thú is mé féin;
    ná hiarr orm 's ní iarrfad ort
    ceól do chrot, a chláirseóir chléibh.
  37. An traghna ghlórach 's an chuach,
    110] ní iarrann siad luach ar cheól;
    ós tusa is seirbhe le cluais,
    ná hiarr duais ach uiread leó.
  38. Ní bhfuil san cheól uile acht gaoth,
    's is duine baoth shinneas é;
    115] annsa leam go mór an taos,
    ó' sé choisgeas fraoch mo dhéad.

  39. p.13

  40. Cláirseach caimfhiaclach na dtéad
    olc an séad ag duine bhocht,—
    fiche preabán ar a toll,
    120] 's dá fhichid poll ar a corp.
  41. Olc a lámhchrann, olc a corr,
    measa a com mar chriathair beach;
    mór a leac, luaimneach a gléas;
    suaimhneach an fear téad nár mheath.

  42. 125]
  43. Luch ag sgeilleadh airgid rí
    ar leic mhín, is cosmhail ribh;
    cuirim spéaclóir ar mo chluais,
    's ní chluinim uaibh acht 'big, big!'
  44. Sinn, a Ghiolla, go teann tréan;
    130] maith mo chomhairle ar séan duit;
    ó táid gotha an umha fann,
    cuir-se téad charr in do chruit.
  45. Muintir Chléirigh is Clann an Bháird
    ní fiú a n-eagna ná a ndán bró;
    135] an brughaidh is mó ba is laoigh
    isé sin an tsaoi bhrón (?).
  46. An borb 'gár lia caora is cruach,
    's 'gá bhfuil a luach d'airgead gheal,
    ní bodach é nách déan meall;
    140] isé is uaisle 's is fearr ceap.
  47. Reac do chláirseach, ceannaigh píob,
    leig díot an druimseach gan áird;
    róbhinn feadán re cois brón,
    's is binn an dos mór ar sráid.

  48. p.14


    145]
  49. Nach gcualais go bhfuil i n-úir
    Brian mac Con, gan úidh ar cheól,
    's Ó Seachnasaigh gan bheith san nGort;
    gread do bhos, ná hiarr bheith beó.
  50. Ná déan uaill as an Chalbhach Ruadh;
    150] ca fios duit an buan a bhláth?
    ní chanaim díbh leath mo sgéal,—
    uch! ní mhaireann séan do ghnáth.
  51. An cheard ris nach bhfaghthar bróg
    acht mire is bród, mairg 'gá bhfuil!
    155] tarbhach toradh ceóil ná brón,
    's is maith an stór thig ón mbuin.
  52. Is mór mheathas ris an gceól,
    caillid leis a seód 's a mbláth;
    uch! mo thruaighe mar tá siad,
    160] mar nách bhfaghaid a riar ó chách.
  53. Ná caill i-bhus agus thall;
    ó tá tú dall, ná tréig Dia;
    tuair flaitheas Dé do chuid,
    ó 'sé mhairfeas duit go cian.'