Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 6
Tadhg Ruadh Ó Conchobhair
- 1] Saoi le searbhas Eóin mac Eóin,
daoi ler dearbhadh cóir na locht;
mar chráin ag crónán dá cluinn
fuinn a lámh, dórdán a dhocht.
- 5] Is mó do-geibhthear i nguaillibh Eóin
do shult ceóil ná i luas a lámh;
alpa a dhá amhchrobh 'na bhfeidhm
mar chreim dá chlamhchon ar chnámh.
- Mar bhíos céis ag coin ar chluais
10] i nguais ag ceisneamh a cáis,
ó n-a chlos is céasta cluas,
crobh gan luas ag pléasgadh práis.
- Ní aithneann aon a phort féin,
an tan théid i gcaschrobh Eóin;
15] tuar tuirse tafann a lámh,
blas na gcrann gafann 'na ngeóin.
- Faghairt caorthainn ar a chrobh,
'na ladhraibh do leagh an creamh,
sás marbh do mhosgladh a huaigh
20] cosgradh cruaidh ná n-arm n-amh.
p.8
- Iongnadh, is méid saothair Eóin,
nách seinntear leis cóir ná ceart;
baca ar a dhochtaibh ní bhí,
's tapa do-ní do lochtaibh leacht.
25]
- Prap do-ní praiseach do phort,
an tan theagmhas fá n-a smacht;
mar bhíos muileann maol ag meilt,
ceilt ní chuireann go raob reacht.
- Mar umha dá sgrios le sgiain,
30] mall rian a iongan ar chruit chaoin;
saoth liom a sgreadach 's a chás,
mar phrás dá ghearradh le gaoin.
- Truagh do thoisg, a chláirseach bhinn,
dod ghriolladh le rinn a ghlac;
35] níor fhág sé cuisle id chorp
gan rian docht tuisle agus tacht.