Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 2

  1. 1] Mug, cupán, agus píopa
    tá annso sgríobhtha ar a leabaidh;
    is olc a bpáirt re Maoilre,
    nách leigeadh dhóibh sgíth ná colladh!

  2. p.3

  3. 5] 'Ní misde liom féin,' ar an Mug,
    'má bhíon sé gan musgailt chuíche;
    is minic d'fhág sé mo bholg
    folamh lá fada agus uíche.'
  4. 'Mise mar an gcéanna,' ar an Píopa,
    10] 'cé gur minic a níodh mo phógadh,
    do loisgeadh sé mo bhéal gach am,
    is do chaillinn mo cheann ina phóca.'
  5. 'Éistigí!' ar an Cupán,
    'a dhís breallán gan tuigse;
    15] éireó sé arís go folláin;
    níl air ach crithán beag misge.'