Corpus of Electronic Texts Edition
Duanta Fearghal Óg Mhic an Bhaird (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)

Poem 4

Truagh liom Máire agas Mairgrég

Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
  1. 1] Truagh liom Máire agas Mairgrég,
    2] ní beó bláth na n-umhailghég:
    3] do chuir siad a nduilli dhíobh,
    4] dá bhuime iad don imshníomh.
  2. 5] Fa ríor, fa ríor, nocha nfhuil
    6] braon 'na ccroidhibh ón chumhaidh:
    7] dá sheisi shuadh fhóid Uladh,
    8] truagh mar táid ar ttiormughadh.

  3. p.47

  4. 9] Ionand toirrsi dhamhsa is dóiph,
    10] Aodh Ruadh céd-damhna ar cciachbhróin,
    11] Rughroidhe Cabha dár ccrádh,
    12] mana turbhuidhe a thérnádh.
  5. 13] Tréd bhocht gan aodhaire inn.
    14] Cathbharr, cend einigh Éiriond,
    15] fá líg thrá, ga truaighe dál,
    16] atá uainde san Eadáill.
  6. 17] San Eadáill na n-eas dtana,
    18] ionand is ég Nualadha,
    19] atá géis chnómhoighe Chuinn,
    20] cróluighe dhá héis oruinn.
  7. 21] Nualaidh dhuaislíonmhar, dóigh cháigh,
    22] mairfidh go laithe an luanbhráith,
    23] tosach garma chrú gCriomhthain,
    24] clú a hanma idir Eiriondchaibh.
  8. 25] Do beanadh dhínn, dia do chor,
    26] abhus ar tús, tuar cumhadh,
    27] súil mhallghlas dar chreite a ccath,
    28] Maghnas eite na uUlltach.
  9. 29] Ar Mhaghnas mac Ó Dhomhnoill,
    30] a ccrích Uisnigh iobhardhuind,
    31] cuire a chomhaoisi nír chinn,
    32] ro-Naoisi fola Feidhlim.
  10. 33] Ceithre héigneadha ón Bhóinn bhrais,
    34] ceithre mic d'Aodh mac Maghnais,
    35] cuan dreagan nár dháil a rún,
    36] dháibh nír bh'eagal acht iomthn'údh.
  11. 37] Ní faicfidhear, foirbhthe an béd,
    38] lorg a ccraoitheadh ná a ccroimsdéd
    39] fán Eithne, fán Máigh mallfhuair,
    40] ceithre cráidh an Chonallshluaigh.

  12. p.48

  13. 41] Seabhaic uaisli Innsi Fáil,
    42] ceithre creacha chnuic Chruacháin,
    43] ceithre troimchreacha Teamhra
    44] na doindchleatha doigheardha.
  14. 45] Iongnadh Máire do mharthain,
    46] 'sna haibhne nach ionarthroigh,
    47] as fiodhbhaidh chríon chraoi Uisnigh
    48] do shíor ag caoi an cheathrair-sin.
  15. 49] Ní filltear fiodhradh abhla
    50] le hubhlaibh feadh fionn-Bhanbha,
    51] ná fiodhradh chaillghég le cnoibh,
    52] iongnadh Mairgrég do mharthain.
  16. 53] Ní hí Mairgrég ná Máire
    54] chaoinim, is cúis diombáighe,
    55] acht an cor-sa ar cró na bhFionn,
    56] mó sa mhó osna Éiriond.
  17. 57] A gceithre dearbhbhráithre ar ndol,
    58] Máire is Mairgrég mhúir Chruachan,
    59] cosg ag dol do shíor ar shuan,
    60] a ccor fa ríor is rothruagh.