Corpus of Electronic Texts Edition
Duanta Fearghal Óg Mhic an Bhaird (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)
Poem 3
Slán agaibh, a fhiora Mumhan
Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
- 1] Slán agaibh, a fhiora Mumhan,
2] meanma fhuirigh ní fhuil fúm:
3] do-ghéan an uairse ar fhiadh nOiligh,
4] triall uaibhse gé doiligh dhún.
p.45
- 5] (Mo shlán agaibh) re hucht m'eachtra,
6] ós éigean damh dul budh thuaidh:
7] re dul go Doire, is dál abaigh,
8] slán ó chroidhe agaibh uaim.
- 9] Fiora Mumhan na múr sochraidh,
10] sluagh síthe ag nach saoghlach fíon,
11] laoich danab dual dál a mbleidheadh,
12] slán uam ag gach deighfhear dhíobh.
- 13] Tearc tír badh cuirthe 'na coimeas,
14] clár Mumhan is míne gné,
15] uaidh ó tám ag clódh don chúigeadh,
16] gan slán d'ól ní fhúigeabh é.
- 17] Ó táim ag triall go Tír Conaill
18] críoch mic Maicniadh na múr dtais,
19] slán don tír fhionnbhothaigh ealaigh
20] mhín tiormshrothaigh greaghaigh glais.
- 21] Slán dá dúintibh is díol seirce,
22] slán dá haibhnibh nách ard nglóir:
23] meinic dámh uaidhe gan easbaidh,
24] slán uainne dá heasgraibh óir.
- 25] 'Na mbothaibh do bhínn im luighe,
26] mo lucht cumainn, cead a luadh;
27] trágh ar a n-inntleacht ní fhaca,
28] slán ré n-imtheacht aca uam.
p.46
- 29] Beireadh Peadar is Pól easbal
30] d'fhéachain nimhe na naoi ngrádh
31] bíd tar cheart ag labhradh linne
32] tar neart m'fhaghladh sinne slán.
p.46