Corpus of Electronic Texts Edition
Duanta Fearghal Óg Mhic an Bhaird (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)

p.37

Poem 1

Beannacht siar uaim go hÉirinn

Fearghal Og Mac an Bhaird cct.
  1. 1] Beannacht siar uaim go hÉirinn,
    2] críoch mín sleachta saoir-Fhéilim:
    3] buime ar n-oileamhna is í soin,
    4] ní doidhealbha í ar fhéchoin.
  2. 5] Siar ó Albain na n-eas mbinn
    6] beannacht uaimse go hÉirinn:
    7] críoch bhreicmhín as mhín moighe,
    8] seintír mar thír tarngoire.

  3. p.38

  4. 9] Beannacht go baile Phádruig,
    10] Ard Macha an mhúir mhíonfhádbhuig,
    11] 'sgo ríoghDhoire na sreabh seang,
    12] treabh as líonmhaire léigheann.
  5. 13] Lé díoghrais go Dún na nGall
    14] beannacht nó dhó arís romham:
    15] sí shaoilim do fhóir mh'aicme,
    16] róimh aoibhinn ar n-adhlaicne.
  6. 17] Beannacht go hEas rámhach Ruaidh,
    18] go sruth Sligigh 's go seanMhuaidh:
    19] buaidh tar gach n-innbhear aige,
    20] 's go cuan mbinngheal mBuannaide.
  7. 21] Beannacht go Loch Éirne uaim,
    22] 's go Loch Gile an fhóid ionfhuair,
    23] 's go Loch ngeal bhfíonmhar bhFeabhail
    24] na sreabh bhfíorghlan bhfoithreamhail.
  8. 25] Beannacht chuca ceann a gceann
    26] go hinnbhearaibh fhóid Éireann:
    27] folchuid siad tráigh le toradh,
    28] ní cáir gan iad d'adhmholadh.
  9. 29] Mo bheannacht ós aird uile
    30] go hUlltaibh acht aonduine:
    31] caor slóigh as neambocht aniogh,
    32] mo bheannacht is dóibh dlighthior.
  10. 33] Beannacht chuca, ní cúis nár,
    34] idir fhear is mhnaoi is mhacámh:
    35] laoich fhearchonta as fhíorghlan smacht,
    36] ríoghradh chleathchorcra Chonnacht.
  11. 37] Beannacht uaim 's ní hiongnadh dhamh,
    38] go sluagh mórdhuasach Mumhan:
    39] críoch a riaghla is nár anois,
    40] acht amháin iarla an Fhorghais.
  12. 41] Bhós muna bheidís Dubhghoill
    42] san Mhidhe thais thobarmhoill,
    43] tiar ní dhingninn a ndearmod,
    44] an fhinnshlim fhial oirearbhog.

  13. p.39

  14. 45] Sluagh Laighean nach beag bronnadh,
    46] siad fós gion go bhfacamar,
    47] laoich uaisle go n-ágh n-oinigh,
    48] slán uaimse dá n-ionnsoighidh.
  15. 49] Tréd geildearg na ngruadh gcorcra,
    50] beannacht do dhruim dúthrochta
    60] an drong ógnáir fhuair gach geall,
    70] uaim go hógmhnáibh na hÉireann.
  16. 71] Ó chroidhe tar fiadh bhfuinidh
    72] beannacht uaim dá n-ionnsuighidh,
    73] lucht dénta na nduan molta,
    74] sluagh brégtha gach bantrochta.
  17. 75] A ndearmad dúinn ní dleaghair,
    76] lucht sgaoilte gég ngeinealaigh,
    77] tearc file dá rádh reampa,
    78] grádh mo chridhe an chuideachta.
  18. 79] Lucht fóirthe cneadh gan chairde,
    80] beannacht siar tar seanfhairge
    81] ón chrích chuirr fhínfhleadhaigh fhinn
    82] go ríghleaghaibh Fhuinn Fhéilim.
  19. 83] Ar mbeannacht do thaobh thoile
    84] go cléirchibh Fhóid Iughoine,
    85] drong shéimhidhe nach borb mbreath,
    86] an t-ord céillidhe cráibhtheach.
  20. 87] Beannacht róm, ní rún folaigh,
    88] go lucht an cheóil charthonaigh,
    89] tearc fáidhfhile as fearr fá a bhfuair,
    90] 's go háiridhe a gceann Chiothruaidh.
  21. 91] Tar éis gach druinge dhíobh soin
    92] beannacht gus an óigh n-arsoidh,
    93] dán céile Cormac ua Cuinn,
    94] Éire na ndonnbhrat ndíoghuinn.
  22. 95] Gorm fallán fér na hinnse,
    96] dlúith a coillte cnóimhillse,
    97] cnuas toghtha is iomdha orra,
    98] tolcha tiorma taobhchorra.

  23. p.40

  24. 99] Triall uaithe as adhbhar doghra,
    100] snoighthe a cúirte clárghorma,
    101] grádh fíre aca uaimse,
    102] míne a slata saoruaisle.
  25. 103] A fágbháil is fáth maoithe,
    104] binn foghar a fannghaoithe,
    105] an ghormBhanbha fá bhfill fiodh,
    106] 's is binn orlabhra a haibhniodh.
  26. 107] Labhra a hén gclúimhgheal gcorcra
    108] ní beag do cheól chodolta:
    109] gan mé aniogh san mhín mhaighrigh!
    110] mo chion don tír thobairghil.
  27. 111] Mag Aonghusa nár dhiúlt dán,
    112] céd beannacht uaim tré fhíorghrádh
    113] dá mhíonbhais is dá ghruadh gheal,
    114] dual an díoghrais fa dheireadh.
  28. 115] A bhille atá ag triall tar tuinn
    116] go feart Chuinn Ó Ruairc romhuinn,
    117] a shamhail níor chein a gcorp,
    118] tabhair is beir mo bheannocht.
  29. 119] Fear cumainn do char meise
    120] Peadar mo chnú chridheise,
    121] dlighthear dhúin dul ina ucht
    122] do shúil re brugh na mbeannocht.
  30. Beannocht.


    p.41