Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Clanranald (Author: Unknown)

section 34

Cnoc an Air

    1. Cnoc anáir an cnócsa síar, go lá na braith bíd da ghairm
      a Phádruig na mbachall mbán, ni gan fáth tugadh an tainm.
    2. Innis masa cumhain leat, aúa Chubhaill nach beg brón
      abair biadh mo bhennacht let, scél fíre sna can gó.
    3. As trúagh an ni rér an mé, a m(h)ic Albruinn nar ér nech
      an sgél ro fhiathfroig(h)is diom, innsim ar sgáth riogh na mbreth.
    4. La da ndechaidh Fionn na bhflegh, is Fian(n) Eirenn na ngredh seng
      ar an chnocsa líon an slóigh, nior begal doibh techt re accenn.
    5. En bhen do baille no grían, do chí an Fhian(n) ag techt san leírg
      do mhac Cumhuil(l) (innsim dhuit), benncuis rioghain an bhruit dheirg.
    6. Cia tú arioghain ar Fionn féin, is ferr meinn sis aille dealbh
      fuaim do ghotha is binne linn, na abfuil re seirm gion gur scarbh.
    7. Niamhan nuachrothach se mainm, inghen Doilbh mic Dólair fhinn
      airdriogh Grég, Mo M(h)allacht air, do ró me do thailc mhi tréin.
    8. Créd do bheir ga sechna tú, na ceil do ruin oirn anocht
      dul do c(h)omrag ar do sgáth, gabham do laimh ar do thocht
    9. An rí soin ga ttugas fúath, do róinn adubhghúal dom ghné
      cluas is urball is cenn cait, do bhi air, nior bhait an sgéimh
    10. Dimches an domhan fa thri, nior fhagbhas rí ann no flaith
      nar iarras acht sibhsi a Fhian, snior ghell triath manacal air.
    11. Ainigfed tú ainghen óg, rágh mac Cumhuill nar chlódh riamh
      no go ttuitfid ar da sgáth, na secht cathsa ata an Fhían.
    12. Ar an laimhsin ortsa a Fhinn, is gúais linn go dernuis brég
      an ti re teichim ab(h)fad, tuitfidh leis cath & céd.
    13. Na dein iomarbhaigh ás, afholt cas ar dhath anóir
      snach tainic áon láoch accéin, nach fuil san bhfein fer da chlódh.
    14. Is gerr go bfacamar uainn, rí fer ccaitcenn fa cruaidh lamh
      níor bheannuidh sníor umhlaigh d'Fhionn, sdo íarr cath tar chionn amhná.
    15. Téid dhéinn céd láoch na dháil, do bferr lamh an lathair gleó
      nochar thill nech díbh ar ais, gan tuitim le Tailg mhac Treóin.
    16. Iaruis Osgur ced ar Fhion, ger bholc linn e do lúagh
      dul do comhrag an láoich loinn mar do c(h)onnairc díth na slúagh.
    17. Do b(h)eirim ced dhuit ar Fionn, giodh olc liom do thuitim tríd;
      eiridh beir mo b(h)ennacht let, cuimhnidh do ghal is do g(h)niomh.

    18. p.306

    19. Fedh chóig oidhche fed 5 lá, do bhi an días sin nar thlath gleic
      gan bhiagh gan choladh ar dhí suain, gur thuit Tailc le buaidh me mhic
    20. Do léig sinn trí garrtha os aird, san chomhrag sin nar thlath gleic
      gair chaoinnte far thuit dar bfeinn, sda ghá(i)r mhaidhfe fa ég Thailc
    21. Niamhan núachroch mor an an béd mar do choinnaic med anáir
      ghabhasire an ghruadh derg ghlan, tuitis marbh le méd naire
    22. Bás an rioghna deis gach uilc, ase is mo do chuir ar chách
      ar an cnocsa des accliath, do bhaisd an Fhían cnoc anair.