Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Clanranald (Author: Unknown)

section 32

THE ANTRIM MACDONALDS, FROM THE BLACK BOOK

[MS. p. 178.]

Colla mhac Alusduir mic Eoin Cathanaigh & Giollesbuig na mhic aigesa & inghin mhic Uibhlin fa mathar dhó. Do mic ag Giolleasbag .i. Coll, trúir mic ag Coll eder é & ingen Raghnaill mhic Sémuis .i. Giollasbug & Raghnall & Alasduir; do thasban an tallasdor soin é fein go eafachtach la bun dóraig arís le comision rí Sérluis go hAlbin.

Raghnall Aranach mhic Somhuirl mhic Aluisduir mhic Eóin Cathani do fuair ceannus shliocht Eóin Mhoir .i. íarlla Antrom. Do ghabh cóir ar dhuithidh o rí Semus an seismeamh o bhun Bann go Corran laran obiit 1636. et sepultus Mergia.

Alluisdar mac Somhuirle bu duine crógh leagannta an gaisgech soin, go haithrigh naghi Sasganach & chlan Úibhlin. Do chúaidh do chugnamh le hinghin dherbhrar athar -i inghin duibh Shemuis an bhen do bhí ag Ó Domneil .i. Aógh mhac Maghnuis anaghuidh Shagsanach & do thuit se le caipdin Marmél le hamas oidhche & do beanadh cheann de ar chrannoig eabuir Locha Lapain. & do chuiredh go Baile Átha Cliath an cenn & do chuireadh achorp amainsdir Bheirt. Amuil adeir Brian Ó Ghnímh.


p.302

    1. Mionn súl Eirinn anath cliath
      mo ghrádh don bhel derg nar bháoth
      cenn go siodhshnúadh céim ós chách
      a ghnath fein ga mhíongruadh maoith.
    2. Da bhí dáirde anua na conn
      rí díbh Cairbre na ccuach seang
      ga roibhe cert chlár na bhfionn
      ós cionn cháigh gur clecht achenn.
    3. A bheith gan fhios nior bhaill leis
      a ghnáth gusa aniugh a nois
      ga chéibh mionmhaoth clannuir chais
      ga mhall suil ghlais ríoghlaoc rois.
    4. An mían búdh gnáth don ghel don
      aníugh anáth clíath ga chenn
      do be mían amhalach séang
      gan chenn dfhalach don fhial fionn.
    5. Cenn an fábhra dhosuidh dhlúith
      re frasaibh garbha re gáoith
      cíall mo mhí mheanma os cionn cháich
      mionn bhlaith an mionearla maoith.
    6. Fulang snechta ga fholt fíar
      do chlechtadh do chruth mar smúal
      aon chenn do boirrdherca ghníomh
      síon fhraoich tenn oighrenta fúar.
    7. Cenn anairde ar fhioghruibh croinn
      a airde ni hionghadh linn
      diol athógtha accaithir chuinn
      nior thuill taithir cromtha cinn.
    8. Um cenn ngel í fhiachadh úir
      ga mbianghadh teas & túagh
      minic braneoin ar fhud náigh
      go ttug dháibh glainfheoil a ghruaidh.
    9. Cenn Í Cholla ga ngáth geall
      do bfhath dó chora as accionn
      gur bhainidh dhoibh duaisli ann
      Uáisle gháll gur chóir fan cionn.
    10. Mionmhuine le adhhadh sháoir
      mionnbas le Galluibh na ghrúaidh
      fhiodh budh coill dag fhosgadh duinn
      le súil moill Alasdair úain.

    11. p.303

    12. Gnús nár go ndéd sliomglan séng
      sgél ionghnadh le cách ón chionn
      coill coiméda chríche Gall
      foighéga achlann bfíthe bfionn.
    13. Geall on rós ag grís aghrúadh
      an cenn fós mar do bhí slán
      gan chleith do bísen sdo bhíadh
      abheith riamh íseall nior bhaill.
    14. A ta uaim anáol múr128 ghall
      mo chen da chaomhchul chúachbhfionn
      bráighe rem breithsi na ccionn
      cenn an mhicsi Maire ar mionn.

      Mionn súl Eirinn anáth clíath

Do chuir an lóigshe díachabh ar Ghallabh cenn Alasdrann do thabhart núas
Clann Aonghus mhic Semuis mic Alusdran mic Eoinn Chathanaigh. Aós an tigerna 1607. an tan do milledh Giollasbuig Dubh mhic Aonghus mic Semuis san bhliaghain cethna do gabh mac Cailín tigernas chinn tíre, san bliadhain chethna do élóigh na hiarrluid a h-Eirinn. Aós n tigerna 1615. Fa fheil Bríd do brisdedh Dun Naomhoige & do gabhadh Aonghus Óg mhac Aonghus mic Semuis le tigerna Chaladtran & do crochadh é Dun Edun. De eloíg Sémus Óg mac Aonghus mhi Sémuis a Dún Eídean le Alasdair mhac Ragnaill mhic Domhnuil ghlais, Theasda Semus Óg mhac Aonghus mic Semuis an Lunduin. Do bhí ar fógra dhó 4 bliagan roimh soin, do chuir an Rí íarri air.

Triuir mac ag Giolla Esbag Dubh mac Aonghus mic Sémuis, edhón, Eóin & Huisduinn & Giollesbag. Clann inghen Aonghus mic Sémuis, Máire do bhí pósta ag Domhnall mha Ailin tigerna clainn Ragnall mathair Eóin mhúideortuidh & Margrét Óg do bhí ag Ragnall mha Ailin mathair Ragnaill Óig & clainne eile & Anabla do bhí posta ar tigerna na learg cheinntír.

Alasduir mhac Ghiolla Easbuig mic Eoin mic Alasduir mic Domnaill mic Alasdair mic Ragnaill Bháin a quo sliocht Ragnaill Ragnaill Bháin mic Eóin Mhóir mic Eóin mic Aónghus Óig.

Sliocht Eoin Mhóir mic Eóin mic Aonghus Óig. Do be an t-Aonghusa mhac Sémuis tigerna 'lle & Cheínntíre & Diuráigh, Ghiodháigh, Colbansainnsaig & na seacht ttuath Glinneach a n-Eirinn. Eoin Cathanach mac Eoin mic Domnaill Ballaigh mic Eóin Mhóir & dhías mac .i. Eóin Óg & Domhnall Ballach Óg Do ghabhall le feill le mac Ceaain a n-oilen Fionn lagan a níle & do croch an Dun Edan íad. Alasdair mhac Eoin Chathanuidh an mac Domnaill fa dheiredh do bhí don tsliocht soin.


p.304

Cuigear mac do bhí ag Alasduir mhic Eóin Chathanuigh a negnuis Dhomnaill Bhallaigh do bhí dall. Triúr dhiobh so do dhul slúagh mhór gheirinn .i. Semus & Aonghus Uabhrech & Somharle, go ndearnadh longhphort leo an glenn seisg sna glinnibh. Ó Neill .i. Seaan mhac Chuinn Bhacuidh mic Cuinn mic Eínri mic Eóghan do thabhairt amais longphort orra & Aonghus Uabhrech do mharbhadh ann. Semus do gabhail buailte ann & do ég Dún Dheanainn & do cuiradh a n-Airdmach. Somhairle ar mbeith fada ar laimh dhó do leigedh as é & do phós Maire inghen Chuinn Bhacuidh.

Colla mhac Alasduir mic Eoin Chathainuigh an treas mac fa sein dhíobh do rug an Rút as lamhuibh chloinn Uibhlin do ég an Dún ipsi. & do eisin do gab Somuirle tighernas an Rút.