Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Clanranald (Author: Unknown)

section 27

Fregra ar Eoghan Ó Donnoile

    1. Nar lém choisnes tu clu Chuinn
      léd dhán amic Í Dhonnuill
      ag áiremh chaithrem is chrech
      nar ghabh tu an taithger direch.
    2. Mar taoi gan eagal roimh thuaigh
      acht o Chonall on Craobhruaigh
      is truagh gan tu aneamhuinmhach
      mar aon re Conall Cernach.
    3. As maith an tiupanach
      bi binn no gheibhir michlu
      mas suain is cóir do chlechtadh
      do sluagh ar chionn chais mbertadh.
    4. Muna coisnir an lamh dherg
      na chuir an mhuc san sróilmheirg
      acht tomhuil a tarr astech
      mar srumuil Conall Cernach.
    5. Ni derbhadh let ar laimh dheirg
      dán direch Taodg I Huiginn
      sgo cuirfet anaon chethram cám
      nach cuirfedh Táodhg sa leathrann.

    6. p.298

    7. Puirt nar sinneadh ar píb ríamh
      ruathar Conuill aním chían
      ge do dherbh a lamh sa lann
      nior leanbh ar sál na saorchlann.
    8. Gan áthas an rioghfhuil róigh
      más tu a déradh do begcóir
      an déigh tána bo Cuailgne
      iomdha anágha aniomruaga.
    9. Nar léigh tu cath Ros na Riogh
      cu na cértcha124 a chosgarghriomh
      Concubhar Ferghus na bfecht
      na morchlann Ir a neinfheacht125.
    10. Cath eduir libh na linnibh
      caithreim Chongail Chláirinigh
      no foghuil Ferguis amach
      na toghail Temrach luachrach.
    11. Clesa lúigha Choin Chuluinn
      troid nar bhobuir ionfhuluing
      e ar áth onach fhacais
      trúagh o chách nach cúaladhas.
    12. Baile afuair Fer día a ghuin
      mac nosa is Fraoch mc Fiodhaigh
      da mbetha ar muinntir Meidhbe
      do chluinnti anuirsgéla.
    13. A mhic Semuis go noige óig
      duit o nach léis na lom róid
      biadh ábhráin róimh mar roghain
      ni glór abhloir ealadhain.
    14. Dod mhaoidhemh ar mac an bháird
      a hucht eólais gan aon áird
      na buail bos re bel filidh
      do dhuain chros go ccoiridhir.
    15. Crét fa sloinnter do sliocht Ír
      cath Chuinn a ccnocha chlaidhmhín
      nert sluaigh an chródha chreachadh
      córa a luaígh re Laighnechibh.
    16. Ar thuit ar Magh Léna leis
      guidhim dia riut is innis
      bha sech do sliocht Éimhir fhinn
      ar an leith a deas d'Eirinn.

    17. p.299

    18. Na déin dearmad do chlonn Ír
      a ccath Midhe ar a mhoirghníomh
      gur thuit mac máil go mhaithibh
      do laimh ar Ccuinn chéd chathuigh.
    19. Mur ata uait ar iarruidh
      gabhail sliocht Neill Naoighialluigh
      ar Emuin anfhuinn sgathuidh
      an deghaidh Chuinn chéd chathuigh.
    20. An lamh dherg ni chóir diárruígh
      do riogfhuil Neill Naoighialluigh
      budh córa na naoi nglasa
      do chorúgh na ármusa.
    21. Giall Breatnach borb is Phicech
      geill Sagsan umhla Albanach
      do ghabh Niall an toigfher tenn
      is giall choig ccoigedh Eirenn.
    22. An lámhsa chloinne Colla
      fuair doibh iomad urrama
      do chuir an choróin ma ccenn
      maille ré honoir Eirenn.
    23. A shliocht Neill mhoir mic Eochach
      sa shiol Chonaill chruaidh chreachaigh
      ni hédail ar laimhne dhuibh
      dána an égcóir a hiaruigh.
    24. Ni mairenn Mac Conmhidhe
      d' Ua Neill mhacha a meirtine
      rug leónadh ar sgéla ar sgol
      méla is cogan na ughdar
    25. Lucht ealadhna aicme Neill
      nar diunnarbadh a h-Eirinn
      mac I Donnuil diol gáire126
      na ollamh riogh ro naire.

      Nar leam

Niall mac Muiredhuigh127


p.300