- Labhradh trían chonguil go ciuin
na biodh anesbhadh fhiriuil
da n-éirigh fraoch ghoimh na bfer
do laochruigh ghle mhir Ghaoidheal.- A fhir thagras on treibhsi
mun ab ar mían maileisi
na hiarr senchairt chru choll
nar nemhpailt clu comhlonna.- Agair gach onoir oile
as dlecht do reimh rúghruidhe
giodhedh léig dhi a dhuine
a mbi nar mbréid mbratuighe.- Innis go réigh gach robháigh
na hiomráigh ar iomarbhaigh
léig feasda thoradh ga túr
ni cniosda anfhaluidh dfhadugh.- Fíor go raibh le brígh mbuaighe
ag curadhuibh Craobhruaighe
a nágh budh docra a diumghuidh
lamh chorcra san caithiorghuil.- Da éis do thraothsad an tréin
sliocht uaibhrech Eochach Duibhléin
fuil Ír da ttreine an treasadh
bhan tír Eire anuiresbhadh.- Tug triath dfuil Ír sna Colla
mar tá roinn san rí rolla
le recht ratha dfior oile
secht ccatha seal sechtmuine.- Nach cual adhuis do ghuin gha
gur thuit Fearghus afodha
ger ghárbh achlann san chogadh
bhúdh márbh ann do fhanadar.- Do gabhadh buaidh is bratach
fola hÍr go himertach
sdo bhí ri orrthuibh re headh
dona ttri Colluibh> cneasgheal.
- Lamh anúacht datha dheirg
cuirid annsoin san sroilmhéirg
do shior go chaithghreis do chur
más fior aithris na nughdar- An lámh ga lenmuin linne
magh aill fios na firinne
míle bliaghain le bróin chéd
ríaghail is coir ar choimhéd.- Lenuighsi an leómhan buighe
a neinig úaine óirthuighe
san léirg le buagha a pughair
méirg do chuala ag Conchubhar.- A maighin Moighe Ratha
an la churrtha an chruadhchatha
ga seoladh don chuire chas
budh leomhan uile anármhus.- Suaithenntas bur congail chlaoin
gona aleomhan na leath taoibh
nach derbhadh Flann ga rágh ribh
nár dealbhadh lámh ann idir.- Dar lem is leomhan sní lámh
ármus shíl Ír sgc aon ágh
maith an fhíadhain Flann file
go ríaghuil rann rithfimne.- Tuigim an tagrann Taodhg Dall
Ibh Eathach Duibhlén dearbhám
ge be leighfedh a lorg linn
ni shénfagh ord Í Uiginn.- Mar sin léigther linne an lámh
anúachtar in gach aón ágh
sgan a buain dín le deabhadh
dfuil Ír & Eiremhóin.- Le do chosain Colla Úais
urmhor Uladh dál degh chruais
do roinert a chleth sa chor
& leth oirecht Alban.- Bratach barannta ar mbruighne
lamh búdh séla ag somhairle
lér gabh daghfhonn na ndrochghall
go glan sferann Fionnlochlann.
- An lámh chédna ag cloinn Domhnaill
riu gan en dréam ion chomhluinn
anuair anfuigh ar fhoghluibh
fuair Manchidh is Mathghamhnuigh.- Leam is chumhain sni cian uagh
an lámhsa ag brisdedh borbshluagh
do gasruidh ba mhagh monuigh
gal cosmhuil rer ccnrndhaibh.- Oram ni bherar baire
sesbhuim sealbh na láochlaimhe
o bhéd tuaighe da truime
le méd buaighe ar mbratuidhe.- A fir thriallas don tír shíar
uaimsi giodh urchuir imchían
beir na gaoisin ar nglac rann
go mac Laoisidh mar labhrám.Labh