Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Clanranald (Author: Unknown)

section 25

Freagra air in dansa an só ó Eógan O Dhonnaoile

    1. ir an sgealsa tiacht do tigh
      chluinmid uáid amhic Láoisig
      tagra na laimhe nach doibh o chert
      do Chlannaibh Róigh na robhert
    2. Tairing do thuath stop do bhél
      munab thú Conall na narm rogher
      ler mían fir Éirin uile
      do chuir air en ghad guallanna
    3. Tri téad is laige táin
      do chím alar do thiompáin
      beag ambrígh searbh an gloir
      ni dearbhadh ar in laimh laimhoir
    4. Muc dha tho cé mór a meas
      níor churtha ris in laimh accoimhmes
      armus corma an torc fa mear
      armus troda an bhás bharrgeal
    5. Dearbhadh eile bheir tu asteach
      lamh dherg Eirinn i Beathach
      iomdha focal aderid cách
      nach bhfagthar sgriptuir do chomdach
    6. File fallsa do ghrádh séad
      do roinn an rann lan bhréag
      nil aoinfer ar in sgelsa leis
      ni shaorfinn e air ainbhfeas.
    7. An treas puirt ta ar do phibh
      dergruathar Chonaill Chearnáoi
      níor sin an lamhsa linn
      sgan ann acht finsgel fabhuill.
    8. Creidim go ttug an ruarthar tenn
      dar chuir lén ar bhferaibh Éirinn
      sní chreidim go brath gur rad
      2 mhíle cenn air aonghad.

    9. p.294

    10. Dirim fós sas derbtha linn
      nach bfhagthar a sgeal no sgríbhinn
      dha míle mac ríogh go mbhúadh
      do beith a neirinn anenuair
    11. Ni dhérn sibh dechtaibh a riamh
      acht derg ruathar Chonall ni dermad chiall
      as nar áonghniomh go mhet suilt122
      beith do thsíor mhaoidheamh a dhermaid.
    12. Mas fásgadh fóla as glacaibh curadh
      dherbhas an lamhsa dho ndleghar uirim
      fech cia dhinn is lía do thúm
      alamh abhfolaib eachtruinn
    13. Feach Conn accnuca na ccladh
      in ar lía fuil da fásgadh
      íomdha méirge in ar thúm alámh
      ni bfuil an sgelsa air seachran.
    14. Ar thuit do mhacaibh ríogh leis
      ar Magh Lena fa gaibhtec greis
      da ccuirtháoi anénghad ar Chónn
      sair do bhíadh an tualach taobhthrom.
    15. Cáth chasglinne as cath chuimair
      ina catha do cuireadh ar Loch Feabhail
      aig easrúadh ar Lochlann lír
      ca roibh bhur lamhsa an la sin?
    16. Sna cathaibh do cuireadh linn
      aig cosnamh crích hEirinn
      iomdha gealghlac fa corcra gné
      do mherclannaibh nertmhar náomhneil.
    17. Ag tagra ríom ni beit dhuit
      ní mé píobuire anenphuirt
      iomdha eacht 2ar buidheach baibh
      dherbhas gur linn an rígh laimh.
    18. Stad a Dhearmaid na tagair nios mó
      ni fheider an sgealsa daithcheó
      ni leat an lam as aille dréach
      le hardradh Eirinn an bhratach.

      Tairing.

123


p.295