Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Clanranald (Author: Unknown)

section 24

113

Diarmuid mac Laoisigh Mic an Bhaird cecinit

    1. A Chormuic cuimhnigh an chóir
      na ben dfuil ír anonóir
      ni hí an choir égára is fherr
      ni dóigh édala an fhoirenn.
    2. Na rioth do reir do thoile
      na car114 sechran siorraidhe
      na heirghe an guais nach dlecht duit
      na gluais tar chert a Chormuic.
    3. Ni cás do nech ni do rágh
      gan derbhadh súadh na senn dán
      bheith go brach gan luagh leabhar
      más duál chách chreidemhuin.
    4. Léigsi dhí mar gach duine
      armas fhreimh Rughruighe
      na saoil gur libh an lamh dherg
      na sir acht rágh na ri115 lérg.
    5. Muc dá hógh116 oighrecht oile
      cían go naicme dáirighe
      no cha dílsi dhaibh no117 an lám
      san chrichsi fáil ar fadágh.
    6. Na hiarr a Chormaic díbh chuinn
      an lámh le fúadach feruinn
      ashealbh na sirsi mar sin
      mas dearbh libhsi na leabhair
    7. Féchidh an leabhar Ulltach
      sgriobhadh118 na sgél nionganntach

      p.292

      a Chormuic ni dleaghar dul
      tar leabhar oirdheirc Uladh
    8. Sean dán fíre ar a bfuil dath
      lámh dhérg Eirenn í bheathach
      do rinn an toide glan grinn
      na ben re hoige119 í Huiginn
    9. A nesbhuigh airgid na óir
      do bhi sunn ar siol sén róigh
      díol na laime tar chenn cruidh
      aneng do baille an Ulltuibh.
    10. Caidhe an tí thráth da cennach
      rug uainn í ar aitherrach
      cia dhinne do dhiol aneng
      as gniomh fíre go foircenn
    11. Cia do chách nach cúala sin
      derg ruathar Chonnuill Chernuidh
      cinn cháigh do chur ar an ghad
      ni dóigh a dhul ar dermad120.
    12. Go hoighadh Eirc mhic Cairbre
      air ccur air gach áon airde
      nior hionladh alamh leis
      gur bhiongnadh dála an dualghais.
    13. Dar thum abhos san bhratach
      do chach nior bham anacail
      aig filleadh na laimh leis
      nir milleadh aille an armais
    14. Fagbadh Conall tuar treise
      lorg amhear san meirgse
      gur121 oighreacht ga thsíol o shoin
      le fornert gniom as gaisgadh
    15. Ta on ló sin a leith
      aig siol IR déis acheile
      sealbh na laimhe os doibh dhleaghair
      tar fheraibh aille Érinn
    16. Ge be duine deradh riom
      go mbhíadh con (?) dainbhios orom
      nach fior uaim araidhim rúibh
      Saithim mo thúath attalmhuin

    17. p.293

    18. Bhan tsheilbh dhibhsi nach dleghthar
      do ttairgthadh dfheilioghagh
      gion go bfuil Éire an dan, dhuit
      ar slán fa chéile a Chormaic.