Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Clanranald (Author: Unknown)

section 23

Niall Mór Mc Mhuiredhaigh cecinit

    1. Soruidh slán do noidhche anréir
      fada geir a dol ar cúl
      da ngealltaoi mo cor accroich
      is truagh nach í anocht a tús
    2. Ata dias is tighsi anocht
      nach ceilenn an rosg an rún
      ge nach fuilid bel ar bhel
      is gerr geir silleadh an súl
    3. S truagh an cuibhreach do ni an chiall
      ar silleadh siubhlach na súl
      ni feirde an tosd do ni an bél
      sgél do ní an rosg ar an rún
    4. Nocha leigid lucht na mbrég
      smid as mo bhel a rosg mall
      tuig an ní adeir mo shúil
      & tú san chúil úd thall

    5. p.291

    6. Cum aguin a noidhche anocht
      truagh gan í mar so go brách
      na leig an mhaiden a stech
      eiridh scuir amach an la.
    7. Uch amhuire abhuime an tseing
      os tu cenn ar ar cceill
      tarruigh & gabh mo lámh
      soruidh slán do noidhche areir.