Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Clanranald (Author: Unknown)
section 22
112Cathal
- Deacuir techt on galar ghráidh
an galar dom chur fa chiaidh
ni he an galur gan ghuin mbróin
galar nach fóir luibh no liaigh
- Galur gráidh is galar dhamh
an galur go brách nar mbun
p.290
am chroidhe do choidh asteg
cnedh thoile ler dhoigh mo dhul
- Mile fáobhar gráidh dom ghuin
baoghal mar atáim on toil
ni fhéidir techt saor mar sin
sneimh on toil san taobh astoig.
- Tonn tseirce na tuile trinn
tuile le mbéirter ar mbuaigh
tug soin ar snoidhe go cnáimh
doigh ghraidh am chroidh do chúaidh
- Misi do thuitim do taoib
cioth fa fuil da chur a cceill
ni fuil cabhair an dán duinn
mo ghradh rúin gar foguil féin
- An rioghain nach miodh do mhnaoi
mo shearc ar na lionadh lé
an coimhdhe ga cor a gclí
ca ní is doilghe dhamh a dhé
Decair techt on galar ghráidh