Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Clanranald (Author: Unknown)

section 15

[The Arming and Army of John, Earl of Ross, Lord of the Isles].

As ainnsin tangadar na hármainn ghlioca ghloirfhithe dhlúth- fhoclach dheghcomhairleach uaisle adhbhal oirdherch échtbhéogha ardaigenntach orarmach Fhionnghall .i. clanna suaithennta sénamhal sróilmheirgech gasda gairgbheogha Giolla Eoin agus maicne


p.260

mhileannta mhear Chalma Mhic Eaáin gona naicmedhuibh dísle degh oinidh an timceall an an tigher do thegasg an trenfhatha & do chomairliughadh an chaith mhileadh .i. curaidh chlisde Chrannruadha & buighni beógha brioghmhora bratchorcra & oirechta aibhle fhosgardha fhiochmhora airdmhenmnacha & dronga dathaille dásachtacha dionionnsuighec dúrchroidhech danardha deghsluaigh & iad na ccathibh coirithe .i. clanna díomsacha drechsholus dath aluinn dásachta deghbhrethech dúasmhora Domhnuill & clanna réighe rathmhora ruaigmhera ro-dhána ribhrethacha Raghnuill & clanna ionnsoighech oirsgiathach Alasdair & clanna díona dúra dannardha deghfhuluing duibhshíthe & na fir lonna láidire lochlannach & clanna beógha brioghmhora bogbronnta dedla díoghaini doinnsgiathach Dubhghuill & clanna meghracha clíaracha catharmacha Cámsroin & clanna naimhdemhla neimhneca neitamhla neill. & clanna ferdha fuilecha fioruaisle Fionghuine & clanna garga gusmora gniomhechtmhora Guaire & clanna cróghdha cosnamhacha creachmhora calma curannta cuirmlionmhora coinnidh agus clanna mera-menmnc masgalacha morbhronntach Morguinn & catuigh na coimhidecht do rochtainn an ríoghfhlatha agus Clanna tréna tairbeogha toirtemhla tóigheasdalach an tóisaigh ina mbróin aghmhuir urrunnta an tiomchall an tigherna catánuigh na ccóiridhibh mír crúadhach da ccuradhuibh. Tangadar agcomhluadar na ccuradhsoin[middot] Iarrladh & ardfhlatha rioghradh & ridireadha taoisigh & tighernadh baróin & bó bhiatuidh go haoinionadh áirighe go Mc Oirdheirc Alasduir ar tionol & ar tiumsughadh don laochradh lionmhuir luathghairidhsin & don tochruid thréin thinnisnigh thorannbhuirb.

Ag so mar do ghabhusdasdar áird rígh gusmor gairgbheogha gniomhechtach gealármach Gaoidheal .i. an tiarrla aghmhor onconta aigmheil fhuilech urchairdisc71 airmgheir fiachmhuir ionnsaighech urrlamh athlamh urrunta. fhailghech oirnech orchloithmhech fhraochdha roiréidh ribhreithech amhail mar do ghabh earradh áigh & iorghuile uime re gac imresna .i. aleine caol chaomhghresach don tsról tana threabh luighe ar na huaim go hinntlechtach do mhnaibh uaisle is dinghenradh & do cuiredh ar an deghleinidhsin

Cotún síoda soinemhuil socair saidhbhir saoirghresach. alainn illbhreac iollánach eangach iallach usgarach go ndealbhuibh nen nallmhordha go craobhuibh óir orloisce go niomad gach nuile ghrés ar thaobhuibh an thaorchotúin. Do chuiredh ar an chotún-sin da choimhét ar chunntortuibh. Luithrech fharrsuing úrmhaillech edtrom fhallan iarrann chruaidh aluinn fhithe óir chiumsach liogtha lonnrach lochlannach do ghabh laoch aleitheidh séin luthrech


p.262

mar an luiridh sin ag Lugh Luthmhor lámhfhada an linnech an luirech sin. Do ghabh Eoin ahionnamhail uime a nainm a Naonathar da dhiden aniorghaluibh roimh armuibh a easgarad Et do cuiredh ar an gcathluirighsin crios cumhduighe cathbhuaghach coinnleach clach ghorm cumhachtach cúanda craobhach ceardamhal druimnech díoghuin degh chenguil ar na gheuamh don oirealtuin na imlibh ar eitealibh 72 Do chaith cérd achomhachta re dénamh an deighchríosa & do chuiredh ar a uachtar sin sgaball uinnleach óir chiumsach chomhnart chlochghorm choilerach bennach bhuaghach bhuclannach dluithmhín thairnech thaitnemhach óirtach iallach usgarach leaghadh súil ag sírfhéchain le taitan treansgabuill Et do toirbheóradh an tráth tochair don trein-mhileadh cennbheirt shocuir shenamhal bhennach bhuaghach bhecghamhuil ghealghorm ghasda ghraineamhal cuanna chiorchorr chraobhleagach rella aigh aniorghaluibh an mionn cumhtuigh clochghorm sin nar claoidhegh a ccomhlannuibh tig fraoch na fedhnachuibh re faicsin na feilme sin & táruigh ar taobh taitnemhach an treinfhirsin cloidhemh faobhrach forranach fada fiorchruaidh fulannach direch dreichmhín diasfada & e chomhnart cert coimhshinte mc an luin a leitheidsein do bhí ag Fionn an flaith-fheinnidh no colg oiguir áthasuigh accath oirdherc Fhionntragha no lann oile ahiontsamhuil do bhí ag coin na craobhruaighe ag nach séimhigh subhaltuidh no chloidhemh caomh cosgartach chonaill chernaigh cathbhuaghuidh ler cuiredh an dergruathar & ge hoirdheirc an anmanna tarrla ag Eóin anaonrogha & do ghabh fa na ghealghlacuibh álamhanna lainmhileadh go magh díon da dhernannuibh ar ndornchur ndéd noilfint re hanbhuain aniombuailte ag tuarguin na ttreinmhiledh & do ghabhasdair tuagh taobhghorm tanaighe édtrom bhelgher bhunannta diarann fhior-chruaidh aithleaghtha do bhí ag fomhoir feramhail ag barún na piaide ler brisedh le borbbuillibh an taoith ar na treinferuibh tarla anám na heas aonta an tuaghsa aga thigerna 73 ag mc Domhnuill deirlaicech

Air criochnughadh agcomairle & ar nollmhughadh anímreasna & ar neirghe da narmannuibh & ar tógmháil da ttegmhálibh tugadar go haontaghach le mc oirrdherc Alasduir le rí Fionn Ghall foirmata anaghaidh ar echtrannchuibh na naicmibh na niolbhuighnibh


p.264

na ndronguibh na ndiairmadhibh na ttaintibh na ttrom- sluaghuibh na ccathuibh na coirighibh na cciptibh na ceiteirnibh na ruagthuibh na ruagh chathuibh ni thainic re naghuidh shéin a duintibh na a daingnughibh a díamhribh no a droibhelibh a cuirtibh na a caithrechibh amargadh na morbhailtibh go bfuair an ri roibhretach gach ríar uma rabhasdar gurab da dearbhadh sin do chan an filedh na focuilsi

    1. Fior mo mholadh ar Mhc Domhnaill cur le gcengluim
      cur gach comhlann. croidhe leomhuin
      lamh nár tughadh. Guaire Gaoidheal
      aoinfher Uladh.Táth na Pobal
      rosg le rugadh. cosg na ccogadh
      Grian na nGaoidheal. gnúis í Cholla
      fa bhruach Banna. luath a longa
      cuilen confuigh. choisger foghla
      croidhe cunnla bile Banbha
      tir na tennal deirg na dheghaidh
      a bhert bunuidh techt go Temhair
      measgadh Midhe onchu Íle
      f reim na feile. trén gach tíre
      nior ér aoinfher no dáimh Doiligh
      craobh fhial oinigh ó fhiadh noilagh
      nior fhás uime acht rioghna is ríogha
      fuighle fíora fior mo moladh