Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Clanranald (Author: Unknown)

section 12

Cathal Mc Muiredhuigh ceciex>nitex> & [middot]

    1. Coir failte re fer do sgéil
      a fhir ttangus on tráigh
      sgela liom os iseal uaibh
      da ttiosadh muaill os cionn cháigh
    2. Binne na ceol crot do sgél
      aghilli gan lot gan león
      a taoi mar orgháin os fhíon
      mas comhrágh fíor do bhi ad bheol
    3. Rom feirde aneisdecht rem bhéo
      an sgelsin le attanag tú
      do mheaduigh cert lem gach lá
      tenn o ta mo nert a nú

    4. p.242

    5. Mo ghenar do riacht amriocht
      deisdecht réd bhriathruibh go becht
      od sgél sídh ni thagruim thort
      tribh a nocht caidlim go cert
    6. Fríth leat do nuaighidhecht náoi
      a buachuill is gasda gné
      séla ler cengladh mo chlí
      sgela on tí ler meadhradh
    7. Domhnall mac Eóin cúl na ccladh
      rún do sgeoil a gasda ghloin
      techt tar chúan iomlán do nfhior
      cion da iomrágh is dual damh
    8. A thecht slán go hárnadh óg
      fáth sin dom mhenain ar méd
      slat accoimhlios60 crann nach lub
      ag súd maoibhnes ann ghom ég
    9. Da fhéchain tiaghaim ar tús
      do riaghail ma ghébhaim gnás
      me am leím go chadremh gan chas
      scéim súas re maignemh ag fhás
    10. Do chim é ga fhosgladh súl
      an té ler bhronnadh mo bhriogh
      do ním tar muir daithne úaim
      a ghruaidh garrtha dfuil mar fhíon
    11. Créd nach naithninn achúl cas
      do dhul re mhaicne do mheas
      grádh troim inghen rioghna ó Ros
      bos mhiolla dhoinningnedh ndes
    12. Aithneocad féin briathra a bheoil
      san déd mar neiminn ar neimh
      nach nochtar go duilbhir dhuinn
      san tshuil shuilbhir sholta shéimh
    13. Aithnighimsi fhedh nurchair uaim
      an malagh gcert ccumpa gcaoil
      giolla saor re andecair dreim
      san taobh reigh mar eatail aoil
    14. Do aithneochuinn céim achos
      go hathlám ag leim na lios
      do bhrég croidhe na mbuadh mbras
      glas mo thoile uam gan fhios

    15. p.244

    16. Ua Domhnuill mo meisnech mhór
      mo sheisi comhlainn rém chúl
      mo shéd e da ngabham grádh
      mo re lán is mabhall úr
    17. Mo bile bugha fa mheas
      mo chridhisi an cuanna cas
      mc flatha airr foilghedh fes
      mo chrios catha an boinn gheal bras
    18. Ar nuisge tobuir nach tráigh
      ar nurra coguidh do chlód
      fáth ar mire ar muirn sháor
      ar cuirm daor ga hibhe a hór
    19. Mo chloidhemh mo chaoil shleagh chorr
      mo thogha Ghaoidheal is Ghall
      a ta ag taisgadh61 arún riúm
      smo mionn súl re fhaicsinn ann
    20. Sinn riamh re duthus ag dréim
      do nim as do dúracht dóigh
      mo nert ni cheilim ód chím
      tríbh do gheibhim ceart is cóir

      Coir failte re fer do sgeil