Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Clanranald (Author: Unknown)
section 10
Cathal Mc Muirigh do rinn so do
Domhnall mc Ailin
- Foraois éiges Innsi Gall
ni thréigter aninbhe is fherr
do bhreith aoidhed déis ar bhronn
léisi tar fhonn Ghaoidheal geall
- Mac Ailín on Tiorm Fhonn tuaidh
ni rairéidh a iodhlann áigh
tug tuairím ar tegh an Trír
sleagh shídh ar luaighill na láimh
- Títhe dearga o thrágh go tráigh
an láibh sealga a gcíghibh cuáin
mar búdh inntsechd é o eón
se le ceol ag imdhcht uaidh
p.226
- A lion fedhma ar ttchta a ttír
gach dérna ag donnadh abruaigh
do adaimh sníomh na nedh nóir
an fedh do chóidh ó chígh cuain
- Aithfer ag míleadh ar mhnaoi
munaicecht do dhiridh dhí
fáth nach guailledh dinghin é
imridh sé ar uairibh is í
- Síol Gcolla le agconfadh nglíadh
an dornchair ag donnadh lámh
cuma séla an recht ríogh
go techt do shíol Énna ó nágh
- Laoich chródha nach meallfa móid
treabhthadh na bóchna ar ambíd
íul doirche na tuinne a ttéid
bréid luinge ni thoirnfe thríd
- Clann Raghnaill ag triall sgach tír
da bfághlaim an grían gach gleóidh
síad ó iarruidh chen agcein
na mathuibh féin gan fher neóil
- Laoich dar conclann táin na Tráoi
um Dhomhnall san bháirce ambí
an ttiobhradh sin dfoghladh e
do fholuigh se treibh dha thí
- Nar beithe ag tégar threabh naoil
más férbhoith do thegh a ttráigh
gaoi ga bfighe ar faithche fúair
bur tige suain daithle anáigh
- Dámradh re doidheinmhe síoth
ag coimheirge o chlárnsgáoth
le gaoith bfeirge ós tféin ar áth
snáth ga bhéine ameirge máoth
- Treigther libh na leaptha clúimh
do thoil deachtra ar neimghedh sídh
sibh mar fher foghla go foill
do chóir cholbha na sreab sídh
- Siubhal mall ag eigni úadh
féige na gcall mar do chláon
snadhmthar leat an riaghal ríogh
lión re mbreac do chíabhibh craobh
p.228
- Smúal ro bhras dod ghormloinn ghéir
a Dhomhnaill fa dhoras dúin
ceilter ré os cholbha cúain
do chuaidh dé na foghla fúibh
- Gruaidhe aghnadh ionnta fein
re nguasacht nach gabhuidh dhiaigh
ni he sin do ghoir do ghruaidh
abfuair sibh do ghoil angliaidh
- Bró mhíledh do bhennuibh bhárc
um thiribh ag tabhair cúart
grís sluaigh na aghuidh munécht
ar ghabh crecht od tfoghuil fuacht55
- Rioghan ni reighidh a huaim
on díorma teighe re ataoibh
crú améruibh ar maighre sróil
do chóir ainnre ar ndenamh dhaoibh
- Ni brath síthe adheiredh dháibh
na críochtha o theine do théigh
berthaoi arís um cholbha cúain
a ghrís smuail bur foghla féin
- Síol Ailin is ésguigh náigh
eigin an raireir do rígh
teid ar faghluibh na iath fein
giall le bfeinn go hádhbhuigh nír
- Cláon o chnuas a bféigibh fiodh
giodh suas do éiridh antar
ceol o theduibh nior bferr dfhior
sriubh seang tre geguibh do ghabh
- Ferthain meala an tíre thúaigh
de rinne feacadh afeoir
o shin ar eitil ni éir
idh do cheir fa eitibh Eóin
- Ar dhénamh na mbogha bhias
gc geigfiodh ag dola an dlús
seóid abuinne na bharr súas
chnuas ar chall na thruime o thús
- Slat roireigh go ninneal náigh
mac Ailín thilleas gach tóir
dearbhadh feidhm i Earca an Uaimh
búain na healta as an fheilm oir
p.230
- Fios aignidh inghine ríogh
braiter ar siubhlaidh asul
ben bhias tar leat gan aluagh
grís a gruadh do reic arún
- Le loinn tana teighidh laimh
mar fheinnidh nach ana ag cóir
do ni sin ríghe da reimh
bein an linne as anidh óir
- Mna ler dhóigh athechta ttír
ar echtuibh do chóir an chúain
ben ag deilbh atigh attráigh
do chaidh an deilbh oighe uaidh
- Sgáoth donnlaoch dar aomh gach iul
le Domhnall san caob (?) a ttriall
crét fa mbéradh grís a gruaidh
sgís an chúan is denamh dhiagh
- Gur lionadh geimhil da ngliaid
nior dheileadh re diorma slóigh
giall biodhbhadh nar bennuidh dhaibh
iongnadh le mnaibh earruidh óir
- Triall oidhche ni locthair leo
ge madh dorcha o dortadh clá
soillsi an renn do chur agcrú
ni ferr le crú logha an lá
- Crét nach forrlann dfainnibh óir
Domhnall ngnaith mbeilt angliaidh
sleadh da cur asttegh an tóir
anedh óir ag dul na díaigh
- Go tabhach na mbreth fa mbíodh
ga nech le nochtar abháigh
teid amhér asdegh na taobh
slegh chaol í énna sa nágh
- Aoidhe brogha Anna sin Eóin
fuaidter abfochar an tsáil
cupla fogha re fedh slúaigh
tegh suain í logha na laimh
- Sgeith donna len dluthaid gliaidh
ar dhúthchas ó Colla is cóir
a gairm os na tiribh thúaidh
fuair an línibh anairm óir
p.232
- Guidhthe mathair de Dar ndíon
go lathair chuiridh sé slógh
lor méd amiorbhuile dunn
gég úr is priomh ghloine pór for
- Ionghen Aonghuis rosg mar réogh
le caolbhois do chosg gach cúan
do chuir sí tes in gach trágh
o mbí daimh sgc leas ga lúagh
- Lor dhísi do thuillemh tol
na chíche nach curra an tugh
ciabh naoidhe go nilmhét negh
tirmdhéd geal is caoine cur
- Fuil Chuinn do ghabhladh na gruaidh
na tuinn gan anfagh mar fhíon
lór don chleir do sgaoiledh sgél
aoinfhiodh afrémh san reim riogh
- Maire on chleir gan bernadh mblagh
ag leanmhuin don chré or chin
si fa mhelá uaidh ni fhuil
séla don tsuibh na gruaidh ghil