Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Clanranald (Author: Unknown)
section 9
ELEGIES AND EULOGIES OF THE RED BOOK
Marbhna Ailin & Raghnaill. Mc
Muiredhuigh esin &
- Alba gan díon an diaigh Ailín
oighrecht Ragnaill na rosg ngorm
mo chor ar nég an da fhersoin
crodh da mét nach esbhuidh orm
p.218
- Laoch ler cothuidhadh clár monuidh
mac Mairgréide ca mó béd
ni haghur lé díoth budh doilghe
giodh é crioch gach oighre ég
- Ailín ler coisnadh clár Fionnghall
fine Cholla fa chnes mín
go tainig bás oighre Ó Nechadh
nior chás oirne an dechaidh dhinn
- Ég Raghnaill as an reimh chétna
cennus Ghaoidheal do ghabh súd
fuair tre ég urruim gach aoinfhir
géig don choilligh fhaoilidh úd
- Caoinedh Raghnaill na renn ccorcra
cor mo chroidhe ni céim soirbh
ge be la is lugha da egnach
ata achumha a negcruth oirn
- Ni ferr fhuilim tar éis Ailin
oighadh Raghnuill ni roinn mhin
cinn ar slóigh ar cconchlann ccuradh
comhthrom bróin do bhunadh bhim
- Cumha na deisi dáil chomhthrom
cennach duinn ar dáil aséd
ni damhna dfhaigsin a hardmadh
gabhla gaisgidh Alban deg
- Tásg Raghnaill do rochtain inbhe
deis Ailín do boirdherc nós
do chaith aré rinn atesdha
truagh nach sinn do theasda ar tós
- Raghnall ar ndul an díaigh Ailín
dég einfhir ni fhuil mo sbéis
rainig atheisd tar ghniomh Ghaoidheal
ni ceisd diobh aoinfher da éis
- Ainbreath51 an bháis ni bert chothrom
ar Chloinn Colla nar ghabh geis
a ég is aoighre aneinecht
gég moirne gan leirecht leis.
- Can tar uaim re tucht mar eala
a ua Ruaighri na renn ngorm
mo mhuirn réd chois a dhed dhaith gheal
tég anois da aithfer orm
p.220
- Do theisd go brách biaidh ar cuimhni
conchlann teinigh ard an clú
tég na cháraid re hég Ailín
gég nach ráinig taibheim tú
- A cheinnbhile Chloinne Cobhadh
crioch bur naisdir anba an bét
an derrna sibh urra dargain
truma na sin Dalbuin tég
- Úir gan ioth a haithle aéga
oighrecht Raghnaill ni roinn mhion
mar táid ar ccroinn chno gan toradh
coill da ló folamh gach fiodh
- Tarrla ar an ghréin do ghlais cumhadh
nar chuir blath tre barruibh gég
ánfadh na síon ann ga niomláoid
griobh barr go nionnmaoid a ég
- Na áimser fa ghormfhonn Ghaoidheal
nior ghuth gort angeall re sín
go fuil da ég as a aithle
gur bhrég muir a tairthe ó thír
- Crioch Fhionnghall anaimsir Ailín
oirdherc do chách ancéim rug
fuair re ré treall da gach taradh
tar leam ni hé an talamh tug
- Foisgel agam ar Choin Cculuinn
sar Chathfadh Draoi diochra anlén
a cheinél ni fhuair gach aoinfher
deigheol úaim sgaoileadh asgél
- Cu Culann do chairdes Ulltach
Ollamh Temhra ar ar thuit brón
an tég ar aon ag a sgarr thain
nior fhét gáol Chathfuigh do chlodh
- Urchra an éigsi fa Choinchuluinn
crioch ambróin ni beg an cheisd
ni cumhan gedh cian o thámruigh52
curadh ríamh tarruigh a theisd
- Brón Chathfaidh nior chuirthe aniongnadh
doighedh na Con cnes mar thuinn
mar ta mét treisi mo thoirrsi
dég deisi don chlonnsi Chuinn
p.222
- Toirsi Chathfaidh fa Choinchuluinn
ga mhes rer ccor ni céim tnúith
urchra da gheig fheinneadh annla
enfher dég ni damhna dhuinn
- Samhuil anbhroin bhi ar Chathfaidh
crioch na chumhadh ler thuit sinn
teid a chumha tar cheill cumtha
sni lugha abpéin urchra inn
- Tar chumha cháigh do chuir Cathfadh
ceim tar gach bróin borb an grádh53
rán ag mar soin uainn afhulann
fuair fa Chon alann54 achrádh
- Nior bferr Cuchulann do Chathfadh
caidtreabh Raghnaill na rosg ngorm
nar muirn on chloinsi dfuil Fhiachadh
do chuir tuirrsi dfiachabh orm
- Cuchulann nar eitigh iomghuin
eiges Fodla fath gan bhréig
Cathfadh do chuaidh dég da orchra
geg mar sduaigh tholcha nior thréig
- Da mesda dhuinn tre dhioth einfhir
ég na deisi doirbh an lén
ni faghthar barr broin ar Chathfadh
am chóir re sgarrthain asgél
- Ni fhuil na ndiaigh dermad cumhadh
nar chuimhnigh dhuinn dáil asét
trom linn acclaisdin ga ccaoinedh
da rinn ghaisgedh Gaoidheal Greg
- Cuchulann feithfeoir na Fodla
feidhm oirrdheirc anuair do mhair
díon a threabh tar chach a ccliathaibh
do ghabh gach tráth dfhiachaibh air
- An Cúsin ag coimhét Alban
Ailín echtach anba anbéd
ag díon a hoinigh sa hardmhagh
gniomh doiligh d'Aban a ég
- Raghnall ar nég tar eis athar
aithris na con ga chnes seng
ag coimhét crioch Chlair na Gcolla
ni frith dhaibh orra budh fherr
p.224
- Eaghnamh Ailín mar Choin Cculann
cródhacht Raghnuill na ruaig ndíon
barr ar bás gach fhir a oighre
ag sin cás is doilge dhiobh
- Mairigh go brach búan a chuimhne
cumha a charad gedh ceim doirbh
deg an da fersain dfuil Eimhr
ni chuir easbhadh einfher oirn
- Tarras a Raghnuill rinn cumhadh
dod chomann a chnes mar bhláth
crioch ar aclódh nir chuir murchra
ni fhuil acht bron cumpta ar chách
- Beo blagh an aithle gach aoinfhir
a Ailin nar iongaimh ngliaidh
ge fíor tég is tu nach tesda
fech do chlú budh deasda ad dhiaigh
- Lión catha na chaidtreabh teghlaigh
timcheall Anlín na narm sen
iongnadh e anuaigh ina aonar
smar fuair se an saoghal re sel