Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Clanranald (Author: Unknown)

section 2

47

O Henna do rinne so d'Eoin a h-Íle

    1. Cennus Ghaoidheal do chlann Cholla, coir a fhógra
      síad arís na gcathibh cétna, flatha fodla.
    2. Cennus Eirenn & Albuin an fhuinn ghríanaigh
      ata ag an dréim fhuilidh fhaobhraigh cuiridh cliaruidh.
    3. Fuair cennus na haicme uile, Eoin a h-Íle
      fuair Alasdair flath na feile, rath na ríghe.
    4. Domnall Eoin & da Aongus ma nfhial fháoilidh
      cethrar do bhen riar do righibh, sdar ghiall Gaoidheal.
    5. Domnall is Ragnall don ríoghradh riamh nar tughadh
      Somuirle nar mheall amoladh cenn na ccuradh.
    6. Cethrar ó Shomairle Shúl ghorm, suas go Suibhne
      ceathrar sin nach foill ninbhe, coir agcumhne.
    7. Seisior o Suimne riomh rathmar, go rígh Colla
      fion aca fa bhruach banna, a cuachuibh corra.
    8. Da nairfinn an ttainig uime, dúaslibh Ghaoidheal
      beim ar enghluin úadh go hadhaimh ni fuair aoinfher.

    9. p.210

    10. Ag so tres do ginealach Gháoidheal mar do ghellus
      an dremsa ris nar chóir coimes, sdar choir cennus.

[Follows in R. B. the prose poem describing the Arming and Army of John, 4th Earl of Ross. See Elegies and Eulogies].

Aois ar tigerna 1473 an bliadhna fuair Giollasbuig mac Alasdair a h-Íle bás & do hadhnaigadh a chorp an Ros Mhaircni .i. brathair d'Eoin a h-Íle mac Alasduir a h-Íle & athair Alasdair mic Ghiollaasbuig do mharbhadh le Mc Cenain a n-Orbhannsáigh Colbhannsaigh & inghen Mic Duibhsithe a Lochabar máthair an Ghiolla Esbuigsi mic Alusdair a h-Íle.

Aois an tigherna 1437 an bliaghuin do marbhadh Ri Alban .i. an cét ri Sémus ambaile Phert go fealltach le derbhrathair a athar .i. morbhair Athfall.

Sa náimsir cétna tésda Aonghus esbuig Innsi Gall .i. mac Domhnuill a h-Íle mic Eoin mic Aonghuis Óig ro hadhnaicadh a chorp lan uasal le bhachaill & le chuladh esbag san chruisde as ttaobh des don chor uidh mhóir amhuil do thogh fein dho re na bheó.

Do bhi mac oile ag Domhnall a h-Ile na manach & is re na linn do bronnadh Baile an Mhanuidh a n-Uibhisd do n-eagluis Anno Domini 1440.

San bliaguisi teasta Máire Leislí Bánmhorbhair Rois & Bainthigherna Innsi Gall .i. ben phósta Domhnaill a h-Ile.

Tugas 48 cuntas duit sgach ní is ríasdanas duit fhios do bheith agad do chraobhsgaoladh Chloinn na c-Colladh & chloinne Domhnaill go bás Dhomhnuill Duibh a n-Droichet Átha .i. an linne dírech do shealbhaigh Innsi Gall & Ros & Gairbh Chriocha na h-Alban.

Ase an Domnallsa mac Aonghuis do mharbhadh ann Inbhernis le na chlairseoir fein (mac Í Chairbre) mac Eoin a h-Íle mic Alasdair mic Domhnaill a h-Íle mic Eóin a h-Íle mic Aonguis Óig, & ni bfuil fios agamsa cia da chinedh no da chairdibh is oighre dlesdanach air, acht an cuiger macsa Eoin mic Aonghuis Óig do cur sios duit .i. Raghnall & Gothfroigh, dís mac inghine mic Dubhghuill Lagharna & Domnall & Eoin mór & Alasdair carrach triuir mac Mairghréide Sdiurord Iarrla Fif & goibhir(n)eir no ri Alban.

Sliocht Ragnuill tigerna chloinne Ragnuill .i. tigh an Oilen Tirim & tigerna Ghlinne Garadh.

Ni fhuil sliocht ar Ghothfri acht began do dhaonibh bocht ata san chenn túath d'Uibhisd.

Sliocht Domhnuill a h-Íle cét mhac Mairghréide Sdiubhord Alasdar a h-Íle Iarrla Rois & morbhar na n-Oilen, do phós an t-Alasduirsa Mairgréd Lívisdon ingen Iarrla


p.212

Litcú & do rug dho Eoin an tiarrla.

Clann oile ag Alasdair .i. Huisdiun, inghen Ghillepadraig Rúaigh mic Ruaighri mic an Aba Uaine mic Iarrla Rois dona Rosachaibh a shloinneadh & trían Leoghuis abhetha & fearuinn oile ar tír mór & is é do marbhadh sna rannuibh Gallolach an gcuidecht mic Domnuill .i. Domhnall a h-Ile oir cethrar do chuadar amach as anárm roimh chuidechta no phártuigh do tslúagh do chúaidh leó .i. Tormód Mac Leoid & Torcuill a bhrathair Lochluinn mac Giolla Mhaoil Giolla Pádruig mac Ruaighri do marbhadh Giolla Padruig mac Ruaighri & Lochluinn mac Giolla Maoil & tainic Tormód & Torcuill as an rúaig slán. Anno Domini

Ase an t-Uisdiun-sa mac Alasduir do creach Arcum & Uilliam Mac Leoid na h-Earadh & ogmhuigh Innsi Gall na fochuir ar an siubhal sin do rinne h-Uisdiuin Domhnall Gallach mac h-Uisdiuin re hingin chruineir ghall & do Ghuinnechibh a sloinneadh clann mhaith oile ag h-Uisdiuin .i. Domhnall h-Earach mac h-Uisdiuin & inghen Mic Leoid na h-Earadh do mhathair aige & Eóin mac h-Uistiuin & ingen Mic Ceaáin Aird na Murchann do mhathair aige & ni roib sliocht ar a n-Eoin sin & dobi seal na tigherna Giolla Asbuig mac h-Uisdiuin & mic oile nach airfighter ann so. Domhnall Gruamach mac Domhnuill Ghalluidh & Domhnall Gorm mac Domnuill Gruamich & Catriana inghen Alasdair mic Ailin tigerna Chloinni Raghnaill do mhathair aige & is ar a sliocht ata an tigernas fós.

Giolla Easbuig mc Alasdair a hile inghen mic Duibhshithe a lochabar a mhathair & Alasdair mac Giollaeasbuig do chuaidh an sealbhadh iarrlacht rois & Domhnall amhac sin fuair se bás gan sliocht. Eoin Mór mc Eoin mic Aonghuis Óig .i. tanaisde mic Domnuill do phós se Máire Bíséd & is lé tainic na seacht túaithe glinneach go cloinn Domhnuill.

Alasduir Carrach an treas mac. Do phós sé innghen mhorbhair Leamhna & ni rug si clann dho Aonghus mc alusdair is í fa mathair dho inghen mhic Duibh shleibhe & ni roibhe si posda aige Alasdair mc Aonghuis o fuil sliocht alasduir mic Aonguis san bhraighe an Loch habar ag sin agad sliocht an chethra mac sin Eoin mhic Aonghuis Óig.

[Follows elegy on Sir Norman Macleod, by Niall Mc Vurich, elegy on James Macdonald, and poem on Exile of Ranald. See Elegies,&c.]


p.214