Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Clanranald (Author: Unknown)

p.148

section 1

The Macdonald History

Aóis an domhain antan tainic mic Mileadh a n-Eirinn 3500.

Ag so anamanna mac Mileadh Esbainn .i. Ír & Eremhon & Eimhir Fionn, arann an Colpan an chloidhimh & Eimhirghin Ghluingheal an file, ase fa file & fa senchuidh & fa brethemh dhoibh, & céad ugdur Gháoidhealach, ni fhuighmid sliochd achd ar triuir dhiobh .i. Ír & Eiremhon & Eimhir Fionn, an cethramh sliochd Íthe mic Breghain .i. brathair athar do chloinn Mileadh. Do bhadar sliochd an chethrair sin ag gabhail cennuis na h-Eirenn, achd nach mo no triuir no cethrar do shliochd Lughuidh mic Íthe do ghabh cennus na h-Eirenn. Sliochd Ír mic Mileadh re nabarthar Ulltuidh & clanna Rugraighe sliochd Eimhir Fhionn re nabhartar Muimhnidh & fir an taoibh ades mar ata clann charrtha & siol mBriain, sliochd Eir(e)moin o' fuil Conachtuidh & Laighnigh & an rioghrigh Albanach. Írial fáigh mhac Eiremhoin na rí, Eithrial mhac Íreil nar aontrebh an sliochd soin. Eiremhoin go haimsir ríghe Iughaine Mhóire mhic Eochadha bhúaghuidh mhic Duacha Laghraigh mic Fiachach Tolgannraigh mic Muiredhaigh Bolgraigh mhic Simóin Bhric mic Aodhain glais mhic Núaghad Finnfail mic Giallchad mic Ailealla Olchaoin mic Siorna Siorgalaigh mic Déin mic Deamhain mic Roithechtaigh mic Maoin mic Aonghus Olmucadh mic Fiachach Labhradha mic Smirghuill mic Enbhotha mic Tighearnais mic Follaigh mic Eithreoil mic Íriail fhaigh mic Eireamhoin & do roinneadh threibh do threibh Eiremhoin ó aimsir Iughuinne Mhoir .i. treabh Chobhuigh chaoilmbhregh & trebh Laoghuir Luirc. achd ge do bhádar cúig mic fhicéad ag Íuguinne mor ní roibhe coróin na riogachda, achd ag sliochd Deisi dhiobh .i. siol Chobhuidh Caoil mBregh & sliochd Laoghaire Luirc; ar shliochd Laoguire ata an céad ri Ferghus tainig an Albain .i. Ferghus mac Ferchuir mic Feradhaigh mic Laoghair Luirc mic Íuguinne Mhoir ag sin an chéad rí tainic ar Albain dona Scotachuibh no do Ghaoidhealuibh, ni roibh achd en rí ar Gaoidhealuibh go [techt] rígh Ferghus go hAlbuin antuairim 300. bliagan re ginemuinn Criost & adeir foirenn eile gur ab ceithre chéad. ar sliochd Chobhuighe Caolmbhreagh ata urmhór riogh Alban & Eirionn, do rinneadh da


p.150

threibh do Sliochd cobuidh cháol mhbhreg ag Aonghus Tuirigh Temhrech mac Eathach Ailtletain mic Oilill Chaisfiaclaigh mic Conla Chrúaidh chealgaigh mic Iarruinn Ghleo Fathaigh mic Meilge Molfuigh mic Cobhuighe Chaoilbhregh, da mac ag Aonghus Tuirmech .i. Enna aignech & Fiachuidh fearmhara, ar shliochd Enna Aignigh ata clann Cuinn Céad Cathach. ar sliochd fiachach fir mara ata an rioghrigh Albanach. Conn céad cathach mac Feilidhmi Rechtmuir mic Tuathail Techtmhuire mhic Fiachach Fionnola mic Criamhuin Nianair mhic Lughach Riamh nDerg mic nattri finnemhna mac Eochadha Feighligh mic Roighnruaidh mic Easamain Eamhna mic Blathacht mic Labhradha Luirc mic Enna Aignidh. mac ag Conn .i. art; mac ag Art Cormac, mac ag Cormac Cairbre, dias mac Cairbre Lifeach fiachuir .i. Fiachuidh Straifdine & Eochaidh Duibhlén. Sliochd Fiachuidh Sdraibhdine Muireadach Tírech, Eochaidh Maomegon mac Muiredhaigh Thírigh. cúiger mac ag Eochaidh Maoimeghon ar an rabha sliochd .i. Niall Naoighiallach & Brian & Fiachra. Ó Niall Naoighialla do siolaigh clann Neill na hEirin uile, Ó Brian mac Eochadha Maoimeghon moran dfheruibh Connacht, ó Fhiachuidh athair dathi mic Fiachrach moran ar shliochd a Connacht agus a n-Uiltuibh. Clann Eochadha Duiblein mic Cairbre Lithfech mic Cormuic .i. triuir mac re anabartbar na tri Cholla, Colla Uais, Colla Dha Chrioch, Colla Meann, anamann Baisde, Caireall, & Aodh & Muiredhach, as bert an file:
    1. Cairel céad ainm Cholla Uas
      Aódh Coll Meann go mor chrúas
      Muiredhach Colla Dha Chrioch
      Do budh urra2 re heisíoth

Gabhais Collúas mac Eochadha Duibhlen righe nEirenn an bliagain daois Chriosd 322 & do bhí ceithre bliaghna na rígh Eirenn gur éighridh Muiredhach Tiredhach le nert sluaigh gur chur cath ar na ttri Cholluibh gur fogir go hAlbuin iad, go fuair siad feruinn iomdha ann. oir do bhi Oileach inghin ríogh Alban a mhathair. Anaimsir Chormuic Fhinn do bheith na rígh ar Albuin 362. Do chaithedar sel daimsir a nAlbuin go ndainic do Muirechadh Tirech .i. ri Eirenn gur fhas cogagh eider é & Ulltuigh .i. clan Rugruidhe gur chuir fis ar chloinn dherbhrathar athar go


p.152

hEirinn do coghnamh leis anaghuidh cloinne Rugruidhe & choicrioch i. ar na trí Colluibh. Do fregadar rígh Eirenn & do rinnedar cogadh neimhnich re clannuibh Rughruidhe, gur thuite Ferghus afoga .i. rí Ullad & a triuir mac leo & do ghlachadar feín orlamhumus chúig Ulad & oilltrian choigidh Connocht & moran do shochruibh oile do lean re na sliochd na ndiaighe ó ríoghuibh Eirenn. Iomthos Colla Uais ar chriochnuaghadh an coguidh sin do iompoigh ar ais dAlbuin & do fháguibh na socuir sin uile aga bhrathribh. & ar caithemh chúig bliaghna deg dhó innte do chúaidh ar sáorchuairt dEirinn go bfuair bás an Temhruigh na ríogh anno domini 335. Ceithre mic mhaithe ag Colla úais .i. Eochuidh & Fiachra Tort & Feradhach & Maine. ar sliochd eochadha ata clann Domhnuill anAlbuinn & a nEirinn uile. ar sliochd Fiachrach Tort atait Turtruighe & fir Luirg. Ar sliochd Feraghuid ataid fir Lí & fir Lacha. Ni heol dhúinn sliochd ar Maine. Do fhás sliochd maith anEirinn ar Cholla Dha Chrioch .i. Maguigir na Chenn ar Cuinndáoi Fhermanach. Mag Mathgamhna na cenn ar cuinntaoi Muinechan. Ó hAnnlúain & o Cellech & moran oile. Ni fhaca me abheag scriobha do shliochd Colla Meann achd an dechuidh sa negluis diobh do dháoinibh naomtha. Do bhí iomad do dhaonamh naomtha na hAlban & na hEirinn ar sliochd na trí Colla. Ag so an linne direch anúas ó Cholla Úais do ghinedh Eochaidh ó Colla Úas, do ginedh Carran ó Eochaidh, do gined Earc ó Charran do gined Maine ó Earc, do ginead Ferghus ó Maine, do ghineadh Gothfruigh ó Ferghus, do ginedh Niallghus ó Gotfruigh. Geinealach mic Domhnuill cloinni cheallaigh, Flannagan mac Taoidhg mic fir mhara, mic Taoidg mic Lochlaiun, mic Airt mic Fianacht mic Domnuill o fuilid clann Domhnuill cloinne Ceallaigh mic Colgan mic Ceallaigh mic Tuathail mic Maoldúine mic Tuadain mic Tuathail mic Daimhnin mic Cairbre mic Doim-airgid mic Niallghusa. Do ginedh Suibhne ó Niallghusa do ginedh Mearghach ó Shuibhne, do ginedh Solomh ó Merghach do ghinedh Giolla Oghamhnan o Solcamh. Ase an Giolla Ogamhnansa ontainic clan Domnuill Ros Laogh ó dherbhrathair do Ghiolla Bhríde mac Giolla Oghamhna. & is e Giolla Oghamhnan do thog mainisdir na Sgríne an Tíre íarach acunntaoi Shligech accoigidh Chonnocht & ata ainm féin innte. Giolla Bríde mac

p.154

Giolla Oghomhnan mhic & úaidhe Toisigh Earr Gaoidheal. & ó Cholla ar mbeith dhó ameasg achinnigh anEirinn .i. ón clann na cColladh mar atáid Manchaidh & Mathdamnadh .i. cinneadh Meguigir & Megmathghamhna tarrla do naicme soin coinne & comhdhail do bheith eatartha afermanach an duithigh Meguighir, & bá do nadhbharuibh ma gnoidhighib Giolla Bhríghde go cuide duichthe do thabhair dhó do tíre féin o do bhí se air dhíobra o na dhuchas ó neart Lochlannach & Fionnghallach. O do chonnuirc Gille Bride sluaghe mór do dháoinibh óga urrunnta sa noirechtas & iad fabharach dho fein, asi chomha do iar se ar achairdibh an tuillfedh san líos do bhí abhfogas sa naite do dhaoinibh do leigenn leis dalban mar dhúil go ttugadh se sealbh adhúcha & a choda féin di. Do ghluas Giolla Bríde dionsuige na hAlban & an chuideachta sin leis & tangadar ar tir, tugsad sgathuidh & ionnsuighthe mionca ar aneasgcairdibh ar feadh aimsir an triobloide, oir do bí anaimhde laidir lionmhur sa naimsir sin. Do bí an roibh o mhanuinn, go harcuibh doilenuibh ag Lochlannachuibh & an rabh o Dhún Bretan go catuibh atúath do hoirire & ar mhair do Ghaoidhealuibh na bhferan soin accoilltibh & an sleibhtibh do ndiden fein & an deiredh na haimsire sin do bhí mac maith ag Giolla Bride ar techt go hiomlan & go hoirrdhercas, tarrla don chuidecht bhig sin do bhí ag leanmhuin Gille Bride & Somuirle go rabhadar ar sleibhtibh & a coiltibh aird gobhar & na morbhairne. & tanghas orrtha ansoin slúag mór do Lochlannachuibh & dfionnghallaibh, cruinnighid an tiomchall Somuirle an rabha do shoighdeoruibh aige & muinntir na caoracht3 & cuirid tús & deireadh orrtha. Targes Somuile anordughadh bláir íad & tug taisbenadh mor do naimhuid íonta. ionnus go ttug tri huaire na bfíaghnuis anen chuidecht gur shaoiladar gur ab tri cuidecht do bhí ann. Do ionnsuigh íar sin íad & brisder orrtha le Somhuirle & le na muinntir, ionnus nar phill on rúaig gur chuir atúath tar abhan tsheile íad & an chuid fuair airdrigh dhiobh dona hoilenuibh, Nior sguir do nobuir sin no gur glan se an taobh síar dAlban o Loclannachuibh, acht oilein Fionn Loclann, re nabarthar Innsi Gall & búaig ar naimhdibh sgach áonlathair aig. Do chaith aimsir seal re cogadh & seal oile re siochtain go ndechuidh se re slúagh abfoghus do Ghlaschú, gur mhurt a pheidsi fein é, tug chenn dionnsuigh an ríogh anno domini 1180. Adeir adhàoin féin nach do gheineamh coguidh anaghuidh an rí do chúaidh sé ar an siobhal sin acht dfhaghil siochan, oir is mo do cheannsuidh descardibh an rí na an derna sé do chogad air. Do bhí clann mhaith ag Somhairle

p.156

.i. Dubhghall & Raghnall & an Gall mac Sgillin mar ainm ar an fer sin fuil clann an Ghoill sna glinnib. Beathog inghen Shomhuirle do bhí 'na mnaoi riagalta & 'na cailligh dhuibh, así do thoguibh teampall Chairinis an Uibhist. Do gabh Dughall mac Somuirle cennas Eirgaoidheal & Ladhairna, gabhuis Ragnall & a shliochd go h-Ionnsibh Gall & cinntire & a shliochd 'na dhíaidh.

Ragnall rí Innsi Gall & oirire Gaoidheal ceann sochair & badha einigh & enghnomh Ghall & Gaoidheal, do cumhduighedh tri mainisdrech leis .i. mainisder manach dubh a n-Í anoir dé & Choluim Chile & mainisder chaillech ndubh san bhaile cethna & mainisder maisach líath a Saghadal & asé fos do chumhduigh órd ríaghalt Mholaisi. Bíadh fios agad gur be Ragnall & aneart is mo do bhí ag rí Alasdair anaguidh ríogh Lochlann fa nam an tug na hoilein ona Lochlannacuibh & na dhíaigh sin ar faghail croisi ó Sherusalaim dhó & ar caithemh chuirp criosd & ar cor ola fair do ég sé & do hagnuiceadh an reilic oghran an Í é anno domini 1200 & . bliaghna. Corra aimsir na dhíaidh só do marbhadh Ragnall mac Gofraigh rí Fionn Gall ameam le hamhlamh mac Gofraigh anno domini 1224 4 & úaidh so amach tainic cert ar Insi Gall ag Ragnall & ag slíochd na dhiadh, oir is sí inghen Amhlamh Dheirg mic mic Gothfraigh mathair Ragnaill mic Somhuirle. Do bí an ingensi Amlamh oigre dligach athair, & adeisi derbhrathar. i. Ragnall amhlamh dubh.

Tangadar teachd ó Temhraigh Domhnall mac Ragnaill do ghabh cennas Innsi Gall & urmhor Gaoidheal. Do bhí clann mhaith aige .i. Aonghus mór an tóighre & Alusdair on shiolioduidh clann Domhnaill renna, mic Uilliam a chuigidh Chonocht & clann tSídhigh na Muman .i. o Siothach an Dornain mac Eachuin mic Alusdar & mi cheile.

Aonghus mor mac Domnaill mic Raghnaill do ghabh ionadh athar & is re linn do éiridh cogadh na m[B]ailliolach & na nBraoiseach Do gabh sliochd Dubhgoill mic Somuile don táoibh na mBáilleolach & sliochd Ragnaill mic Somhuile ar taoibh Roibiort Braois, ionnus go rabha a nuile garasdon ó Inbher Feothfaramh an Ros go Maol Cinn Tíre ag mac Dubhghoill fedh na haimsir sin, & an sliochd sin Raghnaill fa cuing anamhad Do bhí sliochd maith ar Aonghus mór .i. Aonghus Óg an toighre & Eoine or shioluighe clann Eoine Aird na Murchann & Alasdair or shioluidh clann Alasdair


p.158

& Aongus na Connluighe ó bhfuil clann Donchaidh & Robersdonuigh & íomdha re na sgriobhadh ar an n-Aonghus Mor sin nach fuil an so. Do ég sé níle anno domini 1234.5 Aonghus Og mac Aonghus Mhoir mic Domnuill mic Ragnuill mic Somhuirle arfhlath uasal eghnamhach Innsi Gall do phós sé inghen Cuinnbhuighe Í Cathán así fa mathair d'Eoin mac Aonghuis. & is le tainic an tshochra nemh ghnathach a hEirinn .i. cethrarar fichéad do chlannuibh luchd oirechta or sioluighe ceithre teghlaigh fichéad a nAlbain. Do bhí mac oile ag Aonghus .i. Eoin og an Fraoich, or shiolaighe clann Eaaín Ghlinne Comhan re an raitear clann Domnaill an Fhraoich. an tAonghus og sin dég anìle. achoirp cur an Í anno domini 1306. Gabhas Eoin mac Aonghuis Óig íonadh athair ard chennas Insi Gall. Do bhí sliochd maith air .i. triuir mac eader é & Anna inghen Rúaghraidhe mic Ailin ardfhlath Lagarna & aon inghen .i. Maire. & do bí an Mhaire sin ben phósta Echdhuinn mic Giolla Eóin tigerna Dubhaird & Lochlann abhrathar tigerna Chola & haghnaicedh si aní an thempall na ccaillech dubh.

Céad mhic Eoin Ragnall & Gothfruighe & Aonghus, giodhedh nior phos se o altóir máthair na bhfersa. & Do cuir roimhe apósadh a naimsir abáis oir do bhí a dhiol do mhnaoi innte & tainic a comhairligh na aghaidh uime sin, or do connghas doibh nach fuighedh se a dhiol clemhnuis da mbiadh oighre denta ar a shliochd ar tus ge do bhí sé og iomlan, uime sin do rinne betha da mac Ragnall, asi sin abfuil o Chill Cuimin anobuirthairbh go habhuinn Seile & o abhuinn tSeile gus an bhélleith fa thúaith, Eige, & rúm & uibhisd & na diaghsin do gluais sé go bun abhann Glaschu & tri fichead long fada leis & do phós Marghred ingen Roibert Sdiubhart re a nabramuid rí Alban, acht sé do bhí ann Roibert Iarla Faif .i. derbrathair do Roibert 6 .i. an rí & isé fa guibhirneoir ar Alban & do rug sí deóin triur mac maithe .i. Domnall a hIle an toighre, & Eóin Mór an tánaisde & Alasdair Carrach an tres mac. Do bhí mac oile ag Eóin .i. Marcos or ghin clann Domhnaill chnoic an chlúithi an Tír Eoghain. Do fuair an t-Eoinesi saoghall fada 7 an Í Cholaim Chille na aimsir fein & isé umorro do cumhduigh caibel an Oilen Eorsaigh & caibel an Oilen Fionlagain & caibel an Oilen tSuibhne con anuile ionnstruminnt


p.160

dlesdanach do chum uird & aifrenn & séirbhis Dé & do bfer connmhala chlerech & manach & sagairt an tigerna remraigh do ghnath na choimhidecht & asé do chumhduigh mainisdir na Croch Naomh fada re na bhás do & do ég se na chaislen féin a n-Aird Tóirinis ar mbeith do manchuibh & do shagartuibh os cíonn achuirp ar caithemh cuirp chriost & ar cor ola fair, tugadh go hÍ Coluim Cille & tanic ab & manuidh & biocoiredh na comhdhail amhlaidh mar do dhlesdaois techt acomhdhail cuirp riogh Fionngall & do rinnadar aseirbhis & a toruimhe go honorach ocht lá & ocht naoichthe, & do chuiredh an aonleabuidh re na athair an teampall oghraine anno domini 1380 8 & do bhí Ragnall mac Eóin na aird sdiubhor ar Innsibh Gall, anaimsir athar do bheth na aois ársuighe & ag riaghladh os a cionn dó ar neg da athair do chuir tionnol ar úaslibh Innsibh Gall & ar bhrathribh go haonionadh, & tug sé slat an tigernais da bhrathair a c-Cill Donnainn a n-Eige & do goiredh mac Domhnuill de & Domhnall a h-Ile anaighuidh baramhla fher Innsi Gall. Do bhfer meduighe cheall & mainisdreach an Ragnallsa mac Eoin mic Aongus Óig ó na lenmhuid clann Raghnaill do rágh re na shliochd. Do bhronn sé tír umha dferann anuibhisd do mainisdir Íe siorruidh go brath a n-onoir Dé & Choluim Chill. Do bhí sé na uachdaran ar anoirer athúath uile & ar na hoileanuibh no gur ég sé anno domini 9 1376 na mhainer féin san Chaislen Tirim, ar fágbhail chuiger afer ann ara shliochd. Tigmid anois ar Dhomnall ahile mac Eóin mic Aonghuis Oig .i. bráthair Raghnaill mar do gabh tighernus le toil a bhraithrech & úaisle Innsigall. Do bhí cach oile umhal dhó & do phós sé Maire inghen Iarla Rois & is da taoibh sin tainic Íarlacht Rois ar chloin Domnaill. Do goiredh Íarrla Rois & mac Domnaill & ard fhlath Innsigall dhe, ataid iomad caithrem & gniomartha ar na chur síos sgriobhtha air a n-ionuighibh oile. Do bhrisd se cath gaifech 10 ar Dhiúc Murchadh ag sesamh a chiort fein air fa Iarrlacht Rois, & ar techt don chéadSemus ó braighdenas riogh Sagsan fuair Domnall a h-Ile toil & dainghen an ríogh ar Ros & ar an chuid oile da inbhe & do cuiredh an cenn do Diuibhge Murchadh & da mac do bfer connmhala cleireach & sagairt & manach na coimhidecht & tug se feruinn a Muile & a n-Ile do mhainisdir Í & gach saoirsi da da rabh mainister Íe ona sinnearuibh roimhe & do rinne cumdach óir & airgid do thaisibh laimhe Choluim Chille & do ghabh sé fein brathres anuird ar

p.162

fágbail oighre dlesdanach diongbhála a bhflaithes Innsi Gall & Rois .i. Alasdar mac Domnaill. Do ég se iar soin a n-Ile & do haghnaicedh ina tempoll11 Oghráin. Do ghabh Alasdar a mhac ionadh athar .i. Iarrlacht Rois & tigernas Innsi Gall. Do phós Marghréd Livisdon .i. inghen Iarrla Litcu mathair Eoin mic Alasduir re nabarta Eoin a h-Ile mac Alasduir a h-Ile mic Domnaill a h-Ile.

Aonghus Óg mac Eoin re nabhtarthar oighre Eoin do phós se inghen mic Cáilin & fásuidh aimhreighe eider e & athair fa comhroinn a criochthe & feruinn. Tainic cogadh dhe sin eidir airmuinn Innsi Gall & cinneadh mic Domnaill, an cinnedh ar taobh Aonghuis & na hármuinn ar thaobh Eoin, ionnus gur oibrigh an chúis go ndechaidh Eoin acenn mhic Cailín go tug dho an roibh eidir abuinn Fhada & Álta na Sionnach a mBráigh Chinntíre ar dul leis an lathair an ríogh do caisoid ar a mac; aimsir athghoirid na dhiaigh do bhi coinne mhor ag Aongus Ogsa re feraibh an taoibh tuaigh an Inbhernis. Do murtadh le mac Í Chairbre achlairseoir fen é, gur gherr a mhuinel le sgín fhada, Do bhi athair beó bliaghna da eis & do aontadh na criocha uile dho, gidhed thug thairis don ri moran diobh. Do bhi inghen mic Cailín ben Aonghuis torrach fa nám ar marbhadh se & do gabhadh no gur tuismedh í & do rug si mac & tugadh Domnall fair & do cunnbhad ar laimh é gur fhághuibh a dheic bhliaghna fichead daois & no go tug fir Ghlinne Comham le nimertas Féine amach ar techt a laimh dhó tainic d'Innsibh Ghall & do chruinnidh uaisle Innsi Gall uime. Re feadh na haimsire an rabha Domnall Dubh ar laimh, do bhi buaighirt mor eadar Gaoidhealuibh ag dreim re cennas, ionnus gur sgrios Mac Ceaain Ard na Murchan sliochd Eóin Mhoir mic Eoin a h-Ile & a Cinn Tíre. Do gabhadh Eoin Cathanach mac Eóin mic Domnaill Ballaigh mic Eoin Mhoir mic Eoin mic Aonghus Óig .i. tighearna shliochda Eoin Mhoir & Eoin Mór mac Eoin Chathanaigh & Eoin Óg mac Eoin Chathanaigh & Domnall Ballach Óg mac Eoin Chathanaigh le feill le Mac Cean a n-oilen Fhionn-Lagáin a n-Íle & rug leis go néiden íad & do thogbhadh croich doibh féin ann da ngoirther Baramiur, & do crochadh iad & do cuiredh an tempall Saint Phrionsies acuirp da ngoirther an Tempail Nua an tansa, nior fhagbhadh duinne do


p.164

cloinn Eoin Cathanaigh achd Alasdair mac Eoin Cathanaigh & Aonghus Ílech & iad da bhfolach sna Glinibh an Eirinn & innister ar mac Ceaain gur chaith se anoir & sa nargid 12 do ionnmhas re denamh thúagh go coilltibh na Glinneadh do ghearradh ar dhóigh go sgriosfadh se Alasdair mac Eoin Chathanaigh as na Ghlinnibh & as an saoghal uile. Tainic faoi dheireadh go n derna mac Ceaáin & Alasdair clemhnas & reite re cheile. Do phós Alasdair ingen & do rug clann maith do.

Ar an cor ccetna do bhí an choram ar chloinn Domnaill san taoibh túath, oir an diaigh báis Eoin a h-Ile Iarrla Rois & marbhaidh Aonghus do ghlac Alasdair mac Giolla Easbuig mac Alasdar a h-Ile sealbh aniarlacht Rois & annsa n-oirire túath go hiomlan & do bhi inghen mhorbair Moireogh pósda áige, Giodhedh tainic cuid dferuibh an taobh túaigh gur eiridh clann Choinnidh & siad sin an aghaidh Alasduir gur brisdedh blár air re anarbair síad blar na Pairce, ni rabha do dháoinibh ag Alasdair acht an raibh aige dferuibh Rois. Tainic Alasduir go tráigh na dhiaidh sin diarraidh niort d'Innsi Gall & do chuaidh ar luing fhada do noirir ades dfechain abfuighed abheg beo do shliocht Eoin Mhóir do eirgedh léis, do mhothuidh mac Ceoin Ard Murchann do ag seoladh secha, do lean ar alorg é go h-Orannsaigh Cholbhansaigh & do chúaidh fa thigh air & do marbadh ann Alasdair mac Gille Esbuig le mac Eanain & le h-Alasdar mac Eoin Chathanuidh. Do bhí sin mur sin seal daimsir no go ttainic Domhnall Gallda mac Alasdair mic Gille Easbuig do chum aoisi & tainic se o na Ghaltacht le seoladh morhhar Moireógh, go ttainic se d'Insibh Gall & do thoguibh Mc Leóid Leoghais leis & cuid do úaislibh Innsi Gall do cúadar amach ar rudha Aird na Murchann & tarla Alasdair mac Eoin Cathanuigh doibh íar sin & do rinne sé fein & Domnall ma Alasdair cengal & reite re chéile & do ionnsagdar daoin laimh Mac Cenain san nionadh re nabarthar Creg Anairgid & do marbhadh é fein & a thriúir mac ann & moran mor da muinntir. Do goiredh mac Domnaill do Dhomnall Gallda don daobsa do rugha Airda na Murchann & do umhluigh fir Innsi Gall dó & nior mhair beo na dhiagh sin acht asecht no hocht do shechtmuinibh. Fuair se bás an Cerna Borg a Muile gan sliocht gan oighre acht triuir derbhsetrach do bhi aig .i. triuir inghen Alasdar mic Golla Esbuig & do rinnedh inbhe a n-oirir túath ar na hingenuibh sin & do scar Ros riú. Do bhi mac diolmhuin ag Alasdar mac Giolleasbuig air abhfuil cáil eigin sliochta .i. Eóin Cám mac Alasdair. Air ashliocht


p.166

ata fer Achuid na Cothaichen san Bráighe & Domnall Gorm mac Raghnaill mic Alasdair Dhuibh mic Eóin Cháim.

Iomthos Domhnaill Duibh mic Aongus mic Eoin a h-Ile mic Alasdair h-Ile mic Domnaill h-Ile mic Eóin h-Ile mic Aonguis Oige .i. oighre díreach dleasanach Innsi Gall & Rois ar techt alaimh dhó, tainic d'Innsibh Gall, & do cruinnigh fir Innsi Gall uime & do rinne fein & Iarrla Lemhnacht coimhcenghal fa árm mór do chur ar achóis ar slighidh adhul an seilbh choda féin & tainig long ó Sagsan chuchta le cungnamh ionmhuis go cogadh go Caol Muile & tugadh an tionmhus do mac Giolleóin Dubhaird re na roinn ar uachdaranuibh an airm, ni fuaradar an riaruighadh mar búdh mían leo, ionnus gur sgaoil an tárm; mar do chúala Iarrla Lemhnocht soin do léig sgaoiledh da arm féin & do rinne areite ris an rí. Gluaisis mac Domhnaill go h-Eirinn diarraidh neirt do chogadh, & ar ashlighidh go Baile Athá Clíath fuair bás an Droichid Áth le fiabhrus chúg oichthe gan mac no inghen ar ashliocht.

Sliocht Ragnaill mic Eoin mic Aonghuis Óig ann so.

Alín mac Raghnaill an toighre & inghen Iarrla Athfall do mathair aige ó nailínsi aderar Síol Alín, & Domnall mac Ragnaill an tánaisde o nabrar Síol Domnuill mic Ragnaill, Eoin Dall o nabrar sliocht Eóin mic Ragnaill, Aonghus Riabhach o fuil sliocht Aonguis Riabhuidh; & Dubhghall o bhfuil Siol Dubhuill; aois an tigerna an bhliaghuin teasda an tailínsi mac Ragnaill san Chaislin Tirim. 1419. & do cuiredh achorp an aonleabuidh re na athair an roilic Oghráin a n-Í Choluim Chille. Aóis an tigerna an bhliaguin teasda Domnall mac Ragnaill .i. Sdiubhart Loch Hapar eg umorrro an Loch Hapar & achorp do thabair go h-Í & adhnacal an enleabuidh re na athair & re na bhrathair an reilic Odhráin 1420. Gabhas Ruaigruidhe mac Ailín mic Ragnaill tigernus a athar & a shenathar & ingen sdiubuirt na Hapann do mhathair aige, do bhi mac eile ag Ailín re anabairtháoi Eaaín ó fuil sliocht Eaáin mic Cailin Anno domini an bliaghain teasda Aonghus Riabhach mac Ragnaill 1440 .i. tigherna Ghairbhtreíne chlainni Ragnaill ar ngaibhail braithris úird Mhuire do a negluis Íe, do hadhnaicedh anenleabuidh re na athair an roilic Odhráin é anno domini. 1481. Ag so an bliadhuin teasda Ruagruidhe mac Ailín tigherna chlainni Ragnaill tugadh a chorp go h-Í, & do hadhnaicedh an roilic Odhrain anein lebuidh re na athair é anno domini. 1426. an bliaghna teasda Dubghall mac


p.168

Ragnaill na mhainer féin an Reispoll & tugadh achorp go h-Í & do hadhnaicedh maille re na bhrathribh an roilic Odhráin anno domini. 1460. San bliagainsi teasda13 tigerna trén tennbhághach do cloinn Raghnaill bás .i. Alasdair mac Domhnaill mic Raghnuill anoilén abas14 & tugadh a chorp go h-Í & do hadhnaicedh anaoinleabadh re na athair an roilic Ódhráin. San bliaghuin chétna, fuair rí Alban bás le geinn gunna mhóir, do bhris achos & é ga sheoladh ar Chaislén Rosbrog .i. an dara rí Semus san bhliaghain céthna tesda Alasdair mac 15 mic Gothfruigh mic Ragnaill mic Eóin .i. tigerna an chinn túaith d'Uibhisd, san bliaighin chetna do chrechadh Arcamh le Huisdiuin mac mic Domnuill, san bliaghain chétna do marbhadh Eóin mac Loclainn mic Gioll Eóin le catanachuibh an-Aird Gobhar.

Mac maith ag Ruaigri .i. Alín mac Ruaighri & inghen mic Domnaill anoirir a des do mathair aige .i. Mairghred inghen Domnaill Bhalluigh mic Eóin Mhóir; do bhí mic oile ag Ruaighri .i. Donnchadh Garbh & inghen tigerna Chola do mathair aige, & clann dioluin eile .i. Ferchar & Eóin;. Gabhais Alín tigernas & budh maith anairigh ar inbhe an tailinsin oir do chuir se a úamhan & eagla ar a escairdibh & ar mhoran don chuidsi d'Albain & do fuair se saoghal fada & do fháguibh sliocht maith na dhiaigh. Ragnall Bán an toighre & Alasdair da mac inghine mic Eoin Aird na Murchann clann oile .i. Ailin Riabhach mac Ailín, Eoin Beg mac Ailin, Eoin Bronnach mac Ailín, Eoin Molach 16 Domhnall mac Ailín, Semus mac Ailín, & Ragnall Gallda mac Ailin mic Rúaghri an mac is óige do bhí ag Ailín & inghen mic Simigh do mhathair aige an t-Ailinsi mac Rúaghruidhe ar techt acenn an rí dhó & ar ngaibhail córach ar dhúchuigh on cheram rí Semus anno domini. 1509. do ég se a m-Blár Anathfall & do chuiredh achorp amainisdir an bhaile sin.

    1. Mile bliagna sa naoi leis,
      cúig céad bliagan re aithris
      on te do chabhuir gach tír,
      go hég Ailin mic Rúaghruidhe.

Gabhais Ragnall Bán mac Ailín tigernas an diáigh a athar & budh maith ann soin é óir budh hard a haignedh & fa mór asmacht & fa maith recht & riaghuil athíre an seal athghoirid do mhair, acht ar ndul accenn an ríogh, do chur críche ar na gnoidhighibh nar fhead athair do chriochnughadh, fuair se bás am baile Phert anno


p.170

domini. 1514. an bliaghna do marbhadh rí Semus an cethramh accath, do fháguibh 17 Ragnall amhac an tigernus .i. Dubhghall mac Raghnuill. Acht leigfed achuimhne ar fereigin eile ciunnus do chaith & do criochnaidh abheatha. [Follows elegy on Allan and Ranald. See Elegies].

Do gabh Alasduir mac Ailín tigernas an deóigh báis Dubhghoil mic Ragnaill, do chaith a sheal féin fuair se bás san caislen Tirim, clann mhaith ag alasdair .i. Eóin Múideordach & Aongus & Ruaigruidhe Rúagh & Domnall an Locháin an chéad chlann do bhi eder é & Derbhfáil Eoin Áird & Ailin Oghar & Ruaigruidhe Person clann inghine Thormoid Mic Giolla Phádruig. Ferchar mac Alasduir inghen Ferchuir thóisigh do mhathair áige.

Gabhais Eóin Múideordach mac Alasduir tighernas, duinne fórtunach re cogadh & re sith ionnus gur chuir crith ar na criochuibh da eagal go minic ar Ghalluibh & ar Gaoidhealuibh & do bhrisd se blar ar mac Simigh ag cenn Locha Lóchaidh da ngoirthear Blar Léine tuairím na bliaghna dáois chriosd 1545. Fuair an t-Eoin Múideordachsa saoghal fada & do bhi aimsir bhuaigherrtha re na línn oir do bhi rioghacht na h-Alban rannta ab facsonuibh eatarrtha fein & is urusda leis na sgribhneoiribh labhart go trom ar gach duine nach bi ar éu fhacsoin leo féin & do chlunim go fuilid ag labhairt ar Eoin Múideordach & go háirig Bócannain acht fiathfroigh do shior Seorus ciunnus is mian leis labhair air anbhainphriunnsa dar chóir d'Eóin Mhúideordach abheith díles acht ge be cháines an cenn ni gnath leis na buill do mholadh acht do thaobh Eoin Mhúidéordaigh do chaith deiredh a bhetha go diagha trocaireach, do thogaibh tempall a c-Cillmaoilridhe an Árasáig & tempall a c-Cill Donnáin a n-Éige & do fáguibh máoin do chum caibeil do thogmhail an Hogmór a n-Uibhisd bhala ar cuiredh achorp san bhliadhnasa daois Chriosd .1574.18

Gabhuis Ailin mac Eoin Muideordaigh tigernas, duine fial fairsuing fiunntach & é carrannach ciallmur fonnmur ar clu do chur & do cosnamh, ase tug abriarthar nach geallfadh se ar meisge ni nach coimhgelladh ar cetlonguidh, uime sin fa gnath leis an diaigh oil no póite mionna do connmbail re a bhuachalluibh & re locht friotolmha, ar chumhain leo ní ar bioth do gheall se uaidhe nar coimhlion se.

Ag so an clann oile do bhi ag Eoin Muideordach .i. Eoin Óg & Domnall Górm & Ruaigruidh Óg clann inghine tigerna Chnóirdeóird. Ruaighruidh Dubh & Ragnall & Eoin Dubh & Aongus clann ingheine Neill mhic Terrlaich aois an tigerna an tan19 teasda Ailín mac Eoin


p.172

Muideordaigh 1590 do chuireadh a chorp an n-Oilen Fhíonain.

Clann mhaith ag Ailín .i. Ailín Óg & inghen Mic Leóid na h--Earadh do mathair aige, ase achét mhac é, tug se na diáigh sin inghen mic Giolla Eóin Dubhard & fuair clann mhaith ria .i. Eoin an tSróim do marbhadh é le toirmesg le na bhuachall fein le cloich & íad ag lamhach macnuis as chranntábaill san Sróm charannach, oir is an do bhí do oilemhuin ag tigerna an t-Sroim & Glinne Garadh. Aonghus mac Ailin do ghabh tighernas an diaigh báis athar, nior mhair acht athghoirid, do mortadh le hAonghus mac Shémuis é & é na phriosonach aige an Dunnaomhaige. Do ghabh Domnall mac Ailin tigernas do eis & do bhi gach maithes re na linn & do ég san Caislén Tirim san bhliadhain daois Chriosd 1617 & do ég Ragnall mac Ailín a c-Canaig san bliadhan 1636 do cuiredh achorp an Hoghmór san bliadhain chétna & annsana naithe chétna teasda Ragnall Óg mac Domnaill mic Ailín & tugadh a chorp d'Oilen Fhíonain san bliadhuinsi teasda Eoin mac Ailín ag Caináigh & tugadh achorp d'Uibhisde & do hadhluicedh an t-Ogmór san bhliadhan chetna do ég Domnall Gorm mac Aonghus mic Ailin a n-Uibhisd & do chuiredh a chorp an t-Oghmór. As mór dánbharr ar na huaislibhsi do chlann Ragnaill do ég san bliadhuinsin.

Gabhas Eóin Múideordach mac Domhnuill mic Ailin tighernas an diaigh bais athar. Máire inghen Aonghuis mic Semuis do mhathar aige .i. ardfhlath Íle & Chinntire Dhiúraigh Ghiodháigh & Colbhannsaigh. Dias mac oile Dhomhnaill .i. Raghnall Óg a dubhramar roimhe & Alasdar Óg fuair síad bás gan sliocht.

[Follows an elegy by Cathal Mc Vurich on Donald, son of Allan. Thereafter his elegy on the four Macdonalds who died in 1636. See Elegies section 9ff].

Ag sin agad marbhna an chethrair sin do dhaonibh maithe .i. Raghnall mac Ailin & Raghnall mac Domhnuill mic Ailín & Domnall Gorm mac Aonghuis mic Ailín & Eóin mac Ailin do fháguibh gach duine diobh so sliocht acht Raghnall Óg mac Domhnuill mic Ailín.

Ragnall mac Ailín duine maith do reir na haimsire ina ttarrla se go fial farrsuinge & é cadalach 20 carrannach. Tug se do chét mnaói inghen Ragnaill mic Semais .i. tainisde a n-Oirire ades & rug sí mac maith dho, Aongus mór mac Raghnaill, do léig se í, 21 do bhi post ag Coll mac Giolla Asbuig na dhiaigh sin, así fa mathair do chloinn Choll .i. Giollasbuig & Ragnall & Alasdair & chlann mhaith inghen do pósadh re daóinibh uaisle maithe. Tug Ragnall mac Ailín iár cur inghen Ragnaill mic Semuis úadha. Fionnscoth a Burc 22 a coigeadh Connocht o chunntaoi Maoigheó, & do rug triuir mac do .i. Alasdair & ruagruidh &


p.174

Ferchar, do léig se úadha Fionnsgoth & do phós se Mairgréd inghen Thormoid Mhic Leoid na h-Earadh, an bhen do bhi ag Torcaill og mac Leóid Leóghais, rug sí clann do mac Ailín .i. Ailín Óg mac Ragnaill. Fuair an bhen maith sin bás úadha, tug na dhíaigh sin Máire inghen Giolla Easbuig Mhéidhe Connaill & do rug mac dhó .i. Domnall Gorm mac Ragnaill & do léig se i, & do phós se na ndíaigh sin uile Mairghred inghen Aonghus mic Semuis & do roinnedh oighrecht do sliocht sin ar Bhinne Bhaghla & air Airdnis, do rug si clann mhaith dhó .i. Ragnall Óg an tóighre & Eóin Óg & Aonghus Óg, Ragnall & Ruaighruidh.

Clann ag Domhnall mac Aonghuis mic Ailín mic Aonguis mic Ailin,23 Domnall do mbarbhadh [leg. mharbhadh] ag Filipfach anarm marcuis Montrós & Alasdair & Alasdar dar mhathair Seonóid inghen Domnaill mic Ailín, do báithed se féin & abhen & theglach ag techt a Cola d'Oilen na Muc, do bhi clann diolmhuin oile ag Domhnall mac Aonghuis.

Clann mhaith ag Eóin mac Ailín eider é & Sile inghen Thorcaill Óig Mic Leóid Leóghais .i. Domnall do baithedh ar chúan Uibhisd an bliaghuin tar éis báis athar. Alasdair do ghabh hoigreacht do éis. Eoin Dubh & Ruaighri & clann diolmhuin oile. Clann ag Ruaighri mac Ailín .i. Eóin Óg do ghabh a ionadh da éis & clann oile.

Trachtuim ar neigin dar eiridh re linn maimsir féin, ase fa rí re linn mo chét cuimhne .i. an céd Shérlus mac don .6. Sémus don treibh Sdiúbhardaigh ag so cuid dona huachtranuibh do bhi ar Ghaoidhealuib fan rí san naimsir sin, .i. Ragnall Óg mac Raghnaill Arannuigh marcos Antrom ar an Rúta & ar na Glinnibh a n-Éirinn, & Giolla Asbuig Caóch mac Giolla Asbuig Ghruaimuidh mic Giolla Esbúig Dhuinn .i. marcós Earrgaoidheil; Sir Lachluin mac Giolla Eóin tigherna Dhubhaird; Eóin Múideordach mac Domhnaill mic Ailín caipdín cloinne Ragnaill & tigerna Mhúideord & Uibisd; Eóin mac Rúaighruidh Mhór mic Leóid na h-Earadh, Sir Domnall Gorm mac Giolla Asbuig mhic Domnaill triath Sleibhte & Thróntarnis, cúirteir mór ag rí Sérlus; & Niall an Chasléin mac Neill mic Neill 24 Bharraigh: Lachluinn mac Eoin Bhailbh mic Fionguine an t-Sratha; Eóin Garbh mac Giolla Cholum Raarsaigh; Eóin Garbh mac Eoin Abruidh tigerna Chola; Muirchadh mac Giolla Eóin Lochbuighe; Domnall an t-Sróim mac Aongus mic Alasdar tigerna Glinne Garadh & Cnoidebhart na shenláoch an tosach mo chuimne & úa na ógána ar láimh an Dúnédan & na dhíaigh sin na mhorbhair chloinne Domnuill .i. Aonghas mac Alasdair mic Domnuill. & Ailin mac Domhnuill Duibh na uachtaran ar chloinn Chámshroin & a úa san na óganach .i. Eóghan mac Eáain mic Ailin mairfes fós. &


p.176

Seorus Donn Mc Choinnidh Óig Iarrla Síthphort uachtarán chloinne Coinnidh. & Domhnall Dúabháil mac Aodha úa Maghnuis .i. morbhair Meghrath na Chenn ar Mhorgannachuibh & móran do daonibh maithe oile do bhi na nuachtaranuibh sa naimsir sin acht nach sgriobhthar ann so acht na daóine do connaic me fein & fes coda da ngniomhtharuib ar cuimne agam.

Giodhedh is furusda dhuit as an tenguidh choitchinn ina bfuiler ag sgiobhadh san rioghacht fios ar thriobloid na haimsire dfaghail acht so amháin gurab cuimhnech liom gur ab íad na h-Albanuidh is taosga do thionnsgain cogadh sa na tri Rioghachtuibh & nar bhíad Sagsanuigh no Eireannaigh; oir tair eis coibhinent no comhchengal do ghenamh anaghaidh an ríogh & Shagsanach um na heasbaguibh do chur ar cúl & Presbetrí do chur na nionad gur chuiredar fios ar an rabh d'oifigechuibh albanach san ríoghachtuibh oile taóbh thall dairge & go ndenadar árd chommandair d'Alasduir Leislí .i. sensoigdeir do bhí fada accogadh ar choigcrich, do ghlúas an tarmsin ar anaghaidh go Sagsan ase sin an chét arm do cuiredh ar chois anaimsir rí Serlais & is na aghaidh do bhi se. Do cháigh na riogachta tre na chéile oshin amach san bliaghain do nannaladh tarrla sin 1639 & an tes na ngnoidhig sin do chuir marcos Aontrom .i. Ragnall Óg mac Ragnaill Arannuidh páirtaigh airm a h-Eirinn le hordughadh an ríogh go h-Albain & daóine úasle do chinnedh leó .i. Alasdar mac Colla mic Giolla Esbuig & coileneil Sémus mac Somuirle mic Sémuis na Banna & daóine uaisle oile, do cuadar na loinges a mbaile hac amí julí 25 1644 nor gabhadar cala no tir go rangadar Caol Múile & do cuiredar leigeir ma Caislén Cheann Loch Alann & do gabhadar é & do fágsad bárdagha air, do ghluaisedar asa sin go Cáislen Mhíogharí, do gabhadar é le mór saothair, do fagbhadh daóine air da mhuintir, do ghlúais Alasdair mac Colla & an phártaigh do ccois go Caol Reithe, do seol an luinges go Loch Eiseórd san srath go Sir Domnall, do bhi ordughadh an rí & an marcois Antrom um chennus na ndaoine do gabhail chuige & d'eirghe leó & gach duine do eirghed leó. Leath bhliadhain roimhe sin fuair Sir Domnall bas.

Tairges Alasdair mac Cholla cennus na ndaoine do Sir Sémus mac Domnaill & diultais Sir Semus sin, oir budh beg leis an cuidechta & an ríoghacht uile na naghaidh & gan san chuideacht acht cúig cét dég fer, gur be comhairle do chuir Aluisdair roimhe filledh ar ais go h-Eirinn o nar freagradh ordughadh an rí úatha. Fa n-am sin tangadar trí longa móra do loinges choguidh na Parlameinte Albanuidh timchell o líte gur sheóladar go rangadar bun Locha h-Eiscórd & luingeas Alasdair astigh san loch, tugadar troid dóibh gedheadh do gabhadh luinges Alasdair, ionnus


p.178

gur bh'eigen d'Alasdair anmhuin san rioghacht ina ttarla olc arr mhaith leis e.

Gluaisis roimhe tar Chaol Reithe, tar monadh Chuaich, asa sin doibh go Glenn Garadh, go nernadar campa ann & fuaradar martacht go sáidhbhir da mhuinntir & nior éiridh abheg do dhaóinibh. Asa sin doibh go Báidinech & do rinnedar campa an soinn do fhogradar do mhuinntir na tíre sin techt astech anarm an ríogh no go loisgfedh & go creachfadh an tír, do taisbenadh an t-ordughadh dhoibh & do thógbhadar leis an ordughadh clann Mhuirigh Bháideineach & caipdín & cennfedhna maith da fuil fein rompa .i. Eogain Óg mac Andra mic Eóghain tug tri chet fer da fhuil fein leis anarm an ri & do bhadar ro shesmach san narm an fedh do mhair an cogadh do eiridh clann Fhionnlaig Bhraighe mharr leo & cenn fedhna da fuil fein rompa .i. Domhnall Óg mac Domhuaill mic Fionnláigh do gluaisadar asa sin d'Afall & tarrla Iarrla Muntróas doibh amblar anaf afalla accruth ceannuidhe cláraige & máilín fa na bhrághúid ar ttecht o Sagsan & ordughadh an ríogh leis um ginleirecht na harmaraile do bheth aige & Alasdair mac Colla na mháidseoir Sinirel aige & do ghlacadar go toilemhail chuca é, do gabh urmhór fer Afall leó clann Donchaidh & Sdiubharduigh Afall do bhi tosach an fhóghmhuir aca nunámsin, & do ghlúais do chum an Mhachuir Ghallda. Tug arm ail mor dona coibhinentairsi coinne dhoibh angar do Phert an roibh ocht míle fer & ni rangadar féine da mhíle coisige do shlúagh acht gedhedh rugadar búaigh orrtha ni dhechaidh as díobh acht an rug luas each úatha. Do gabhadar Pert & do badh édalach ionmhussach íad tar éis an catha soin Phert. Ni rabh acht cúig la dég eter an cath sin do thabhairt & cath oile do bhrisded ag Obuirdhegh ar na covinenters aite abfuaradar cumasg cruaidh & troid thenn torannbhorb, do mhétuidh búaigh an da chatha sin misnech & menmna Ghaóidheal o sin amach, ionnus nach tugdis cúl do namhaid ar choram na ar anchoram.

Tarrla do Mac Cailin .i. Iarrla Earr Gaoidheal abheith na chenn don Presptri & na urruigh mhóir dona chovinentears & anaghaidh an riogh & tanic se d'Aird na Murchan & do chuir sídsi ma Chaislén Miodhairidh & nior chinn leis athabhairt amach. Tainic Eoin Múdeordach on Chaislín Tirim dionsaighan champa sin Mhic Chailin air íarradas Mic Cailín oir fa dóigh le Mac Cailín go n-eirghedh Eoin Muideordach & clann Ragnall leis na arm féin anaghaidh áirm an ríogh. Ni fada


p.180

dó san champa do fhill tar ais & do thionoil fecht Uibhisd, & Eige, Mhúideord & Árásáig & is í cét sheirbhis do roinnedh leó .i. Shúineord do chreachadh gan bhó gan chaora dfhagbhail innte & tabhairt go faichae an Chaislen Tirim & do chuir se Domnall amhac le cuid don chreich sin do chum na mbárd do bhí ar Chaislín Mhiodhairigh, & sanám chétna tainic Alasdair mac Colla anuas o Mhuntróas do thabhairt rélif do Chaislén Mhíodhairigh & tarrla Alasdar & Domnall mac Eóin Muideordaigh da cheile ann & fa luathghairech íad fa na cheile dfacsin oir do bé sin tús aneólais ar achéile, tangadar asa sin don Chaislen Tirim ar fágbhail athrughadh bárd ar Chaislén Mhiodharidh, do ghluais Eoin Muideordach & íad féin d'árasaig & do mhorshrón & do cuireadar techta dionnsaigh Mic Leóid diarraidh air techt astech anarm arí do reir a dhlighidh & do dhiult se dhoibh & tangadar do Chnóideórd & tarrla Aonghus mac mic Alasdair riú annsin, & do bhadar ag iarraidh air eirghe & ni dearrna sanuairsin. Giodhedh do eiridh Domnall Gorm derbhrathair athar leó & an chuid budh mo dferuibh Chnóideórd & Ghlinne Garadh, do thrialladar ó chenn Loch Neimheis amach mám Chlach Árd go Loch hAbar & don Bhráighe & do éiredh Domnall Glas mac mic Ragnaill & fir an Bhrághad leo & tainic Sdiúbhordaigh na h-Apan chuca ann soin & clann Eaain Ghlinne Comhan & fer Ghlinn Neimheis & an raibh taobh hoir do Lóchuidh do chloinn Chamsroin, do ghluaisadar as soin go Báidinech & tar mhonadh Dhruim úachtar & go Blar an Afall & tarrla marcos Muntrós riu ainnsin & fa buigheach é don toigheasdal sluaigh sib do chuiridh le h-Eoin Muideordach chuige do gheanamh seirbhísi ariogh shaoghalta. Do chuiredh chomhuirle choguidh na suighe san bhall sin & dfhéigsin caite a ceth ccaithfedh síad an geimhredh ase shaoiladh an sinireil gurab ar Ghalldacht do bionchaithmhe an gemhradh & do mhios cách gurab ar Ghaoidhealtacht fa dainge dho an tárm do bheith do aontaigh Muntrós an ni sin ar choingheall go fuighedh an tárm biadh & loisdmed ann & do chuiredar fios ar Aonghus mac Ailín Duibh go láthair na comhuirle .i. duine uasal dferuibh Ghlinne Comhan do chuir Muntrós ceisd ar Aonghus narbh eolach anna ttiorraibh Mic Cailín no an fuigheadh an sluagh biadh no fas longart ionnta san gheimhradh do fhreagair Aonghus an morbhair & isedh a dubhairt nach raibh baile no leith bhaile fa thighernas Mic Cailín nar bheol dó & da foghnadh tighe díonach & bath remhra mar bhiadh re chaithemh ionnta go fuighedh doibh e do thaitin an fhreagra ris an marcós & do áom triall d'Earr Ghaoidheal. Do ghluais an sluagh a Braighe Afall & do chuadar go h-Apuinn an Meinnéinigh & do loisgedar í & asa sin dhoibh go cenn Loch Tatha & do loisg síad ar gach taobh dhe

p.182

& tainic clann Griogoir & clann Anaba a chucha do chungnamh le hárm an rí do chuiredh Eoin Muideordach & amuinntir fein & fir an Bhrághad ar slighidh ar leith ón chuid eile do narm do ghenamh creachadh ar fedh gach tire ionnus nar tharrla re Muntróas e go rangadar Cill Martain a n-Glasradh & tug an crechta 26 sin mile bó ar aontiubhadh do chreith astech go campa Mhuntróas ni fuil re rágh air acht gur chreachadh & do losgadh tiorrtha Mic Cailín uile don toisgsin, & gur marbhadh 800 & ceithre fichet & cuig fir dég sna tiorruibh gan bhlár gan machuire do thabhairt ionta. Do ghluais an tárm a h-Ear Ghaoidheal tar an Chonguil Ladhárnuigh ag siubhal gach tíre go rangadar Inber Lochuidh an Loch h-Abar.

Ni roibhe Mac Cailín diomhaoin oir do chuir se iarraidh ar thigerna Achadh na Mbreac as Eirinn chuige, oir do bhi se a n-Eirinn o thosach an choguidh & duithadh Íarrla Aontrom aige & abailte móra ar aláimh & arm na sheasamh aige ionnta. Do chúaidh an marcos fén go Dún Éidin da chasáoid re comhuirle na h-Alban nach roibh Muntrós no Alasdair mac Colla ag fuirech ris do chum catha do thabhairt doibh & do chuiredar reisiment chuig cét leis do shoighdeiribh mar chungnamh & mar fiadhain, Tainic tigerna Achuidh na Mbreac as Eirinn chuca & do ghabh mir & dásacht é mar fuair se ar na losgadh & ar na creachadh a dhuthaidh ar a chionn. Do chruinnigh se clann Mhég Dhúimne go lionmhur ler thionoilte & do trialladar ar lorg anairm sin muintros & Alasdar mic colla, acht ar techt do Mhuntróas go h-Inber Lóchaidh, tainic Sir Lochlinn Mac Giolla Eoin chuca ann & Aonghus mac mic Alasdar tigerna Glinne Garadh, acht do bhi daóine mic mic Alasdar san narm roimh sin do ghnath & ar nglúasacht as Inbher Lóchaidh don taobh túath ni fada do chúadar anuair tainic sgela chuca go ttainic Mac Cailin & an mhor shlúagh sin go h-Inbher Lochaidh & gur loisgeadar Bráigh Loch h-Abar, do fhilladar a Cill Chuimín a n-obairthairbh an tarm sin riogh Sérlus sa nuarsin & marcos Muntrós na geniler aca & Alasdair mac Colla mic Giolla Esbuig na maigheor ginirel & na huasle sin chloinne Raghnuill & chloinn Domhnaill .i. Eoin Múideordach mac Domhnuill mic Ailin & a mhac Domnall & Aonghus mac mic Alasdar tigerna Glinne Garadh & a ccinnedh & an daóine muintire féin leó & na trí Reisimente Eirennacha do dherbh dháoine muinntire Íarrla Aontroma. Do bhi ann accinnfedhna fein romptha .i. corneil Sémus mac Somhuirle mic Semuis na Banna mic Shomuirle Bhuighe & Ragnall Óg mac Alasdar mic Allasdar mic Aonguis Uaimbhrigh, & Mághnus mac an Giolla Dhúibh Í Chathan derbh chomalt Iarrla Aontrom. Do tháobh mic Giolla Eóin Sir Lochlainn ni roibhe do dháoinibh na fhochair acht tuairím da fher dhég da muinntir da choimhidecht; Do bhi duine maith ann d'uaslibh Alban .i. morbhair Oglabí & a mhac duine gasda .i. Sir Tómós. Do ghlú aisdar o Chill Chuimín tar Láirc Thurraid & astech


p.184

go Glenn Ruaigh & tairis an Sbethain & tarrla pártuidh don namhuid dhoibh ann soin & do leansad iad & do marbhadh anurmhor & an droing do chuaidh as diobh tugadar sgeala don champa & do bhi anmach día Sathrainn ar techt orrtha an tra rangadar ar comhuir anamhad. do chúaidh an slúaigh Mic Cailín ar accoimeid & do bhi foraire gac sluaigh dhiobh ag lamhach ar achéile ar fedh na haóiche, Do chúaidh Mac Cailín féin na luing & do fhágaibh tigerna Achuidh na Mbrec re haghaidh na hiorghaile, acht a bfhior thósc na maidne do cóirghedh na catha aneagar & anórdughadh Día Dómhnaigh la féile Bríde an cét la d'earach anno domini 1645. Do cuiredh amach a harm an rí cuidechta & Magnus mac an Ghiolla Dhuibh í Chathain rompa, & do cuiredh cuideachta eile na naghaidh as arm Mic Cailín, & Giolla Asbuig mac Giolla Esbuig Óig tigerna na m-Bingingedh tug an da Phártuidh troid da cheile nior fada gur brisdedh ar ann partuigh sin airm Mic Cailin gur cuired na corp féin go haimdheónach íad do chuaidh corp anairm tríd a cheile dhe sin tugadh anaduannsa orrtha & do brisedh uile. Do marbhadh úrmhor an tslúaigh & do báthadh iliomad diobh ar Bhun Neimheis, do marbhadh tigerna Achaidh na mBrec & tigherna Cháraduil & Próvisd Chilli Munna; do ghabhad tigerna an Bharrbhric, tigerna óg Charadail, Mac Íomhair na Pinnginge Móire, do gabhadh an chuid nar marbhadh do chinedh Mic Cailín uile an la sin. Easbadh airm an ri .i. Tómos mac morbhár Oglabi Capdín Brain & seisir do soghdeiribh.

Gluaisis Muntrós tar eis an catha sin & árm an rí don taóbh atúath & tainic Mac Coinnidh .i. Iarrla Sithphort chuca & tug abhríathar go tiocfa féin & adhaóine leis a nairm an rí da chuidiughadh do chuir se tionol & tiumsachadh ar a mhuinntir a Leóghus & as gach tíre oile do rabh aige; iomthós Muntrós do chaith se an terrach annsa taobh atuath ag nertughadh ahairm fein & tainic na Gordonuigh da ccommoradh & morbhar Górdon mac marcos Huntlí & do bferde iad. Fa námsin tainig arm na comhairle Albann as an taobh adeas; & tainic Mac Coinnidh & a arm fein o thraigh fir Leoghuis & anoirire a tuath a se ni do rinne Mac Coinnidh féin & a mhuinntir dol dionnsaigh airm na Parrlameinte & fhocal do bhrisdedh ar Muntrós & ar arm an rí.

Tarla ag alta eirinn Muntrós & arm an rí ma namsin & morbhar Górdon & a mhathshluagh & ashluagh coisi. Tanic Natanial Gordon on foraire chuca & tug sgela dhoibh go rabha an námhuid


p.186

angar dnnibh, marach maith an fearsin lamh fhuiltech áthasac an Gordonach Caoch ainm oile dó. Do cóirighedh catha glesda glan-airmmach Gaoidhel ar chomhair a nescharad & tugadh an lamh dhes don mharcsluagh ghloinnmhir Górdonnigh & da morbhair & sdiuradh cuirp an chatha don mharcus mhear mhórdhalach Muntrós, & gabhus sir Alasdair arm dherg échtmhinig .i. mac calma churannta Colla Chiotaig mic Giolla Easbuig mic Colla mic Allasdar mic Eoin Cathanaig lámh chlé anairm chuige fá chomhair laimhe deisi na námhad, & ar mbeith dallasdar ag córughadh amhuinntire, tainic dúine úasal ón mhorbhair le techtairecht chuige & do labhair san bfoirmsi,
‘Do chualamar a mhic Domnaill go rabha coimhcengal & caradradh ag ar sinnseruibh re chéile & nar bhuailadar buille anaghaidh a chéile gach be ar bioth cennarc do bhiádh eter an chúid eile d'Albanachibh & íad & nar mhó clú chrúadáil ar threabhibh oile na ortha, ar a nadhbhar sin dathnuaghadh an coimhcenghuil budh mían leam a chónadh dfaghbhaill úaibhsi & asi sinn malairt choisighadh anchét lá dom sheirbhis dom rí saogalta, ase sin mo shluagh coisi féin do ghabhail chugad & do choisighesi do chur chugam.’

Do rinnedh go hathlamh le h-Allasdair mac Colla an ni sin, do chuire deichnemhar & ceithre fichét dionnsaigh mhorbhar Górdón dona senn soighdeoribh, ar na nderbhadh go minic amor dhochribh aniomad daitibh & tainic chuige na náit sin trí chét coisidhe do mhuinntir Bhug na Gaoithe & Srathabhalgaidh & Bhraighe an Mhachuire nar chlecht cumaisg nacrúaidhe comhlann na torann treathan-gharbh troda. Acht gerbh olc d'Allasasdair an mhalairt sin, fa maith do muinntir í oir ni rabhadar am blar no an sgeirmis riamh fa saóire dhaoibh na é, tar leó nach roibh do curuim ar mharcsluagh na n-Górdónach acht abheith ag tesairgin na ccoisigedh o nuile chunntabhart. Iomthus Allasdair tairnges amuinntir amach agarrdha ina ttarrladar & nior chonnaibh aige da gnáth mhuinntir féin acht teachnamhar & da fhichet da daoinibh úaisle & cuiris cuiger ar fhichet diobh sin san chét ranga & cuiger ar fichet san ranga dheighenach dhiobh & do tarruing athrí cét coisighidhe Górdónach na meaghóin & do ghluais féin romptha & is iad daóine tarrla ar accomair réisiment thigerna Labhair daoine trénailt denta & daóine uaisle Leóghuis na accuidecht a cheile do thionnsgann torann na troda amhuil is gnath sanuile mhachuire & nior mhaith fullann sin ag na coisighibh do bhí an diaígh Allasdair mic Colla, oir ni cluinnfedh cuid diobh sionnsa sóighde no fed peileir nach dénadh cromadh cinn no iomrall aisdir; ase fa cosnamh d'Allasdair nuairsin ag imdhecht an díaigh achúil ag sméidedh alaimh ar amhuinntir misnech mhaith & meirseil athlamh do dhenamh & gan dfheidhm ag a dhaoinibh uaisle da ghénidh acht a connmhail acuidechta na nordughadh no


p.188

gur sháruidh orrtha do baithnigh damh daoine no rinne marbhadh ar na coisighibh Gordonach da cconnmhail o brisdedh do ghabháil mar do chonnaic an námhuid an ni si eibhghedar anionnsuigh & an tasalt do thabhairt. Tug Alasdair ordugh an garrdha as ar thriallad roimhe sin do thabhart orrtha & tangus orrtha faoí sin le pícibh & le sóighdibh do bághas ag denamh marbha ortha ar gach taobh don garrd(h)a ma fuair an chuidechta astech ann, do bhris cloidhemh Alasdar & fuair se cloidhimh oile na laimh & ni roibh cuimhni aige féin cia tug do é acht daoine ag tabhairt baramhla gur be a chliabhain Mac Cáidh Aird na Croisi tug dhó a chloidhimh féin, & do thuit Mac Cáidh sa nuairsin & Fer Dírch 27 Mág aodha & daoine uasle maithe oile ma dhoras an gharrdha do bhí ag fanmuinn re h-Alasdar do chur astech romp & ar ndul d'Alasdar astech san garrdha do chuir glés troda ar an roibh astigh ann do thabhair relífe do mhuinntir do bhí amuigh, & fa diobh Ragnall mac Domnuill mic Aonguis Mhuilaigh Me Ceanain 28 ni leigim thoram an bhegansa do cur sios da ghriomharthaibh do rala dho a bheith ar siubhal ameasg na n-Gordonach & ni hionann taobh don gharrdha gus ar ghabh e & an chuid eile do dhaonibh uaisle Alasdair do bhi ameasg na n-Gordonach ar siubhal no gur mhothuidh se an teapar do chur ma na slinnénaibh aige do iompáigh a aghaidh re na namhaid do bhi a chloidhemh ma bhraghuid & sgiath air a laimh chle & gunna glaice na laimh dheis do chuir se an gunna riu & do sdadar cuidecht do lucht pícedh do bhi na dhiaigh mar tarrla slighe cumhang rompa les sin ni rabha duine da chuidecht fein do bhi na dhiaigh gan dul roimhe do bhi marbhadh tiugh ag lucht bóghadh ga dhénamh ar na coisidhibh Gordonach ma nám sin tarrla dfiorbogha a bheith ag rioth seachad ar Raghnall & é ag chur soighed ar Ghordonachibh tug súil tar a ghualuinn & do conaich an fuirech do chuir Raghnall air lucht na bpiced & do iompaigh alamh on bfer do bhi roimhe do shéol a shoighed ar Raghnall do bhuail san pheirceall do chuir dorn dí amach ar an bpeirceall oile ainnsin do sgaoil Raghnall an turch & ni ar fer an bhogha teilgis an gunna úagha & cuiris lámh accenn a chloidhimh do bhí a sgeithe abfad úagh amach da im dhíden ar phícibh tug iarraidh da chloidhimh & ni tháinic leis oir do rioth an crios 29 timcheall leis & ni thainic an cloidhimh amach tug an dara fecht leagadh ar laimh na sgeithe fa nasgail ar truaill an chloidhimh & tugadh amach é. Giodhedh do cuiredh cúig píce eder an chíoch & an smeig ann leis an bfolbhughadh-sin acht ni rabha orrlech ar doimhne anen áladh da ndernadar air ansoin. seal ar an seol soin ag gerradh phícedh &

p.190

an méid do churtháoi an sás na sgeithe díobh. Do tharr se adhruim ris an gharrdha do chúm a choimhéta & do bhi ag dénamh imechta ar eigen dionnsaigh an doruis. Do bi lucht na mpicedh ag dol a n-édánacht air ón mhét do bhí ag gearradh dhiobh acht aoinfer do bhí da thuargain go harrannta iomarcach tar leis an bfersin go ccoimétadh a píce gan gherradh & go tuitfedh afher comhloinn leis. Do bhi Raghnall ag esdecht re hAlasdair ag gabhail do bhatha ar Ghordonachibh fa olcas an lámhadh do bhádar da ghenammh do thabhair relif dho fein as a nionadh ina roibh acht do bhi se ag triall go dorus an gharrdha céim ar chéim & anuair do shaoil bheith angar don dorus tug léim ard athlamh ó fher na píce & tug a chul dó & aghaidh ar an dorus & do chrom a chenn, lenais fer na pice é gur chróm a cheann fein faoi an dorus, do bhí Alasdar san úairsin do bfeithimh & tug buille dfior na píce, & ger bathlamh do chum iompóigh arís is edh tarrla cenn an ógláigh da bhualadh fa na heasgadagh ar Ragnaill on bhuille tug Alasdair dhó, tuites achorp san dorus & achenn san ghardha, ar ndírghedh adhroma do Ragnall & ar namharc na dhíaigh ar an dorus ag sin mar connairc a chompánach; Do gheradh an t-soighet do bhi an Ragnall & tugadh as í & fúair as í & fuair a thenga go maith & comus labhra ni nar sháoil.

Do burusd a rágh nach go tím-diomháoin do bhadar an chuid oile dárm an rí sanuairsin .i. Marcós mer menmnach misnech mhór Muntrós & morbhair cródha curannta gasda galannta gasgemail Gordón gona auaislibh na fharrad. & an cuid oile don droing dhána dháchtuidh 30 Domhnallaigh & don reimh runbhuirbh ro chalma reachtaigenntaigh Raghnallaigh. Acht tugsad a naghaidh anámhad go harracht urronta gan uamhan gan imeagan buille na urchaire. Et tarrla do Muntrós a gionarál go rabha re na shluaigh & é ar Árd Chnoic, & do connairc an guasacht & an gábhadh an rabha Alasdair, & ase ni do rinne do léig gláodh mor as ag brosnughadh na núasle & an tsluaig do bhí an ait eisdechta dó & isedh duibhert, is mor anáire duinn an daon duine ag tabhair ar clú dhinn do ghnáth mar bhrisder ar nuile namhuid romhuinn ag sin Alasdair ar breith búagha ar an mhuinntir do bhi as achomhuir fein don chatha & tuguibhsi anadbhansa go glésda gradathlamh; Do fregradh go furachar an fhogra sin ó nard geinirél, ionnus nach rabha marcach nar tenn a sháil re haisgail eich no coisidhe nar chruaidhigh a chéim go talcmhor troighesguidh & go sanntach solamhagh ionnus go ndechadar ameasg anamhad don ruatharsin, & do brisedh ar mathshlúag na namhad gur chuiredh amesg na ccoisighed íad; iomthus Alasdair, do mhothuidh do mheirge mhóir


p.192

an ríogh ag techt ar cúl an reidsiment do bhí ag tabhair trod dhó, ain sin do chuir gles ar amhuinntir do tarraing amach as an ghardha do chum troda & tainic marcach o Muntrós chuige faoí sin, tug Alasdair adhaóin as an ghardha, in mhéid do bhi infhedmdha diobh, giodhedh do fháguibh secht bfhir dhég do bhí búailte astigh do dhaóinibh uaisle nar fhét techt a mach tairis ar marbhadh dhiobh do chuir gles troda ar an ccuidechta & do ionnsaigh anamhuid an fecht tanaisde & do ionnsaigh Muntrós ar an laimh oile íad, ionnus gur thuit an reidsiment sin tigerna Labair & úrmhor fher Leoghais mar aón riu narángadh, do lenadh an ruáig orrtha gur theisirg Inber Nis an chuid do tharr as diobh & is ar eigen do chuaidh Mac Coinnidh as ar each ar call adhaoine & achlú. Do biomdha lamh áthasach do Dhomnallachibh & Ghordonchibh do bhi san lathair sin gan iomrágh ar a heaghnamh na ar hard chosgar. Amhuil adeir Muntrós ag techt ar an lá anáit oile, gur abh aige féin do connaic an seiser as mo do ghabh mire & dásacht cath go marbhadh daoine da faca se aige féin na ag duine oile roimhe no na dhiaigh & fa dhiobh Nataniel Gordon & Ragnall Óg mac Alasdair mic Aonghuis Uaibhraigh31 & morbhair Gordon féin & triuir oile ge be íad. An tús samhraidh tugadh an chathsa uilt Eirinn san bliadhna 1645. Tar eis cur an bhláir do léig 32 siad an sgíos tamall an dúthadh morbhar marsail do bhí na chóvenantair & na eascarad dhoibh. Tainic Alasdair mac Colla go tràigh do thógbhaile daóine ar Ghaoidheltacht & diarraidh mic Giolla Eoin & Eoin Muideórduigh, is ann do chuir an comhuirle Albanach arm ar achois & Sinireil Beillidh rompa & Mac Cailin na ccuidecht, do bhi sgela acca sin go raibh Alasdair ag tráigh, do chuiredar romptha coinne do thabhairt do Muntrós ni is taosga na thiocfa Alasdair & an chuid oile do Ghaoidhealuibh da chungnamh & tarrla an ní sin; tugadar coinne do chéile analphort .i. Sinireil Beillí & Mac Cailín & arm na comhuirle Albanuigh go lionmhor leir thionoilte, & is íad so do bhi abfarradh Muntrós darm an rí .i. morbhar Górdón & a mharcshluagh ghléasd groidhéghadh Gordonach na fhochair, & Aonghus mac mhic Alasdair tigerna Ghlinne Garadh sa nuair sin & an rabha do chloinn Ragnaill na fhochair & fir Bhaidineach & páirtuigh dfheruibh Afall & ar bfaicsin acheile dona sluaghadh, do chuiredar glés fiachdha fuathmhur fíorathlamh orrtha leith ar leth, do cuiredh ó arm an rí buighin d feruibh Bhaidinech dfógra na deabhtha & do thionsgnamh na troda & do chuiredh buighen oile na naghaidh sin ó arm na Parlamainte ann sin do labhair

p.194

aon dona covinenter-se re na arm féin & is edh adubhairt,
‘Is gnáthach leis na daónibh ata inbur naghaidh tús gach ionnsuighe do bheith aca oruibh & na tuguibhsi an tosach sin doibh aniugh, acht ionnsuigibh íad go hathlamh aigentach’; & do labhair fer oile an arm anarm an rí .i. morbhar Górdón ‘na bíadh faitches ar aon aguibh nach tíubhra misi Beillí chuguibh ar mhuinel a meghoin a chuidechta’; as ann soin tug an da cuidechta sin da rúathar rechtmar roithinnisnech a gcert chomhdhail acheil, baoi do luás na mársala do rónsad go ndechaidh cuirp an da airm na céile sul loisg an da phairtuigh do chúaidh uatha do dhusgadh na troda aon urchar air achéile gur ab é ni do rónnsad béil an gunnadh diúmpúg ar chorp anairm & an lád do bhí ionnta do thabairt doibh & is úatha tainic an turchar tupaisdech ler thuit morbhar Gordon & é ag cur alaimhe san chrios cloidhimh do bhí fa bhrághaid Shinireil Beillí, do bhadar na sluaigh an dosanuibh acheile sanuairsin an mathsluagh & angruaga andornuibh cléi acheile & iad ag gabhail da mpiostaluibh a ccloignibh aroile & ansluagh coisi gan fios aca crét do gheindis o bhuaighradh anech do bfhiaghain ar sin Alasdair mac Raghnaill mic Ailín oir is e féin & Ailín Óg mac mic Alasdair do bfoifigidh don chloinn Raghnaill do bhi san lathair si oir do bhi mac mic Alasdar féin san turpa farre Múntrós. adeir Alasdar mac Ragnaill go rabha féin tamall & biorrdhías achloidhimh re lár gan fios aige cia ar ambuilfedh buille gan aithni aige ar caruid sech namhuid, do bhadar mar sin no gur sgairt an t-oificech tapaidh maiger Lidas san tenguidh bherla na heich uile do shearrughadh. Nior chuala an focalsin aon marcach nar glan a ech féin amach o na coisighibh. O sin amach fuair anuile dhuine comus feadhma do dheanamh le na laimh & lena loinn. & nior léigedh ath iompsogh do mharcsluagh na cóvenenters acht a leanmuinn ar an druim do sior mharbhadh. Do chuir tuitim mhorbhar Górdon do chrádh orrtha, gur fhogradar gan cethramh do thabhairt do dhuine ar bioth an la sin, nior fhill duine ar bioth on rúaig do mhathshluagh Muntrós no gur sgíth a n-echradh, & do bhí tigerna Ghlinne Garadh san ruaíg aige ar marcos Earrghaoidheal no gur sgithigh ech faoí & é anaite fraghairc dho ghnáth gur mhalair(t) an Marcos trí heich an la sin ag teichedh roimhe go ndechaidh as le lúas a eachraidh.

Iomthós Alasdair mic Cholla do ghlúais se ó thraigh & o na Garbh Chriochaibh & cuidechta mhór mhaith leis; an rabha ag baile ag Eoin Muideordach do dhaoinibh óga a dhúcha & a chinnidh & Dommhnall a mhac rompa & clann Giolla Eoin o Mhuile & Stiubarduigh


p.196

na h-Apan & clann Ghriogoir & foirenn oile. Ar 33 riochtain doibh campa Múntros do bhí failte mor & luathair ag Muntrós & ag cách oile rompa do thaisbenadh gach cuidecht ar leath diobh don Ghinireil & tug an chuidecht sin mic Eoin Mhuideordaigh .i. Domhnall fer mainda chrothach narach taisbadh 34 nemhshodalach abfiaghnaisi acharad an fer soin & e nertmhar nemhsgathmhar ar aghaidh a eascarad & accenn a fhichet bliadhna da aois fa nam soin. Tarrla comragh an oichthesin an teint an Ghinireil & an Ginireil et an maigeir gionaral .i. Alasdair mac Cholla go ndubhair Muntrós nar mhor an chuidecht do chaipdín chloinne Ragnaill gan lion creichthe do tabhairt astech go harm an rí do chur le na mac chuige do fhregar Alasduir gur cuir se sin leis do eiridh Alasdair as an teint amach & rainic an lóisdín ina rabha Domhnall & do raigh ris a Dhomhnaill amic ar se dein ullmhughh 35 do mhuinntri do chum creach do tabhairt don champa & bidísd réigh agad go gluasacht ar madain amárach & ni racha leat acht do mhuinntir fein & lucht eoluis don tír ambí ar nordughadh. Do fuaradar nordughadh ar maidin na diaigh tugadar creacha mora don champa anaimsir athghoirid do do thaitinsin le Muntrós & leis anarm uile ionnus gur be Domnall & mhuinntir is mo do roinn chrechuibh do raibh san narm uile. Cuid daghbharuibh na creach sin do thuit air tardaoinibh oile do bhíodh morán do Ghaoidhealuibh oile do churrthaoi do thogmháil chreach ag imdhecht leis na crechuibh do nídis dionnsigh an ttiredh fein gan ched da nginiral ni ghénadh mac Eóin Mhuideordaigh an ni sin oir ni leigfedh nech da mhuinntir le creich na la cobhartach úadha & adhbhar oile nar bhurusda da mhuintir dferuibh na noilen techt le creachaibh dionnsuigh an tiorrtha féin on Mhachaire Ghalda ó na hadhbharaibh-si do thuit trom na creach do chur don champa ráighthe an tshamhraidhsin air tug se creach mhór a dúthaidh mhorbhar Mharsal & chreich omachar Aonghuis & is e do chrech na Mhaoirne.

A tarrla sennduine onórach dhoibh & iád ar an chreichsin do bi ag innisin sgéala & is senchais doibh accenn gach sgéil eile dar innis doibh a dubhert nar chreachadh an Mhaoirne o náimsir do creachadh le Domhnall a h-Íle í an bhliaghain tug se cath Garbhthec do diuibhche Murchagh ‘& saoilim ógánaigh gur ar sliocht na ndoine ata sibhsi masa sibh chaipdin Chloinn Raghnaill.’

Ma namsa do chruinnidh comhuirle na h-Alban accenn acheile, do mios siad gur nar & sganalach dhóibh partuigh bheg airm do Ghaoidhealuibh do chíosachadh na ríoghacht, uime sin do


p.198

chuiredar cruinniughadh ar slúaghaibh na ríoghachta uile an mhéid do bhí ionairm dhíobh, do ghlúaisadar an diaigh muntros & Ghaoidheal an mhorshluagh sin na h-Alban anuaisle & anoificidh a marrscennuidhe & a mairnealaidhe ionnus go raibhe cúig míle maruighe na cuidechta nar throid ar tír riamh gus a nuairsi anuair do mothuigh an beg sluagh sn riogh bretan & Ghaoidheal an ni sin do chuiredar glés coimhéta orrtha fein da ndiden o thír go tír & ratréta orrtha gach aon la & imghecht ar eigen acasan ga ghenamh go hurrunnt eolghasach.

La do dhoibh o Choill Mheadhoin & ratréth go tenn & imghecht ar eigen aca, do be la fa mo an tárm namhad do chongadar riamh na ndíaidh. Tarrla do mac Eóin Mhuideorduigh & da muinntir abheith san rírar anla & an maigheir sinireil ag seasamh aposda fein ar aon riu & troid do ghnáth aga namhuid do chunn mhail orrtha. Do bhi aon mharcach arranta roimh chách ag techt astech do shíor ionnta ionnus nach tegmhadh bél átha no abhuinn riu nach cuirfedh an marcach sin buaighradh mór ionnta & tar le mhuinntir & leis fein gur bhe aon lamh fhedma na h-Albann é (sedh budh ainm dhó Coirnilar) 36 tug se a 3 na 4 dona hechaibh bagaisde diobh an la sin. Do bhi Aonghus mac Ailin Duibh ar deiredh a chuidechta féin ar muin eich gan phillín gan dial & guna fada trasda na ucht ar a bhélaimh, ni do mhuin eich fa gnath leis congnam do ghenamh acht da chois tar leis gur mothhaigh an marcach ag denamh uair no dho air uair duairibh da ndainic an diaigh aonhuis tug Aonghus an chos re lár & do léig a each fein uaidh do chuir a ghunna ar cloich go hathlamh, & do loisg an turchuir, & do thuit fer an trusgain dhéirg fo chosaibh a eich le asgarbuib sróil & le lásduibh airgid, tug mhuinntir gáir mhór do chaoinedh do faobhuighedh é & fágbhadh ann sin, & ni hainig an namhaid ni budh dána na sin orrtha an lá sin na an la na dhiaigh do bhadar ar nordughadh sin a tri dég na ceithir dég do laoithibh 37 gan suamhnes ar bioth acht ruaig do ghnath orrtha. Muntros ag denamh díchill gliocais dfechuinn an fétadh an tarm mór do bhí na dhiaigh do sgithiughadh ar bharamhail go sgaoileadh cuid diobh uatha an doigh go fédad blár do thabhairt doibh gidhedh do bhí na soigdeire da sgithiughadh le dith bídh & codalt, ar techt an gar do Chill Saoif doibh ar siobhal óidhche do ghabhadar campa & longphort sa nionadh sin; moch na maidni ar na mhárach crét do chídis acht antarm mór eter mharcsluagh & coisighe. Ase ni do bhi ann gur beigen darm an rí an campa dfhágbhail gan fheoil gan aran do chaithemh ma bhí se aca & gles trota no teichidh do chur ortha. Ar tarruinng na cuidecht do chuadar anuaisle & anofigheadhe accomh airle cia aca do gheinidis blár do thabhairt no an rátrét, do iarr Muntros an chúis do leigen faoi breithemhnus na soighdeóire &


p.200

anairm uile, ase ni adubhairt an sluagh uile daitheasg aoinfhir gur bferr blár do thabhair ar mhéd achunntabhairt no ruaig do bhi orrtha do ló & doichthe do ghnáth. Cuires Muntrós trompadair dionnsuigh anairm mhóir le sgéla go bfaighdis machaire do chonnmail riu, mur do chúala an mhórshlúagh ani sin, budhr a meanmna, ionnus gur léigedar garrtha móra áoibnis & luaithaire os áird asda, do choirgedh anegar & anordughadh íad, do cuiredh trí mile do lucht picedh & mhosgadh ar mbelamh ar trí sgonnsuibh & do tárnedh aon mile dég fer na mpataillenuibh air chúl sin, & tar leat budh crúaidh anobuir do bhegan buigne aghaidh do thabhairt orrtha manámsin. Do coirighedh cath cosanntach cruaidh chroidhech glanarmach Gaoidheal & isé anuibhir ceithre míle coisighe & cuig cét marcach ase inneal do chuiredar ortha coslomnocht & an leinte an gobhal gach aon aca, & leinte geala ar uachtar earradh amarcsluaigh.

Do ghlúaisadar na foirne feramhla fergaibhsech sinn anaghaidh mhosgadh & mhór ghunnadh bádar re na nucht san uair sin, do thiongsgain an troid le togha reisimente do Gaoidheluibh Eirennach & Albanach, do bhi tiúnta ar lámhach & teghmha ar troid & máidseoir Lachannáin rompa & Alasdar mac Colla ga seoladh & ga ngresacht do bhí da reidsiment oile re relif do thabhairt dalasduir & don bhuigin da chuadh sios ar ttús .i. reidsiment Mic Giolla Eoin & reidsiment Dhomnaill mic Eoin Muideortuigh, acht do bfhoisge do throid da thabhair clann Giolla Eóin do thaobh anorduighe na clann Ragnaill & do bhi do thes na troda ar máidseoir Lachanan gur sgairt Alasdar mac Colla go deifirech relíf; tarrla cáil fheichemh-nuis san n-uairsin eter Domnall mac Eoin Muideorduigh & Domnall mac Eachuin Óig mic Gillieáin um thosach dul síos, giodhedh gerruis clann Ragnaill antslighe tar bhrághuid clann illeóin & do ionnsuighe na sgonnsuig ar arabha an namhaid, Domnall mac Eóin Muideorduigh re na a muinntir & Pádraig Caoch mac Griogoir & a mhuinntir anaon reidsimeint & clann Raghnuil tugadh an t-asalt daoin réim le harm rathmhor ri breata sa n-uairsin & is é amacsin Eóin Mhuideorduigh chét duine do léim sgonnsa na naomhad diobh & a mhuinntir na dhiaigh do cuiredh na rúaig mhadma ameasg an tsluaigh mhóir do bhi re na ccúl iad & do leanadar cách go dion dasachtach íad, & do bhrisd ar an tslúagh mhór uile, go rabhadar fedh an laoi an rúaig orrt da leadairt & da lán chosgair & ar ccriochnughadh ar cur an bhláir do ghabhadar camp in Hamaltdún & tainic eochracha an chaislin mhóir ó Dhuneiden chuca & do sdríoc Alba uile dhoibh.

Do gheibhinn moran re na sgriobhadh do sgeluibh ar gnoidhibh


p.202

na haimsir da ccuirfin romham e acht as e tug oram anuradsa fein do sgriobhadh mur do connairc me gan iomrágh air bioth ar Ghaoidhealuibh ag na sgriobhnoiribh ata ag techt ar gnoidhibh na haimsire an mhuinntir do rinne an tseirbhis uile.38

Iomthos mharcuis Mhuntrós do ghluais & cuid do árm leis ar sligidh dul go Sagsan do tabhair relíf don rí & é a neigen ag Sagsanachuibh sa n-uairsin, & do bhrisedh ag Fhilipfach air & nior fhéd furtacht do thabhairt don rí.

Tainic Alasdair mac Colla o champa Hamalton go Cinntíre & do ghlan do féin í & do fhógair aisde clann Mhég Dhuimhne, do thóguibh Dún Ábhairtuigh mar dhaingen. Tainic Domnall mac Eóin Muideorduigh on champa sin Hamaltun do thir féin & do bhí Munntros ar techt ón bhriseadh Filipfách san taob atuath & ar mhair aige do dhaoinibh ar an seol sin dhoibh seal daimsir Muntros san taobh túait d'Alban & Alasdair mac Colla a Cinntíre ag cor díthe ar Earr Ghaoidheal & ar Chomhghall & air na chriochaibh & Eoin Muideordach sna Garbh Chriochuibh an teannta re tráigh. Do chuaigh Eoin Muideordach & a mhac Domnall go h-Íle & afecht féin leó & do fhógradar eisde an rabha do chloinn Méig Duimne innte.

Fa namsin 39 tainig Iarrla Aontrom a h-Eirinn do Chinntire dfhios anairm sin do bhi aige féin innte & do chuir fios ar an raibh mar aon re Muntros & tangadar sin chuige don chéid iarruigh. Tainig dhe sin muntros do dhul as an rioghacht diarruigh conngannta ar righibh & ar phrionsuibh oile do chonghnamh le rí Serlus & ar filledh do on turus sin do milleadh go heasonorach le comuirle na h-Alban leis na covenenters é féin & marcos Hunntlí & moran d'uaislibh oile do bhí ar táobh an ríogh.

Do chruinnidh cuid mhaith d'uaislibh Innsigall go h-iarrla Aontrom mar ta clann Giolla Eóin & clann Ragnuill, do bhadar ar tí airm do chur ar achois arís a leith an rí, sa naimsir chetna tainic ordugh an riogh go h-iarrla Aontrom sgaóileadh do leigen don nárm, oir do bhi an rí san nam sin ar laimh aga naimdibh .i. Parlameint Shagsan & Alban daonlaimh na aghaidh. Do léig Iarrla Aontrom sgaoileadh do nárm, & do chúaidh féin d'Eirinn.

Do an Alasdair mac Colla an Cinntire & do roighnidh 40 daighneach innte, & a n-Íle. Do fhuidh na Gaoidheal oile do bhí an leith an riogh antiomchel a bferann féin ga seasamh ar namhuid.

Tangas ma ccuairt orrtha fa dheoigh le harm mór Sir Dábhad Leislí & Mac Cailin go Cinntire dhoibh gan bhrath dfhaghail ar ambheith 41 ag techt no go rangadar an learg áite ina raibh Alasdair & mhuinntir sgaoilte o na cheile, do cuiredh as acheile an chuidecht sin Alasdar, do gabhadh Ragnall Óg mac Alasdair mic Aonghuis


p.204

Uaibhrigh, & do chuiredh go bás a n-Inbher Ághráth é tamall na dhíaigh sin.

Do chúaidh Alasduir mac Colla go h-Eirinn & do marbhadh ac Cnoc na nDos é & morán d'uaslibh oile do chloinn Domnaill san cath tug Murchadh O Briain dhoibh san bliadhna 1647.

Tainic an tárm morsa Dhábhad Leislí & Mac Cailín leo go h-Íle & go Muile & do sdrioc anuile dhuine dhoibh acht Eóin Muideordach na aónar & ar ghabh leis

[Follows eulogy on Donald of Moydart, by Cathal Mc Vurich See Elegies, &c.].

Iomthós Eoin Mhuideortuigh mic Domnaill mic Ailín tigerna chloinne Ragnaill ar na threigsin do nuile dhuine tar éis Muntrós & mharcois Huntlí do chur chun báis & ar mhair beo dona huaislibh do bhi a leith an rí ar dhiobra accriochuibh cíana comhuighech. Do bhí seisin na áonar ag fanmuin a muigh ón rioghacht & an tíarsma do mhair don mhuinntir do bhi a leith aríogh ar tional ma thiomchall. Do bhi techtairecht le cumhada do ghnath ag techt chuige on rioghacht da atach um reite riu & nior ghabh. Acht do chuir a mhac Domhnall go h-Eirinn42 & ar mhair aige d'Eirennchuibh & cuid da daoinibh uaisle Albanach leo & do fhan féin & an chuid eile don muinntir ag sesamh a dhúthcha.

Iomtós Dhomhnaill do ghluais sé a h-Uibisd ar fligert glésda do luing ghálda do bhí aige & ar luing fhada Ghaoidhealach an timchell tri chet do soigdeiribh dénta dulchannacha. San bliadhain 1648. as asin doibh go Chaol Muile go Colbhannsaig & go Cáol Íle tarrla long mhor doibh ann & do ghabhadar í fa na lucht do shíol eorna do ghlacadar long oile san chúan ni fuarsad édail ar bioth innte do leigadar uata í do shéolsad go h-Eirinn rug sdoirm orrtha ar anoirir ionnus gur sgaradh o cheile anardruidhe ráinic cuid aca cúan na c-Cealbeg do chuaidh Domhnall & ar lean ris ar tír ar chorrán Áird Mhégiollagain do léig úaigh na hardradh go h-Albain. Do ghluais go h-Achagh Dacharad ait ina tarrla geiresdon cairdemhail doibh as sin doibh go cunntaoi an Chabhain ait ina tarrla Filip Ó Raibhill riu .i. tigerna na tíre sin & cara dhoibhsion do ghluais as asin go Muilen Cerr na Midhi & do fhaguibh amhuinntir ar chethramh san bhaile sin & do ghluais se fein go Cill choinnigh baile ina raibhe comhuirle na h-Eirinn na suighe, fuair se ordugh é féin & muinntir do dhul astech anarm na comhuirle fa chúmanda Sinirel Priosdón, ase sin arm ina raibh Alasduir mac Iarrla Aontrom & ar mhair d'Albanachibh & d'Eirennachuibh do chúaidh le h-Alasdair mac


p.206

Colla go h-Eirinn, do chloin Domhnuill & da ndaoinibh muinntirdha. Ni roibhe an reidsimeint-si gan chúig cét-deg do thogha daoine uaisle innte. Domnall mac Eoin Mhuiderduigh na liftenant coilineil innte, & Aóngus mac Alasdair tigherna na Lergan Ceinntiridh na chét chaipdín innte.

Seal sa narm sin fa chlú & fa onóir ag tabhairt bhailte móra amach ona naimhdibh no gur bhris síad amach43 a harm an Priustúnidh go rugadh orrtha san chunndadh riabhuigh. Do bhi buigen mhór d'Éirenachuibh do cháomhanachuibh maille riú, & iad fa lucht eoluis doibh & anuair rangadar sin eolus accrioch fein & fragharc coilledh do bhí a foisge dhoibh do theichedar & do fhágsad ris cách, ionnus go tainic an namhuid na miosg astech orrtha gur chuiredh as a cheile íad gur gabhadh Domnall tigerna chloinne Ragnaill, & Aonghus tigerna Ghlinne Garadh, do cuiredh ar laimh do Chill Coinnidh íad, do bhadar sin seal an príosun, no go fuair Marcós Aontrom slighe air a bfuasgladh. Is luaithe tainic mac mic Alasduir amach na mac Eoin Mhuidéorduigh & do thriall mac mic Alasdar nunn ar fairge an díaigh an rí; & 44 do fhág Domhnall san prísún & do bhi seal ann no go ndechuidh tuilledh airgid da fhuaighadh45 o Duitses Bucingeam .i. ben phósta mharcóis Aontrom do chuaidh se as sin go Loch Gármann do cuiredh long le Marcus Aontrom leis no gur chuir fa thír acáolas sdáláigh anuibhisd e & Aonghus mac mic Alasdair tigherna na Leargadh mar aonfris fa luath ghairech a cháirde fana techt da nionnshuigh. Tangador adhaoine uaisle go grod na dhiaigh ar luing do ghabhadar ar anoirir Eirennach do biád na daoine sin do chuaidh leis d'Eirinn .i. Murchadh mac mic Neill Bharraigh duine mor maisech & e treighech deghthabhartha súas, Alasduir mac Eóin mic Ailin na Bhuaillog Domhnall Gorm mac Ailin Domhnall Ruagh mac Domnuill meic Lochluinn mic Muiredhuigh Eoin mac Domnuill Faghlach meig Bethadh Aonghus mc Alasduir mic mic Gothfruigh tainic Eoin mac Briain mhéig Mhuiridh & cuid oile dona daoinibh ar slighidh eile doibh féin ar techt do Dhomnall on turus sin do chaith athair & é féin anaimisir ag seasamh an dúthcha no go bfhuair síad siothain on rioghacht. Gidhedh do bhi ainbhfhíacha ag nescairdibh ag fás orrtha fedh na haimsire sin, gur fháguibh fa letróm do ghnáth íad fein & an sliocht na ndíaigh.

Anno domini 1670 an bhliadhna do theasda Eoin Muideordach a n-Éirisgáigh a n-Uibhisd & do cuiredh achorp an Thogh Mór ar fagbail aon mic .i. Domnall & triur inghen, Mór bainn tigerna Chola, Catriona bainntigerna Bharraigh, & Anna bainntigerna Benni-mhaola. Domnall mac Eoin Mhúideorduigh se bliaghna degh eter bás athar & a bhás do chaith se na sé bliaghna dég sin re gnoidhibh sioth chána seal ag feithemh cúrta lán do chen & donoir tre fheabhas


p.208

abés & adegh iomchuir & seal oile ag baile re diol ainbhfiach do ég se accanaigh anno domini 46 1686, an bliadhuin chetna teasda an dara rí Serlus do chuiredh corp an Domhnuillsi an Togh mór an aonleabuigh re a athair, ar fágbhail dias mac & triur inghen na dhiaigh .i. Ailín an tigherna & Ragnall Mór & Seonóid & Maire na hinghena, Mór inghen Eoin Mic Leóid a mathar, & Mór ingen Ruaigrigh Mhóir Mic Leóid mathair a n-athair .i. Domhnall. Fa mor an truime & an turrdhubhadh do chuir bás andeigfhirsi ar Innsi Gall amhuil thaisbentar na marbhnuidh.

[Follows elegy on Donald, son of John of Moydart; thereafter one on his son Allan, who fell in 1715].