Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn
(Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 41
AN CALBHACH Ó CONCHOBHAIR
Deithfrigh chugainn, a Chalbhaigh,
gluais trá, tar lear gcomardhuibh;
a róimh éigeas Críche Cuinn,
bíthe fan gcéidfios chugainn.
A mheic Domhnaill, a dhreach bhog,
an fiosso cuirim chugad,
bíoth sé 'na ainndeithfer ort,
ná faillighther é ar ádhbhacht.
Sgél nuaidhe is iomdha againn
dod ghnúis faoilidh abhraduinn,
a rí cláir féaraigh Eine,
bhar cáir déanaimh deithfire.
Fir Lonndain, laochruidh Alban,
siad re chéile ag comhardadh,
a cheann saorslóigh Síthe Truim,
'na n-aonbhróin fíthe umainn.
. . . guais chean ní chodail neach,
ó thá Sionann go Sligeach,
a rosg mear craobhuaine ceart,
ar feadh aonuaire i n-éineacht.
Suil bheas cách ag cadaoid ort,
deisigh tú, tar dar bhfurtachd;
léig don taoibhsi cead codail,
ga beag daoibhsi a ndubhradair ?
p.273
Deithfrigh ort, a mheic Móire,
iomdha adhbhar anbhóine;
a lámh foirfeithimh cró gCuinn,
[
...
]
adt oirichil againn.
[
...
]
a connmaid uainn t'earla slim
[
gap: extent: one line
]
30]
[
...
]
a gcomhrádh slóigh Sligigh
roghrádh óil ná oirfidigh.
Cleasa lúith a láth ngoile,
méad meanman a macruidhe,
cnis niamhdha bhláithgheala a m[ban],
briathra áilgheana a n-ughdar.
Leinb uallcha ag argain saithe,
seabhaic ag seilg éanlaithe,
doimh thaoibhseanga ó bhinn go binn,
laoidheanga, is coin i gcoimhling.
Taisdeal learg Locha Gile,
torchar srotha Sligighe;
cnuas i ngar bhfionncholl bhfíthe,
tiomcholl a gcladh gcoigcríche.
Teaghdhais chúplach chupadh n-óir
séad mbuadha bheirteadh ndonnsróill
tháibhleadh ngeal gceathramhnach gcorr,
dar bean neamhchumhgach
[
...
]
Feabhas a gcorm nó a gcuiltiodh,
nó a múr séanta sleamhaintiogh,
ná tuguid anmhain oraibh,
a Chalbhaigh Í Chonchobhair.
Ógbhaidh Chairbre an chuain ealaigh,
saorchlanna Síl Muireadhaigh,
a bhas neambog i gcrú crann,
ná meallod tú 'na dtiomchall.
p.274
Beir uatha athaidh eile,
ar séan uaire is aimsire,
céim neimhleasg i ndáil danair,
a feirfleasg Cláir Chonchabhair.
[
...
]
at fosgaid dedg
[
...
]
m
[
...
]
. . .
[
gap: extent: one line
]
[
...
]
ionn sléachtana síol gCais
a ghríobh béaltana Bearnais.
[A] abhall d'abhlaibh Parthais,
a líog buadha briatharthais,
a chosg foiréigne chrú gCuinn,
dar gcoimhéidne is tú is tualuing.
[
...
]
biodhbha, a bharr thiogh,
do theacht chugainn dá gcluintear,
an chríoch fionnsa ón héigin troigh
a ciomhsa d'féigin d'ardaibh.
[M]una bheinnsi ag imirt ort,
do ghríosfainn do ghnúis éadrocht
mun imreasain id ghruaidh ghil
i bhfinnleasaibh sluaigh Sligigh.
Tuig bhós, muna bheinn diomdhach
dod rosg naoidhe neimhsiobhlach,
[dod] chneas gheiltim, dod thaoibh thais,
[ní ?] leigfinn daoibh a ndearnais.
Do ghuais go ngríosfainn tusa,
cóir atáid t'fir iomthasa
sa (?) féine ag breith a bhuidhe,
ar mbeith re chéile ag corruidhe.
DEITFRIG CUGAINN A CALBAIG
p.275