Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 40
AISLING
- An tusa an bhean do bhí sunn
aréir tre amhra agum ?
mar tú id mhearaithne, a ghnúis ghlan,
is cúis mhearaighthe meanman.
- Munab tú táinig reimhe
chugam, a chruth séimhidhe,
a bhas tiombog, a throigh mhall,
ní foil ionnod acht ionann.
- Do ghruaidh ghairthe, do ghormsúil
níor cumadh don cheathordhúil
dias riamh budh casmhuile cruth,
a chiabh chasbhuidhe chleachtuch.
- Do dhéad bán, do bheól corcra,
nách beag do cheól chodolta;
braoi leathdonna ar lí na subh
'sa mbí eatorra ar iomchur.
- Bráighe mar bhláth na lile,
glaca seada séimhidhe:
cneas seingreamhar ar snuadh tonn
rer neimhghealadh uan abhonn.
p.269
- Cíche bláithgheala beaga
ós leirg áluinn oighreada;
cláir mhíne is caoimhfinne claidh,
maoilinne sídhe a samhail.
- Atá ar chiomhsaibh do chiabh dtiugh
ealta nách gnáth i ngeimhriudh,
d'éis a n-ionnallta a hór ghlan,
lór ionganta na healtan.
- Ionrúin mé, ní misde dhuid;
innis damh an tú tánuig
dom chéadbhuaidhreadh go Fiadh bhFáil,
a niamh dhéadnuaidhgheal dreachnáir ?
- Nó an tú táinig eacht eile
don Bhord Chruinn ar chéilidhe,
a chiabh slim fionnfoltach úr,
go Cing iongantach Artúr ?
- Nó an tú táinig eacht oile
go hAodh mór mhac Úghoine,
ó Síoth bhréagsrothach Ban bhFionn
go magh n-éagrothach nÉirionn ?
- Nó an tú táinig eacht oile,
go longphort Bhriain Bhóroimhe,
do bhreith Mhurchaidh tar Moir Meann
soir tar drumchlaidh na díleann ?
p.270
- Nó an tú tánuig eacht eile
do mhealladh mheic Deichtine,
ó Ráith ghlom torcharaigh Truim
go Coin gconfadhaigh gColuinn ?
- Nó an tú táinig eacht oile,
a ghnúis éadrocht ainglidhe,
d'iath chathBhanbha na gclár dte,
i ndál Mhathghamhna Í Mháille ?
- Nó an tú táinig eacht oile
do mhealladh na macroidhe,
le linn Chonaire, a ghruadh gheal,
go sluagh dtoghaidhe dTailtean ?
- Nó an tú rug an rún fosaidh,
Bran mhac Feabhail fionnchosaigh,
tar dromchla mín na maire
go Tír dtoghtha tTarngaire ?
- Tángadar, dámadh díobh duit,
go rígh Connacht cuairt ordhruic
mná dealbhdhatha fa dáil neirt
go tráigh deaghLocha Deirgceirt.
- Nó an tú do chealg Connla Ruadh
ó sluagh Breagh na mbeann bhfliuchfuar,
a ghnúis naoidhe, nách náir cruth,
is draoidhe cáigh dá chumhduch ?
- Nó an tú do mheall meise féin
an chéaduair, a chruth soiléir,
ó taoi, a bhean síodhamhail seang,
ag síorfoghail fear nÉireann ?
p.271
- Móide atá mh'amharus ort
gur tú an chéidbhean do-chonnorc
gan a maca samhla acht sibh
san Bhanbha dhata dhuilligh.
- Ní fuil i Síth Bhóinne Breagh
bean do chrotha acht an chéidbhean,
ná i Sídh chaomhchlochach na gCuan,
a mhín aolchrothach ionfuar.
- Ná i Síth Easa Ruaidh rámhuigh,
ná i nDún oide an Ioldánuigh,
ná i Síth bhláith tirmleapthaigh Thruim,
ná i Ráith ilreachtaigh Eochuill.
- Bean dá héis ní faicfe sinn
choidhche i n-amhra ná i n-aisling
go teacht arís dí 'nar ndál
i bhfís agus í ar n-iompádh.
- Clódh mo dheilbhe dá dreich bhuig,
uair nó dhó dá taoibh tánuig;
an treas uair tríthe tiocfa,
an sduaigh síthe suaitheanta.AN TUSA
p.272