Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 39
AISLING
- Néall mná síthe sunn aréir,
mairg fuair radharc an rínéill;
bean a haithghin níor féagh sinn,
an néall rér aithrigh mh'inntinn.
- Ionmhuin taidhbhse táinig sonn
aréir trem chodladh chugom;
biaidh choidhche 'ga luadh linne
suan oidhche na haislinge.
- Gruaidh leithgheal nár dheirge rós
'gon inghin, dob é a hiomthós;
dearca mar dhlaoi don bhugha,
dá bhraoi chearta chíordhubha.
- Béal tana nár mhillse mil
ar ghné ógróis 'gon inghin;
gach glór róirighin do ráidh
fa lór d'fóiridhin easláin.
- Tarla i mbéal na mbriathar mall
déad roigheal mar fras néamhann;
leaba seang dá hós uime,
ar nós dá pheall pharluinge.
- Eidir ghéagaibh glac leabhar
atáid so ar na suidheaghadh
tolcha corra chíogh gcaoimhgheal,
is díon orra d'órchraoibhreadh.
p.265
- Tánaig coimhdhíon a dhá chos
don bhuaidh do bhí ar . . .,
dá bhróig go n-imlibh órdha
fan n-óig mbinnghil mbánóghdha.
- Brat corcra go gciomhsaibh sróil,
léine dheirgimeal ndeargóir,
géill chuimhrigh óir dob ionair
mun n-óigh suirghigh sídheamhail.
- Beannaighis an mhín mhálla
dhúin d'furfuighlibh éadána;
do freagradh uaim dá aithle
an sduaigh dheaghglan deaghaighthe.
- I gcionn athaidh dá éis sin
fiarfaighthear uaim don inghin:
ga ríghe i mbí do bhunadh,
ga rí tíre ó dtángabhar ?
- Dá rann nó trí atá ar domhan,
mó is cumhang ré a gcuartughadh
diamhair mo sgeóil ní sgaoileabh.
- Ad dhiaigh tánag, tarr liom,
rádh na hinghine ós ísioll,
i d'faoidh mar ionnamhail orgáin
caoin bionnfalaigh briatharnáir.
- Ní feas damh dia do mhealladh
dul lé an uair do éimdheamar,
cáit ar éirigh uaim d'eitill
an sduaigh céillidh chroidhethim.
p.266
- Sgaradh cuirp é re hanmhain
don ríoghain deirg dhonnabhraigh,
sionn d'fágbháil arna himtheacht,
an fionn ágnáir fuighillcheart.
- Go Crích bhFódla, fada ó soin,
mar sin táinig ó thosoigh
bean bréagtha ríoChonnla Ruaidh;
síothamhla a héachta an athuair.
- Mac dob fearr aga athair,
Connla mhac Cuinn Chéadchathaigh
lé gaois éanmhná tar tuinn téid,
ní théarná i luing a leithéid.
- Cuairt oile a hionnamhail soin
tig tar tuinn go mac Feabhoil,
bean donnbhruit is craoibhe ceóil,
ordhruic an t-aoighe uirsgeóil.
- Naoi naonbhar do chloinn churadh
d'uaisle oirir Dheasmhumhan
rug lé mar Bran an bheansoin
fa bladh é dá n-uireasbhaidh.
- Mealladh Bhrain, bréagadh Chonnla,
tar muir le mnáibh allmhordha
mealltar mé le a mac samhla
dar lat is é is éagsamhla.
- Síodh Mhidhir an mhúir phurtghloin,
Dún Sainbh nó Síoth Abhartaigh
ní feas daoibh bean 'sna bruidhnibh
budh meadh don chaoin chiúnfuighligh.
- Ní fuighthe i nEamhuin Abhlaigh,
ná i mBrugh Aonghuis órarmaigh,
bean sídh cuirthear 'na conchlann,
an chruithgheal mhín mhalachdhonn.
p.267
- D'éis na mná d'imtheacht uainne
gan bheith im' fear éanuaire
dá madh éidir é 'na fonn
is sé budh éigin orom.
- D'éis mo ghrádha dá gruaidh ghil,
ar n-imtheacht uain do'n inghin,
mar théid tráigh i ngach tuile
do bháidh ar méid meanmuine.NÉALL
p.268