Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)

section 35

AODH Ó BROIN

  1. Searc mná Ír dhuit, Aoidh, ná léig a bhfaill,
    diombáidh díbh an chríochso Néil gan aird;
    dearbh dá dtí, más fíor a n-éibert Flann,
    beidh fád chíos go haoil ó Néid modh Cairn.
  2. Leath dá bhrígh mar bhíos an féithle am chrann,
    an tan fa líonuid grís na sléibhte reann,
    mac Séain líthior thríd ón ghléire Ghall,
    ag teacht fán tír do dhíbirt féine eachtrann.
  3. 'Sdo ghabháil bhraoighde ón tí nách téid 'na cheann,
    an tan fa mbírsi ar dídion t'éidigh as t'airm,
    eas fá líne gríobh ar ghréaschur eang,
    scoth lán síoda ar íochtar gléasa gairbh.
  4. Seanlann righean nách díon air éide Gall,
    sbolard dín ar do rígh go mér 'na bharr;
    each árd díola as díorgha léimios bearn,
    is giorrán díon nách ísin féin a hainm.

  5. p.255

  6. Sleagh dá brígh lé ríghmhac Réathuir ann,
    'sdo chaith, más fíor, a síothbhrugh Aonghuis treall,
    's a ndán díbh do bhí, a dhéghmhic Seáin,
    atá scríobhtha líne an sgéith air h'ainm.
  7. Gabháil rígh, a laoch na sé leathrann,
    's tearc lá choidhche nách bíonn, mar théid san arm,
    frasgháir laoch ag gníomh ré bélaibh badhbh,
    's gealtáin gaoithe tríodso ag éirghe a ngleann,
  8. Leath dá mhaoin ní díol lé cléirchibh ceall,
    d'fothráil chíos ón líon do théigheadh ann,
    'só an lán bhíos san oidhche am Aodh mhac Seáin,
    sgol dá suidheadh fá dhíon do réir a rann.
  9. Seantáin naoidhe faoi, lucht léighte leabhar,
    's tiompáin tsídhe dá mhaoidheamh a dtéidchrot meann,
    bandáil bhíos gan ní ar bith d'éifiocht ceard
    acht broit dá bhfíghe lé croidhe do chéal . . . . eang.
  10. Tachrain bhíos ar baois as éisg 'na dtairr,
    sgol chláir tríochat, buidhne ag dréim cum bearn,
    'sbas fá dhísle trí seacht gérbhreac mall,
    seas dá síorchur tríd a chéile ar pheall.
  11. Seantraill chaoilbheirt líomhtha ag éara crann,
    is beart don taoighe dá fíghe aige faena tharr,
    is gorbhaird bhíos fa chíos na fléise ag spairrn,
    asteagh dá líonadh [] do ghléas na gceann.

  12. p.256

  13. Is iomdha ní do-ríne réidhmhac Seáin,
    seanchlár Laighean gan aodhaire ar éanchrodh ann,
    's gan dáil aoide san oidhche do bhéin do chrann,
    an tan as rí ar an tír an té so as fearr.

    SERRC


  14. p.257