Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)

section 34

Ó CEARBHAILL

  1. Do mealladh cách nó Ó Cearbhuill,
    cuid dá sgéalaibh;
    cia do mealladh ann ar-íribh ?
    am dá féaghain.
  2. Drong díobh ré coimhéad a gcnuasaigh,
    nár char féile;
    is drong bheanus geall do Ghuaire,
    ceann gach cléire.
  3. Ceist ar chliaruibh na gcúig gcóigeadh,
    cóir a ceangladh:
    an é fear na mbó do bhronnadh
    'smó do mealladh ?
  4. Ionnmhus croibheal agus caisléan —
    cách dá gcarthain;
    a chuid féin do chaith ó Cobhthaigh,
    maith ar marthain.
  5. Léigthear le cách ollaimh Éireann
    uatha ar amhrán;
    nó gur chaisg fear Cliach a gcomhrádh,
    sgiath gheal Ghabhrán.

  6. p.247

  7. Is truagh gan cách mar Ua gCearbhuill
    fán gcrodh gcoimhréidh,
    atá do cheól is do chongháir,
    eól gan oilbhéim.
  8. Maol Ruana rí fréimhe Cearbhuill,
    dár chóir Éire;
    dá ngairthear ainm 'na ainm fíre —
    failm na féile —

Féil agus Casán, dá abhuinn atá i gCiarraighe Luachra iadsin, agus is iad na príomhaibhne port-áillesin is inbhir éisg ag fearaibh Iarmhumhan, agus mar airgthear Féil fana hiasg téid agus tuiligh i gCasán, agus do-bheir creach éisg lé ar n-iompódh. Ua Cearbhuill a chomhchosmhaileas sin, an uair airgid fileadha faobhracha focailghéara na Fódla a thír agus a thalamh fá séadaibh agus fá mhaoinibh agus fá chonách, téid fá dhanaraibh gruama glórdhorcha, agus airgthear agus loisgthear leis iad go minic —

  1. Minic airgthear lé Maol Ruana
    mórmhagh Muaidhe;
    fear nách cuireann cairde ar chliara
    d'airde a uaille.
  2. Do sgaradh cách ris Ó gCearbhuill
    na gcolg sídhe;
    a mbreath gach nduine dó féine,
    dá ró an ríghe.
  3. Mac Eisibéal ní hé mealltar,
    léar mhian moladh;
    ar ghabh leis do Chlár na gCuradh,
    dámh a dholadh —

Agus an Doladh, baile beag atá i nUrmhumhoin eision, agus cailleacha dubha ghnáthuigheas bheith ann, agus sagart adeir aifrionn gach Domhnach dona cail- leachaibh sin, agus is maith beatha (?) an bhaile bhig sin.


p.248

  • Gonadh de sin téid Ua Cearbhuill
    ar chreich Midhe;
    do thabhairt buair as gach baile
    cruaidh a chridhe
    do-chuaidh a gcnáidh annsa gcoire
    do dháil dighe.
  • Cú Chuloinn Mumhan Maol Ruana
    ar mhéid meanma;
    cá fearr dó an teagh ina dtarla
    'ná teagh Teamhra ?
  • Tionóluid uime gasradh Ghaoidheal
    do ghníomh ghroigheach;
    do sáraigh sé Éire ar eineach,
    Éile is Oileach.
  • Eighre Seaáin mheic Mhaoil Ruana,
    roth an ghaisgidh;
    fear dá ndeachaidh cuma an chosgair,
    urra an aisdir.
  • Agus aisdear iongantach do-rín an Biocaire Ó Conchubhair agus an Cruadhchosach Ó Léanaigh Mhóir, fuair ionnta féin ceangal agus cumann do dhéanamh re chéile agus dul gan anadh gan oirisiomh do chathughadh ré hUa nDálaigh —

    1. Do sladadh an t-úcaire iar dteacht ó cheardchaidh
      iar líomhadh a leadán;
      minic do cuireadh ar dhá chéad trodán,
      bréag ar bheagán.
    2. Iomdha i Luimneach bean bhogúr
      is fear feadán
      dhúisigheas naosga gharg ghobfuar
      is ard eagán.

    3. p.249

    4. Ní hurusa a gcur re chéile—
      crodh an Éiligh;
      d
      [...]
      fidh drongán don tóir ní fulláin,
      olc is éirleach
    5. Bó Átha Buidhe dá buaraigh,
      tuile tréinfir;
      eallach an tSléibhe ruaidh Riabhaigh.
      uaibh i nÉilibh,
      is iomdha sream ar a súilibh
      treall ón bhféinnidh —

    Agus an Luan iar Féil Míchíl do-níthear méara
    ann gach mórbhaile i nÉirinn, agus is amhlaidh do-
    níthear é .i. buirgéisigh bhéilbhearrtha bholgreamhra
    bhlosgsúileacha na mbailtesin do dhul i gcúirtibh cloch-
    gorma clárdhaingne, agus an tí dhíobh is mó muirear agus muintear tig amach ina mhéara, agus is iongnadh
    mhór d'Ua Chearbhuill mar sin gan dul go Teamhraigh
    agus Gaoidhil Éireann do chruinnioghadh uime —

  • Mar do-ríne an gaol ór ghabhluigh.
    nár mhaol meanmain;
    minic coisgthear lé laoch Luimnigh
    fraoch ó bhFearghail.
  • Iomdha corr ar taobh an Turlaigh
    is laogh Leamhnaigh;
    ní buidhion dall gacha Domhnaigh
    clann Í Chearnaigh —
  • Agus Ó Cearnaigh, i gCaisiol do bhíodh sé, agus
    is uime do-rín Ó Grádaigh an t-uisge beatha, agus do
    chuir óglách dá mhuintir ar cheann spíosradh .i. piupar
    agus ainís, agus adubhairt ris sin do mheabhrughadh


    p.250

    go maith mar gach n-aithcheacht eile: do ghabh an
    t-óglách aga mheabhrughadh go rómhaith amhail
    adubhradh ris; an tan do-chuaidh an t-óglaoch
    d'ionnsuighe an bhaile mhóir tarla easg ar iongantach
    anághmhar dó, agus is eadh tarla ina bhéal ag éirghedhó — piupar agus ainís.

  • Tug leis ualach don truis chéadna
    go dún Í Ghrádaigh;
    ar ndul dó go Port an Phúdair
    olc do fágaibh.
  • Is cosmhuil ré Beinn fuair Éadair
    gruaim Í Ghrádaigh
    cuirid fir go glic fán ngrúdainn
    bric i mbádaibh.
  • Ar buile bhím gach duine is tír im' thiomchal
    130]
    le grádh don déidghil is grádh nách éidir d'iomchar.
  • Gairthior díom Crosán Í Chearbhuill
    i gcrích Mhumhan;
    do-ghéan don tí 'gár fearr mh'ionadh
    ceann na gcuradh.
    Ní bhí ag fiadh ré gáir ghadhar
    báidh do bhunadh,
    do mharbh ó Lorcán 'na leanabh
    bochtán brughadh,
    is iomdha corr agus cadhan
    fa fonn Uladh.
  • Samhuil Í Chearbhuill do-chuala
    i gcath Cnuca;
    do ghabh tús gach óil aco,
    móir a mhuca —

  • p.251

    Agus dá mhuic do bhí ag Bháitéar Máb agá rósda
    do Rígh Sagsan .i. muc mhéith agus muc thruagh,
    agus do ghabh ag méithiughadh na muice méithe lé
    him agus lé hola agus do léig an mhuc thruagh do
    losgadh. Is mar sin do-níd Gaill na Fódla fíoráille, agus maithe na Mumhan lé hUa gCearbhuill, óir bíd
    siad ag tabhairt óir agus airgid aagus iolmhaoine do
    Ua Chearbhuill agus ní thabhraid a bheag 'ná a mhór
    do Mhac an Charrúingigh, gidh neasa do Loch Ribh
    mhic Muireadha é 'ná an bhean tig ó Dhún Mhic Pádraiccín go hAbhuinn Ó gCearnaigh do chnuasach
    bhairneach.

  • Is iomdha thall i dTrian Chonghail
    cliabh i gceallraidh;
    giolla geal 'sa úidh ar inghin,
    fear Chúil Chearnaigh,
    Ó Cearbhuill ag triall i n-iorghuil,
    triall go Teamhraigh
  • Teamhair an múrsoin Mhaoil Ruanaidh
    is cliarach d
    [...]
    ,
    is iomdha a ráth Maoil Ruanaidh
    drong fá d
    [...]
  • Geall ó gach muigh do Mhuigh Dreimhne,
    dáil a duanaibh
    Is é mac ochta na n-airdtreabh
    molta a mhuintear.
  • Agus Muintear Thadhgáin, san Mhidhe bhíd siad,
    agus bíd ag marbhadh agus ag imreasan ré chéile fa
    cheann anma an chinn fine nách áil le haoinneach
    d'fearaibh Éireann do bheith air féin mar cheann fine, agus is é sin An Sionnach — giolla gan éadach gan
    eallach, bréagach brionnach —


    p.252

  • Giolla caibliath cealgach corrach,
    ceardach ciongach;
    do-bhéaradh leis cearc fán gcurrach,
    is beart brionnach;
    ní thiubhradh ar ór 'ná ar eallach
    rón 'ná rionnach.
  • Ua Cearbhuill an chroidhe fairsing,
    eól na n-aoigheadh,
    ní ghéabhadh neach an gart ghabhus,
    acht Art Aoinfear.
  • Art Aoinfear nó Oilioll Ólom
    ór fás eision;
    nár dá bhfuil do chléir i gCaisiol
    gan léim leision.
  • D'eagla an tréinfir tugsad cniochtghaill
    céim i gcaladh;
    ní fada go bhfúigfe folamh
    dúinte Danar.
  • Dá meastar oineach bhfear nÉireann
    ar iúl roighrinn —
    dob ionchuir do chlú Í Chearbhuill
    dá chrú i gcoimhling —
  • Agus coimhling iongantach do-ní drong dona daoinibh annsa domhan mór thoir .i. dul ar sliabh róard
    os cionn Pharthais, agus féachaid fútha síos, agus do-
    níd gáire, agus tiaghaid go Parthas, agus ní theagaid
    as go bráth ar gcúlaibh: is mar sin umoro do-níd
    deóraidh, deaghdhaoine, aoighidh agus aos ealadhan na hÉireann ré dún Í Chearbhuill.

  • Mar do sín don chléir i gcoimhling —
    dréim ré deaghroinn —
    an féinnidh dána geal gormloing,
    ar dteagh tearmoinn.

  • p.253

  • Críoch Éile na n-abhall gcorcra
    is ceart ubhla —
    falchaidh gach raon thall fá dtarla
    barr craobh gcubhra.
  • Linnte balbha ar bheagán uisge
    i n-ucht samhraidh;
    téid gach iasg ré goil an gheimhridh
    troigh i dtalmhain.
  • I dtigh Í Chearbhuill Chláir Chobhthaigh,
    nár char craindeach,
    is iomdha bean ógh san earrach,
    is sgór cailleach —
  • Agus cailleach do bhí i dtigh Mheic Diarmada
    Mhuighe Luirg, agus ní [...]acht aoinbhliadhain amháin
    ann, agus d'fágaibh an chailleach sin [...] an chailleach sin fa chlú oinigh agus eangnamha ón mbliadhainsin
    go bráth, agus is iongnadh sin agus —

  • Céad cailleach i dtigh Í Chearbhuill,
    Dia dá dhídean;
    Rí na n-uile leis an óigfear,
    Muire is Mídean.
  • Míle ó gach aoinfear, ní tuar troda,
    dá ghaire daga;
    do-gheibh 'na dhún na céada curadh
    cuaird úr fada.
  • DO MEALLADH

    Do mealladh an fear nách beanfadh iasacht spóirt
    a ceathraibh an bheatha ós aisling iad mar cheó;
    dob fearra go ceart a gcathamh ria dom dhóigh,
    a carcair na gcleas ós feas nách triallaid leó.


    p.254