Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 31
CORMAC Ó HEAGHRA
- Maith an ceannaighe Cormac,
mac Céin dá gclaon iobharslat,
glac thabhartach um cheann gcruidh,
malartach is fearr aguibh.
- Ré linn Chormuic ní cluintir
fear a mheallta i malairtibh,
bheith soimheallta is sé do-bheir
dá ghné soineannta soilbheir.
- Mac Céin na gcéimeann ndocrach
móide is maith an malortach
sduagh dhaoineach ó bheannaibh Breagh
meallaidh gach aoinneach eisean.
- Féach an fearr iomlaoid oile
ná an mhoirn suthain síorroidhe
téid don flaith ionfuair faoilidh,
ar mhaith ndiombuain ndíomhaoinigh.
- Gearr do mhairfeadh na maoine
bhronntar le flaith Formaoile,
's budh buain na molta ar marthain
dá ghruaidh chorcra chomharthaigh.
p.221
- Ní mhairfeadh bleidhe ná brat
dá bhfaghoid cách ó Chormac,
ná arm áigh craoibhlíne cuir,
aommhíle abhám do bhliadhnuibh.
- Ní mhairfeadh éideadh ná each,
ná feilm loinneardha líneach,
ná beirt mhaothghorm sróill sreabhraigh,
ná saorchorn óir ildealbhaigh.
- Dá measdaoi maith an domhain
is é críoch a gcualabhair
ní bhí acht an moladh amháin
ní don domhan acht díoláimh.
- Maith an ceannaighe an té tug
bláth diombuan dúisgeas formud
fada ón bhláth tochta a thoraidh
ar sgáth mholta mharthonaigh.
- Maith an ceannaighe an fear fuair
air bhréig ndiomolaidh ndiombuain
díoghrais molta bhuain bhaluidh,
i n-uair obtha dh'ealadhuin.
- Maith an ceannaighe cheannghus
an uair is mó an maitheamhnus
an maitheas ara mbí a bhrath,
nó an ní chaitheas do cheannach.
- Do bhí dh'eacht ar Ó nEaghra
do thaobh a ghlún ngeineamhna
fir neamhdhochta nár náir cruth
deaghmholta cháigh do cheannuch.
p.222
- Ní fuigheadh Cormac mhac Céin
córaide an éigse dh'óighréir
tráth is neamhdhaoire 'ná anos
na deaghlaoidhe ó chách cheannchos.
- Is é a bhfuil ar feadh Bhanbha
oirne ag iarraidh ealadhna
d'uaislibh chláir bhraoincheannsa Bhreagh
aoinphearsa amháin an mhíleadh.
- Céad urdail a n-uighthí aniogh
ar ghréas bhfromhtha na bhfiliodh
rachaidh orthoibh uair oile
ó onchoin bhruaigh Bhóroimhe.
- Is é an uair is saoire soin,
's is teirce atá dhá iarraidh
sgath an dána ghnéabhuam ghloin
éanuair is cára a charthoin.
- Ó tá an dán neamhdhaor aniogh
biaidh lón nách éidir d'áiriomh
madh beó tarngortaidh Chláir Chrot
d'adhmholtaibh cháigh ag Cormac.
- Biaidh oirchill re haghaidh cháigh,
an uair is usa a bhfagháil,
d'éis taisdealaigh tholcha Bhreagh,
d'aisgeadhaibh fromhtha fileadh.
- Maith fear do-rinne reimhe,
thallód i dtús aimseire,
oireichil a samhla sin,
roibheithir chalma Chaisil.
p.223
- Do-rinne Mugh Néid nárach,
a sinsear mear mórdhálach,
rí Mhoighe choirmthinn Chodhail,
oirchill oile a hionnsamhail.
- Do-chonnairc fís fada ó sin
ríoghan Mogha Néid neimhnigh.
'na hinnisin do bhí brígh
innisidh í don airdrígh.
- Tarfás don mhnaoisin Mhogha
seacht mba binne bláthmhora;
do-chí an fionnchrodh soiléir seang
i dtiomchol oiléin Éireann.
- Tarfás fós dí 'na dheaghaidh,
ón bhuar suaithnidh sítheamhail,
gach magh fionn collbhán corcra
lomlán do lionn leamhnochta.
- Tarfás dí i ndiaidh na tána
seacht mba eile urghránna,
adhbhar teadhma teacht ortha,
na seacht seanbha siabhortha.
- Go bhfuighlibh goirte garbha,
go n-adharcaibh iarnamhla,
fraoch orra mar ealtuin sgean,
go ndearcuibh tolla teineadh.
- Níor fágbhadh leadhb ar láthair
don tánaigh óig iongnáthaigh
ón tána cheinnmhir chalma,
ghránna neimhnigh nathardha.
p.224
- Breath na haislingthe, is é a fíor,
rug Dearg Damhsa, draoi an airdríogh;
an bhreath chathardha do chreid,
a ratharbha isteach táinig.
- Adubhairt an draoi: ar dtosaigh,
is siad na seacht gcéadbhasain
seacht mbliadhna lomlán lachta,
comhlán riaghla is ríoghachta.
- Is iad bhós na ba oile
seacht ndaoirbhliadhna dochroidhe
tír na gcuan mbailbhlinnte mbinn
budh tuar aidhmhillte dh'Éirinn.
- Íosaidh bean a mac dhá muin,
séanfaidh an t-oighre an t-athair,
fa chlár séimhseang na sreabh nglas,
ar feadh Éireann re hocras.
- Déantar uaibh, ar Dearg Damhsa,
oirchill uim an adhbharsa,
na céidbhliadhna suil tí asteagh,
a rí géigniamhdha Gaoidheal.
- Ná gabh id chíos ná id chánaigh,
ó Leath Mogha mórdhálaigh,
fán gcrích móir mbraoinchinnfinn mbuig,
aoinphinginn óir ná arguid.
- Ná gabh ó chách id chíos ríogh,
do ráidh ollamh an airdríogh,
a ghríobh fial mhuighe Mumhan,
acht biadh uile d'aonmhonadh.
- Gach ní dhá ndubhairt an draoi
re rígh Áine an fuinn ghéagnaoi
do aontoigh é go humhal,
sé d'aontoil an ollumhan.
p.225
- Tiad Muimhnigh dá bhfógra féin
do mhac an airdríogh d'éinmhéin,
'na mbróin chóirighthe um Chuan Dor,
do luagh fóirithne a n-easbadh.
- Tugsad umhla dh'Eóghan Mhór,
d'éis na dtíreadh do thionól,
don tslógh fa robhuidhe a riar
Conuire Mór is Maicniadh.
- Do bhí an Mhumha fa Mhugh Néid
mar bhíos ardchrann ós foighéig
dá cheannoigheacht bhídh tre bhioth
don tseangoireacht mhín Mhuimhnioch.
- Feirrde a síol ó sin i le
nár an re ham na daoirse,
cneas taobhthonnghlan dá dtráigh muir
saorchonnradh cháigh do cheannuigh.
- Aithris ar Mhugh Néid do-ní
Cormac Ó hEaghra an t-airdrí,
dias dár dhual fochonnmhagh Fáil,
fa sochonnradh uan d'fagháil.
- Mac Céin nár chaomhain doibheart,
cóir a chor re ceannoigheacht,
bláth póir seangfuile Sadhbha,
ceannuighe óir ealadhna.
- Do ghréas ghlan fileadh bhfromhtha
tarla sonn séan gconnortha
dá súil chuirr mhongfabhraigh mhir,
ó ollamhnaibh Fuinn Éibhir.
- Go ló an bhraith biaidh ar marthain,
'na bharr séin is sobharthain,
don tslógh ó bheannaibh Bladhma
ar cheannaigh d'ór ealadhna.
p.226
- Feirrde an tráth tug dá aire
riar éigse Fóid Laoghaire
cion gach aonduine ar ndol dí,
crodh gan aoghaire an éigsi.
- Beannacht éigeas Inse Fáil,
beannacht naomh Éireann d'aonláimh,
luach a cheannaighthe is sé soin,
beannaighthe an té le dtuilltir.
- Ar mhac Céin cheannchus molta
do luigh bail na beannochta,
ó thrácht mhaothbhuinn réidh rathmhair
go céibh gcraobhthruim gcomharthaigh.
- Ní mó aniogh 'ná 'na naoidhin
dúil cháich 'na chruth forbhfaoilidh;
fuair sgath Luighne 'na leanabh
rath nách uighbhe ar éileaghadh.
- Do fágbhadh é i n-aois leanaibh,
ar mbuam a ghéag ngeinealaigh,
gan aipgheaghadh dá ghruaidh ghil,
'na mhaicleanabh uair éigin.
- Ní raibhe caomh ná cara
díleas don óg armthana;
sé a aonar iona n-aghaidh,
sé i mbaoghal 'gá bhiodhbhadhaibh.
- Do beanadh a dhúthchas de,
do beanadh bhós a bhráithre,
go raibhe saor Tighe Táil
'na aon d'fine arna fágbháil.
p.227
- Beantar sealbh Luighne as a láimh
an tráthsoin dia do dhiombáidh,
tógaibhthear an té nár dhligh,
fógairthear é re haimsir.
- Bliadhain ar fichid don fior
nár suidh sóisear 'ná sinsear
do síol gCéin 'na n-áitibh ann,
gur áitigh féin an fearann.
- Táinig san seanágh síol mBluid
fíoch Chormaic an tan tarnuig,
clann Chéin isteach go dtugadh
a mbreath féin go bhfuaradar.
- Éasga lán an leithee theas
ní lughaide fuair flaitheas
sé d'fágbháil 'na aon d'fine,
an chraobh ágnáir oirdnidhe.
- Ní dheachaidh ag aoinneach air,
dar leat is leis do bhádair
a robha i n-aghaidh an fir
ag faghail fola hÉibhir.
- Mó 'ná rath do rígh Luighne
cáin an tíre tonnghuirme
d'éis na bhfearchon ó Thigh Tháil
do neamhthol gach fir d'fagháil.
- Níor thiodhlaic Dia roimhe riamh,
i bhus ná i Mumhain Mhaicniadh,
rath an ríogh d'aoinneach eile
do síol daoineach Deirgtheine.
p.228
- Tús ratha, rogha dealbha
fríoth leis i ló a gheineamhna
sduagh dhéadnuaidhe bhrogha Breagh
rogha céadbhuaidhe an Choimdheadh.
- Fríoth dealbh Chormaic ón Choimdhidh
d'éagosc agus d'forfuighlibh;
ó run dil go dreich ngairthe
do bhreith Fir a n-ordaighthe.
- Ó thrácht bhuinn go céibh gcaisghil
ní bhí ball dá bhalluibhsin
rí an tsluaigh ó Gháirighe ghil
gan bhuaidh áiridhe éigin.
- Buadh lúith ar an mbonn mbántais,
nách leamhoid lucht gabháltais;
buadh gach feadhma ar an mbais mbáin,
dearna thais acht i dteagbháil.
- Buadh mbréithre ar an mbéal gcorcra,
dá dtig buaidhreadh bantrochta;
buadh gcéille ar an gcroidhe mhear
ag céile Mhoighe Maistean.
- Tarla dhó ó Dhia nimhe
buadh bhfírinne is foisdine,
fuair i dtoighibh na togha
buaidh n-oinigh is n-eangnomha.MAITH
p.229