Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 30
CORMAC Ó HEAGHRA
- Ag so an chomairce, a Chormaic,
gabh an láimhse id leabharghlaic,
fuaigh an cridhe red chroidhe,
a bhile bhruaigh Bhóroimhe.
- Gabh an corpso ar do chorp féin,
a chodhnaigh cloinne ríChéin,
ar smacht ríogh glaininse Gall
bíodh an t-ainimse ar h'anam.
- Gabh meise ar h'iocht 'sar h'oineach,
ar charaid 'sar chomhoidheach
a lámh tromaighthe ar chrú gCuinn
mo chomairche is tú is tualuing.
- Ná léig eadrainn is aomneach,
a ghnúis ríoghdha rodhaoineach,
ós tú ar n-aonchara, a ghruadh gheal,
do sluagh thaobhthana Tailltean.
- Bheith aguinn a hucht chóra
gá dtú, a mheic meic Onóra ?
ní budh éadáil ód dhreich dhuinn
an bheith san éagáir aguinn.
p.216
- Atú i mbeól ghuaise do ghnáth,
re a ndeachaidh oruinn d'iomráth,
gan neach do-ní dísle dhamh
muna thí dhíbhse a dhéanamh.
- Atáid dlighthe nuaidhe aniogh
dá gcur ar Mhacaibh Míliodh
ag slógh nár ghlacnuaidhe Ghall
fa chlár bhfaltuaine bhFréamhann.
- Goirid na críocha 'na gceann,
iarraid ar chách go coitcheann
go dtig a sgrios uile as
fios gach duine 'sa dhúthchas.
- D'éis na dtíreadh do thionól,
sgríobhaid Goill Ghuirt Éiriomhón
anmonna a slógh, druim ar dhruim,
i nglanrolla mhór mheamruim.
- D'éis a gcruinnighthe 'na gceann
is éigean d'fearaibh Éireann,
a ghríobh firfeardha ó Thigh Thál,
tighearna gach fir d'admháil.
- Ní ghabhaid ó neach fa nimh
gan bheith dó ag urraidh éigin
truagh an cás do cumadh dáibh
nó bás go hullamh d'fagháil.
- Gá dtú ris, a rí Luighne ?
ort chuirim mo chomuirghe;
feadh mo ré, mar dhleaghar dhamh,
budh é ar leabhar do leabhar.
p.217
- Ní ar mo bháigh do bheith ruibh,
ní ar bheith im' ollamh aguibh,
a chnú do chrobhuing Eaghra,
thoghuim thú mar thighearna.
- Do aomhsad Gaoidhil is Goill
bheith agad is as toghoim
rí fíréanda do rádh ribh,
a ríréadla ó chlár Chaisil.
- Bheith lán d'iocht agus d'eineach,
bheith fíréanda foisdineach
iomdha fáth daghthola dhuit
fáth do charthona, a Chormuic.
- Sgríobhthar leat id leabhraibh féin,
a airdrí sleachta saoirChéin,
fán snaidhm nár réidhigheadh ruinn,
ainm gach éinfileadh aguinn.
- Bíodh ainm gach fir dom fine,
bíodh mh'ainmse go háiridhe,
a mhionn séanda a seanMhoigh Tháil,
'sna leabhraibh céadna ar congbháil.
- Bíodh a dheimhm 'gud dheirc mhoill,
ó tá h'ionmhuine aguinn,
a slat chuirmtheann chuain Duibhe,
go dtuillfeam uaibh h'ionmhuine.
- Tógbhaim thú féin d'fiadhain air,
má bhím ré bliadhna im' beathaidh
nách ba fearr dhamhsa ná dhuit
h'annsa fam cheann, a Chormuic.
p.218
- Do-ghéan an Iaoidh ngréasaigh ngloin,
do-ghéan duit an duain saothoir,
's do-ghéan aonrann uair oile,
a saorbharr bhruaigh Bhóroimhe.
- Do-bhéaram dhuit, mar dhleaghair,
eólas do ghéag ngeinealaigh;
cíos do sean ar fiadh nÉireann.
rian a gcean 'sa gcaithréimeann.
- Do-bhéaram dhuit, a dhreach seang,
fios t'uaisle ós fearaibh Éireann,
's dá gach urraim budh dual duit
luagh ar gcumainn, a Chormuic.
- Do-bhéara mé, a mheic Úna,
ar chách do chur iomthnúdha,
an ceann bhus fearr dhuid dom dhán,
'san chuid bhus fearr dom iomrádh.
- Ní fuláir dhuit 'na dhíol sin
go dtiobhra tú, a thuir Chaisil,
h'anam 's do chorp tar mo cheann,
dá bhfagham tocht 'nar dtimcheall.
- Giodh cúis bháis do bheith ar neach
i dtigh cúirte is é ar h'eineach
níor chorruighthe dho ioná dhuit,
ag so an chomuirche, a Chormuic.AG SO
- Gaibh ar h'oineach mé, a Mháire,
a hucht flatha fionnGháille,
a slat chnuais do chloinn Suibhne,
nách guais coill a comuirghe.
p.219
- A Mháire inghean Mhaoil Mhuire,
gur chuireas ort m'ionghuire,
beag nár cailleadh, a chiabh lag,
gach daingean riamh dá ránag.AG
p.220