Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 26
EÓGHAN ÓG MHAC SUIBHNE
- Iad féin chinneas ar chloinn Néill,
ríoghraidh Fódla an fuinn fóidréidh;
re tnúth slóigh bheannórtha Breagh
do neamhmórtha glóir Ghaoidheal.
- Inis Fódla an fuinn ghrianaigh,
ochtar mac Néill Naoighiallaigh
roinnid í ar n-éag a n-athar,
tréad do bhí arna mbaoghlachadh.
- Cuid Mhaine is Laoghaire loinn,
Fiachaidh is Chonaill Criomhthoinn,
mín Moighe bleidheadhuinn Bhreagh,
seinfearuinn Thoighe Taillteann.
- Do Chonall mhór fa mór bladh,
do Chairbre d'Éanna is d'Eóghan,
tugadh rílearga an taoibh thuaidh
ón chaoir dhíleanda dhaghsluaigh.
p.188
- Do bhí dias do dhearsgnaigh dhíobh
do chloinn uaibhrigh an airdríogh,
nár samhail do saorchloinn Néill
gér thamhain aonchroinn iaidséin.
- Eóghan mhac Néill na Naoi nGlas,
Conall Gulban, gríobh amhnas,
na meic oile gidh iad ann
siad re aroile níorbh ionann.
- Dá mhac Néill mhóir mheic Eachach,
Eóghan 's Conall ceirtbhreathach,
meic ríogh na réaltoinnchneas réidh,
éantoirrcheas, más fíor, iaidséin.
- An dá leanbh i ló a mbeartha
do-rala rún buaidheartha
fan saorchloinn go méid meanma,
dá ghéig aonchroinn fíneamhna.
- Amlaidh fríoth gach duine dhíobh
d'éis a dtuismidh tuar eisíodh
ceann a leathghuailleadh 'na láimh,
an dream dhreachnuaigheal díogháir.
- Dála chloinne Néill neartmhair,
Conaill 's Eóghain oirbheartaigh
gan rún ngliadh, gan ghoimh gcogaidh,
ó soin riamh ní rabhadair.
- Do bhí a síol ó sin i le
ag leanmhain luirg na deise;
lán d'formad riamh ré 'roile
fa Fiadh gcollbhog gConoire.
p.189
- Creach san chreich is goin san ghoin
síol gConaill, cinéal Eóghain
mór ndíoth do fionnmaoid orra
do bhíoth d'iomlaoid eatorra.
- Seal fada i gcomhthrom cogaidh
fa chlár Theamhrach tarladair;
síol dá churadh Chláir Ealga
pudhar dháibh a ndíbhearga.
- Gach ré seal d'éis aroile
i gceannas Chláir Úghoine
do bhí cnuas na gcraobh dtoraidh,
anuas go hAodh Athlamhain.
- Sgaoilid síol Eóghain ag Aodh,
tarla dhóibh dia do mhíoghaol
cuirid féine a gceart ar gcúl,
neart a chéile do chlaochlúdh.
- Clann Suibhne ór sín a rabhaidh
ag Aodh oirdheirc Athlamhain,
do-chódarsan ó chloinn Néill,
óggasradh nár thoill toibhéim.
- Do cheangladar síol Suibhne
dá éis so ar séan gcomhairle,
báigh re saormhacraidh síl gCuinn
i dTír chraobhlachtmhair Chonuill.
- A mbreath féin ó thuinn go tuinn
tug ríoghraidh chineóil Chonuill
don chrích réidh thaoibhleathain te.
do fréimh saoirbhreathaigh Suibhne.
p.190
- Síol Suibhne ón lósoin i le
níor léig siad sealbh na ríghe
olc báigh do éirigh orthaibh
ar láimh éinfir d'Eóghanchaibh.
- Do thaibhghidis síol Suibhne
ó soin dar gcloinn Chonuillne
ar feadh an chláir féaraird finn
cáir as gach éanaird d'Éirinn.
- Nó gur chuirsead síol Suibhne
fúthaibh dar bhfuil Chonuillne
slata réidhe Chraoi Cobhthaigh
do bhaoi Éire ag Eóghanchaibh.
- Ón lósoin gusan lá aniogh
atá ós ghasraidh Ghaoidhiol
buaidh gach aonchoinne um Iath bhFloinn
ag triath chaomhchloinne Conuill.
- Do síol Suibhne go nua anois,
d'aicme Chonaill chláir Bhearnois,
táinig lámh chongbhála a gceirt
fa chlár dtonnmhálla an tuaisgeirt.
- Eóghan Óg mhac Mheic Suibhne,
sgiath choimhghe chuain Mhodhuirne,
sás fighthe chogaidh ó gCuinn,
drithle i gcogail ó gConuill.
- Maighre séanta a sruth Finne,
lá gréine i ndiaidh dílinne;
gnúis mhórdha is céimleasg i gcath,
éinfleasg órdha na nUltach.
p.191
- Ursa chatha chlann nDálaigh,
fear uaislighthe a n-annálaidh;
séad buaidhe caomhfuile Cuinn,
aoghuire cuaine Conuill.
- Ag síol gConuill na gcolg dte,
an gcéin mhairfeas Mac Suibhne,
luadh gliadh budh éadtarbhach d'fior
fa fiadh ngéagabhlach nGaoidhiol.
- Ní rabhadar riamh roimhe
síol gConuill Chláir Úghoine,
uair budh neartmhoire iná anois
ó sduaigh bhreacmhoighe Bearnois.
- Re linn Eóghain an airm chuirr
ní fuighe rí chlann gConuill
triath le gcuirfidhear 'na cheann
i n-iath fuithnigheal Éirionn.
- Claontar fiodh re fás a ghéag,
do-bearar le mac Mairgréag
géill gach Eóghonaigh re a ais
go féin mbeóghonaigh mBearnais.
- Muna tigthi dá dtaoibh féin
re ríoghraidh sleachta saoirNéill
sgotha slóigh mhéirsing Mhonaidh
níor dhóigh d'Éirinn Eóghonaigh.
- Mar sin do toghladh an Traoi,
cathair bhuadha an bhruaigh géagnaoi,
learga múr n-aolta dob fearr,
gaolta do thnúdh 'na timcheall.
p.192
- Gluaistear leis líon a thionóil,
an rí oirdhreic Áighmhionóin,
go sluaghaibh Gréag dá gabháil,
tréad dob uamhain d'iongabháil.
- Ár nuaidhe timcheal na Traoi
do cuirthi i gcionn gach éanlaoi,
d'amhsaibh ceachtardha an dá chath,
gasraidh neartchalma nárach.
- Deich mbliadhna, gi bé re a chois,
do bhi an Traoi, truagh an forbhais
buain dí dob anobair d'fior
nár ghabhodair í ar éigion.
- Dá mbeith siad ó sin anall
líon a dtionóil 'na tiomchall,
ní dáich go ngéabhdais Gréagaigh
an ráith ngéagglais ngairéadaigh.
- Daoine astigh dá tabhairt dáibh
tarla dhí dia do dhiombáidh
i dtráth fillte don foghail,
'sgan cách impe ag anomhain.
- Muna lingthi dá lár féin,
múr cuanna na gcladg soiléir,
níor ghar dhóibh toghail na Traoi,
slóigh an domhain adéarthaoi.
- Timcheal cheannais Chláir Lughaidh
tarla don féin Eóghanaigh
cúis a maca samhla soin,
na slata abhla a hEamhoin.
p.193
- Cuid díbh féin gur fill orthaibh
críoch Bhreagh do bhí ag Eóghanchaibh;
gan rún troda, gan triall n-áigh,
gan oba gliadh ná a gabháil.
- Fir Éireann ó mhuir go muir,
dá gcuirdis ar chloinn Eóghain
clann Suibhne féin ga a bhfoghail,
duilghe don féin Eóghonaigh.
- Olc an gaol do síol Suibhne
tabhach Fódla féarghuirme
a láimh aicme Néill náraigh
do mhaicne réidh ríoghDhálaigh.
- Síol Suibhne, síol nárach Néill
dá choill fíneamhna a héinfréimh;
cna aonmhogail óir ós fiodh,
do chaomhnodair glóir Ghaoidhiol.
- Ionann fuil dáibh adearair,
ionann géaga geinealaigh,
ionann flathamhlacht a bhfear,
ionann athardhacht aithreadh.
- Dá bhféachdaois, níorbh fearr a gceart
ar Thoraigh thall san tuaisgeart
ógbhadh mheanmnach síl Suibhne
nó ar seansruth mín Modhuirne.
- Nó ar Chraobhruaidh Chloinne Rosa,
nó ar Charraig bhfinn bhFearghosa
cnuic úra na ngealfonn nglan
nó ar fearonn Dúna Dealgan.
p.194
- Ní foigse Conn na gcéad gcath,
ní neasa Niall mhac Eachach,
ní mó is goire Gaoidheal glan
d'aoinfear oile 'ná d'Eóghan.
- Créad do bhacfadh d'Eóghan Óg,
ar lorg síl Néill anallód,
buain ghiall do bhraointealchaibh Breagh,
aointeanchair ghliadh na nGaoidheal?
- Tighe falmha um Chruachain gCuinn
do ghuais airdríogh clann gConuill;
ar Mhac Suibhne is cóir a chion
'sna bruidhne um Bóin dá mbrisiodh.
- Inghean Chuinnmheic an Chalbhaigh,
a dtéid uaithe d'ollamhnaibh
tuar teisde síordháil na séad
díoghbháil nách meisde Mairgréag.
- An treas glún ó Chonn mhac Cuinn,
'só Mhaghnus, rí clann gConuill
fa iolmhaoinibh gidh í is fearr
ní hionmhaoidhimh dhí a ndéineann.
- Rugadar na fréamha ó bhfuil,
fíonfuil Chonaill, clann Eóghain,
geall Chríche Néill gus aniogh,
a méin tríthe dá dtísseadh.IAD
p.195