Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 25
MAOL MÓRDHA MHAC SUIBHNE
- Tánag adhaigh go hEas gCaoille
bhus cumhain liom go ló an bhráith;
méaraidh choidhche ar ndol don dúnsa
cor na hoidhche is cúrsa cáich.
- Samhail na bhfear fuaras romham
san ráith foirfe dob úr niamh,
ar sleasaibh data an dúin chorcra,
ní faca súil rompa riamh.
- Beag mhaireas don mhuintir ionmhuin
uaras romham san ráith ghloin;
teacht ón chás níor bhreathnaigh Banbha
bás an cheathrair tarla astoigh.
- Fuaras Maol Mórdha Mhac Suibhne
ar slios meadhóin an mhúir chuirr,
fear na modh saoghalta síthe,
aondalta sgol Chríche Cuinn.
- Mh'anam an fear fuaras romham
i ráith chúplaigh na gcolg ndéad;
fríoth a dhá luagh ansóidh eisde
mh'anóir uadh gur meisde a méad.
p.181
- Dalta is oide d'éigsibh Banbha
branán Finne ar feadh a ré;
ar bhfáth tnúidh, ar n-aisgidh ollamh,
taisgidh rúin na n-ollamh é.
- Ar luibh íce, ar n-órtha chodail,
ar gcraobh thoraidh, ar dteach séad;
mír cruadha nár éimdhidh aoinfear
éinghein bhuadha Gaoidheal nGréag.
- Fuaras timchiol mheic Mhaoil Mhuire
mórán d'éigsibh dob fíu a riar,
re sgaith gach ceirde san chruinne,
fa flaith nDeirge ag suidhe siar.
- Ní rug lá go laithe éaga
ar éigsibh slóigh Thighe Truim
gan bheith lucht catha nó coinne
re hucht flatha cloinne Cuinn.
- Do bhí an uairsin seach gach aimsir
ar uillinn laoich Locha Cé
maith sgiamh a n-ollamhnaidh ortha
triar d'ollamhnaibh Tholcha Té.
- Do bhí ollamh Iarla Búrcach,
do bhí bhós re a bhruinne séimh
file dob orradh re a áirimh,
ollamh fine náirigh Néill.
- Do bhí ollamh airdríogh Muaidhe,
Meic Uilliam Búrc na mbreath bhfíor
dia do neamhghlóir car na cruinne,
seanmóir nách mar duine dhíobh.
p.182
- Brian Ó Domhnalláin, dreach faoilidh,
ollamh leómhain Locha Raoibh;
sé ag sgolaibh 'na ré ós réalluinn,
soraidh dá ghné séaghuinn saoir.
- Brian Mhac Con Midhe, mac Aonghuis,
ollamh í Néill na Naoi nGlas;
fear a aoise dob fearr n-iomchuir,
geall gaoise dob ionchuir as.
- Conchobhar mhac Mheic Í Uiginn,
ollamh airdríogh Inse Cé,
beag nár gheall re flaith an file,
ceann ar mhaith dá fine é.
- An triúr fileadh fuaras romham,
fa réaltainn chorcra an chnis ghil
faghar aca fa fiadh mBanbha
triar a maca samhla sin.
- Éirghid romham do rún aoinfir
d'uillinn an ríogh fa rí dhún;
minic bhím dá gcuimhne im' chridhe
fuighle an trír ag snighe ar súl.
- Foghar taidhiúir na dtéad meannchrot,
milse meala, meisge chorm
truagh nách mar an tí dá dtáireas
do bhí dhamh 'na n-áineas orm.
- Gabhaid oram ag ól chorma
go ceann treimse ar dteacht 'na gceann
fa lucht freasdail dóibh na deighfir
d'easgraibh óir, do bhleidhibh beann.
p.183
- Mar thairnig dhúinn dul do thoirchim
ré dtocht laoi dár leabthaibh suain,
ní chreidfeadh sé nár bhreath bhroide,
gi bé neach dob foide uaim.
- Do luigheas ar lár an cheathrair,
ceithre taoibh fa tocha leam,
trí comthaigh do chráidh mo chroidhe,
láimh re honchoin Mhoighe Meann.
- Innisim sgéal do sgoith Teamhra
'sdá thriúr chomthach do chionn luaigh;
mana teasda dhóibh a dhaoire,
fleasga óir an taoibhe thuaidh.
- Ceithre seóid 'na séadaibh buadha
beanaim dhíobh i ndíol mo sgeóil;
gan mhac samhla na séad bhflatha
créad acht damhna datha ar dheóir!
- Beanaim ainnséin an t-each ballach,
san bhreith ar dtús tugadh damh
torchoir an féile arna oidhidh
d'onchoin Sléibhe groighigh Gamh.
- An t-each ballach do bhean mise
do Mhaol Mhórdha mairg do bhean
tearc i mbeathaidh a séad samhla,
sdéad ós eachaibh Banbha Breagh.
- Do bheanas do Bhrian mhac Aonghuis
aonrogha chon Chláir Dá Thí;
dob fiú a maith a cor ós conaibh
do sgaith chon an domhain dí.
p.184
- Seóid Éireann dob usa leision
do léigion uaidh diaidh i ndiaidh
créad nách maolfadh ar méad meanma ?
'ná séad saorchon breaghdha Briain.
- Ó Bhrian mhac Eóghain uair mise
mionn leabhair do luach mo sgeóil,
ré gcodal don donnbhán díllidh,
tobar lomnán d'fírsreibh eóil.
- Tána, tochmhairc, toghla an bheatha
do bhí san aisgidh uair mé;
míneaghadh a gcath 'sa gcéimeann,
sgath ríleabhar Éireann é.
- Tug Conchobhar an gcruit sídhe,
séad buadha nách bronnfadh rí;
fada is oighreacht bróin an bronnadh,
níor thoirbheart chóir d'ollamh í.
- Cruit ollamhan fola Búrcach
tre bhioth síor budh séad fa chion;
teasda an tí ga bhfaghair uaidhe,
'smaraidh sí go nuaidhe aniogh.
- Mairg dar leannáin lucht na dtoirbheart,
ó tharla i ndán deaghail rú;
fir nárbh fallsa i dtigh na togha,
fir rérbh annsa cora a gclú.
- Ní mo chean dar gceathrar leannán,
mo lucht aoinleabtha, mh'aos rúin;
ceithre tamhain do choill chnuasaigh,
croinn taraidh fa dhuasaibh dhúin.
p.185
- Luaimneach mo chiall, corrach mh'intinn,
d'éis na buidhne nách buan rug;
mairg tarla 'na ndiaidh ar dhomhan,
Banbha Briain gan toradh tug.
- Briseadh croidhe ceann na buidhne
do bhí astoigh do theasdáil uainn;
níor theasda ó ollamh riamh roimhe.
bronnadh fial a chroidhe chruaidh.
- Go n-íoca Dia le Maol Mórdha
an mhéid dá ionnmhus uair mé;
fear tiodhlaicthe ar dháil gach duine,
tiodhlaicthe cháigh uile é.
- Fuighle miles, meanma ghruamdha,
gníomh foirniata, focal tláith;
feitheamh gach éinfir dá fine,
breitheamh, féinnidh, file, fáith.
- Séad commórthais Chloinne Breóghain,
a mbreith chluiche, a gcosnamh gill;
sásadh meanman na ndámh ndoiligh,
grádh na seangbhan mboilidh mbinn.
- Teagar inill, aigneadh caithmheach,
comhall bréithre, briseadh síodh;
gruaidh úr rér dhoidheaghla dearca,
glún oileamhna an reachta ríogh.
- Fuasgladh na gceasd, cur na n-aithcheasd,
inneoin foruis Inse Fáil;
fuath síorchára, tol do throdaibh,
cor síothchána is cogaidh cáigh.
p.186
- Mac Gormluidhe, géag ós fiodhbhaidh,
aigneadh frithir, freaga mhall;
caidhe a chonchlann um dhuais ndoiligh ?
comhthrom cruais is oinigh ann.
- Ón ló torchair gé 'tú i mbochtacht,
do bheinn ós chionn chríche Fáil
cneas mar aol, aghadh m ar ómra
dá maradh Maol Mórdha amháin.
- Cuimhne a n-uaras óm fior chumainn
i gcionn treimse budh tuar sgís;
budh eagail damh méid mo mhoirne
do char 'na bhréig oirne arís.
- Fa ríor, ní mór mhaireas agam
dom aos chomtha 'na gcruth féin;
do chuir an saoghal mé amogha,
sé m'aonar dom chora i gcéin.
- Mairg ó dteasda mo thriúr cumthach,
clann Ghormluidhe ór ghairid lá,
re béal a cabhra don chloinnse,
Banbha fa néall toirse atá.TÁNAG
p.187