Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 24
SOMHAIRLE MHAC DOMHNUILL
- Fada cóir Fódla ar Albain,
anois am a hiomardaidh,
a cóir féine acht go bhfagha
ní dóigh Éire i n-aontamha.
- Atá re hathaigh d'aimsir
cóir ag an chrích Albainsin
ó Ráth chneasaolta Chobhthaigh,
fáth easaonta d'Albanchaibh.
- Tugtha d'Albain na sreabh seang
a cóir féin d'inis Éireann,
críoch aimhréidh na n-eas mbanna,
suil bheas aimhréidh eatarra.
- Créad an chóir nuaidhese aniodh
atá ag críoch cloinne Míliodh,
má tá aguibh innis damh,
fa n-aguir inis Alban?
- An cháin trom do bhí ag Balor
ar Éirinn dá hátaghadh
dúsgadh faghla dí a dhéanamh
Banbha an í do aigéaradh ?
p.174
- Nó an iad na hoiléinse thoir
atá idir Fódla is Alboin,
'sgach eang bha fionnmhagh Íle,
nó Ceann sriobhghlan seinTíre ?
- Ní héinní dá saoileann sibh
atá ar cuimhne ag crích Éibhir,
acht ní is truime re a thabhach,
sí uime dob easbhadhach.
- Na trí Colla, críoch a sgéal,
clann Eochaidh díomsoigh Dhoimléan,
déanamh dóibh ar fiadh nAlban,
triar ris nár chóir comhardadh.
- Dias don triúr do theacht i lle
go crích Bhreagh na mbeann sídhe;
rogha an tsluaigh i Moigh Mhonaidh
ó soin uainn ar n-anamhain.
- Iongna do fuilngeadar féin,
fir mhaordha na n-arm n-aighmhéil,
Colla 'sa seinsliocht ó soin,
a n-eighriocht orra d'easbhoidh.
- Créad fa dtiobhradh clann Cholla,
ar son ar fás eatorra,
tar magh mbarrúrchas mBanbha
tal d'andúthchas allmhardha?
- Cia an rí ar a bhfuil Banbha ag brath
d'fuil Cholla na gcolg bhfaobhrach?
má rug rogha d'fóir Alban,
cóir a cora ó chomhardadh.
p.175
- Rogha leannáin Leasa Cuinn,
Somhairle mhac Meic Domhnuill;
brath céile do Mhoigh Mhonaidh
's re bhfoil Éire ag anamhain.
- Géag thoraidh Teamhrach na bhFionn,
grian gheal i ndeaghaidh dílionn;
craobh séanta d'abhlaibh Íle,
réalta samhraidh soisíne.
- Éinghein sochair síl gColla,
lámh ionnarbas eachtronna;
toradh abhallphóir fóid Bhreagh,
cabharthóir na gcóig gcóigeadh.
[...]
cúis doilghe,
gur aguir sí Samhairle,
críoch Bhanbha fa bhróin Danar
tarla a gcóir gan chríochnaghadh.
- Deileóchaidh Éire is é a suim
roighne curadh chlann nDomhnuill
re síothmhagh n-arsaidh nAlban
gasraidh fíochmhar fionnardghlan.
- Sgéal bheanas le crú Cholla
do léigh sinn i seanrolla,
budh naoidhe um' dheóidh fa dheireadh
an t-aoighe sgeóil sgaoilfidhear.
- Urra an sgeóil sgaoilfidhear duit
Sésar an t-airdrí ordhruic,
re líon gliadh d'ágaibh áille
do fágaibh fiadh Eadáille.
p.176
- Gluaisid reompa ón Róimh anoir
go hEasbáin an fóid iobhraigh;
líon eachtra dob fearr obar,
ní ar cheann teachta tángadar.
- Grádhaighis iarthar Eórpa
Séasar na sluagh ndíleónta;
ón Róimh do aontaigh anadh,
'sníor aontoil dóibh dealaghadh.
- I gcionn aimsire ar n-anmhain,
lá éigin d'éis tionnabhraidh
dáil chabhra an rí dhá rochtain
do-chí amhra n-iongontaigh.
- Dar leis féin fuair 'na fochair,
'na mnaoi áluinn iolchrothaigh,
an Róimh ag ríomh a dochar,
gníomh budh cóir do chronochadh.
- Frais do dhéaraibh re a dreich ngil,
fuilt sgaoilte go sgéimh thuirsigh
'gun Róimh ag éagcaoine a huilc,
cóir éagcaoine fá n-éabhuirt.
- Níor chubhaidh riot, ar an Róimh
mo bheith mar bhím i gcéadóir;
id dheaghaidh gan dál gcabhra
fám lán d'fearaibh allmhardha.
- Caomhna longphuirt nách libh féin,
iongna dhuit, a óig airmghéir,
'sdo thír féin arna faghuil,
dá béim dhíbh ag danaruibh.
p.177
- Dob iad orfuighle Séasair;
a Róimh an mhúir mhínghréasaigh,
fár mbreith soir nó ar mbeith i bhus,
bheith ar do thoil do thriallus.
- Adéaruinn riot, ar an Róimh,
tabhair leat líon do thionóil,
tiomsuighidh bhur n-óig áille,
d'ionnsuighidh fóid Eadáille.
- Ná bí ní as faide ag anmhain,
nár dhuit do theagh tionnabhraidh
giodh eagail aighthe orthuibh
d'aithle a eagair d'allmhorchuibh.
- Laochradh Ghréag, gasradh Eórpa
rug leis, fa tráth taisbeónta,
do dhíon na síothRómha soir,
gníomh dob fíorchóra ar féachoin.
- Do saor Séasar, is sé a suim,
d'éis na n-ainbhreath do fuluing,
ó neart saobhchath slóigh dhanar
Róimh na n-aolchloch n-éagsamhal.
- Do-bhéara Banbha, bean Chuinn,
do bhreith na Rómha romhuinn,
a fear féin ó Mhoigh Mhonaidh,
ag soin céill a gcualabhair.
- Ar aghaidh mheic Mheic Domhnuill,
feadh éagcaoine a hanforluinn,
do-chí an Bhanbha bhfairsing bhfinn
d'aisling suil tarla i dtoirchim.
p.178
- Mac Alastoir d'furtacht cháigh
tiocfa, mar tháinig Séasáir,
don dulasa fa Bhóinn Bhreagh,
slóigh nách urusa d'áireamh.
- Sluagh Séasair mar rug fan Róimh
tre Ghort Luirc, líon a dtionóil,
tiocfa Séasair clann Cholla,
barr do dhéasaibh díoghloma.
- Fásfaidh coill a ciomhsaibh trácht
do chrannaibh seólta síothbhárc,
ó Mhuaidh séadoirdhreic bhinn bhaoith
go Binn Éadoirmheic Éadghaoith.
- Díolfaid a gcóir re crích Bhreagh,
géabhthar leis lorg a sinsear
thort soir go seanráith dTeamhrach
don mhoigh eangbhláith ildionnach.
- Don Cholla Uais ór fás sibh
má tá nár chreid Críoch Éibhir,
do bhí sí ag seinsliocht Cholla,
eighriocht í nách ionronna.
- Cia an t-éinrí áirimhthear lionn
nár ghabh airdcheannas Éirionn,
ó Cholla go Gaoidheal nGlas,
más laoidheadh orra an t-eólas ?
- Na trí Cholla, gan chead dúin,
tugsad Éirinn tre iomthnúidh
curaidh glanchuain bhréidghil Bhaoi
ar chathbhuaidh éignigh éanlaoi.
p.179
- Cuirfidh Samhoirle 'sé a am,
ní choimheóla um chrích bhFréamhann,
crois orra go horlamh uaidh,
connradh na gColla an chéaduair.
- Fa Chaisiol, fa Chruachain Aoi,
fa Almhain an fuinn ghéagnaoi;
'sfa ráith n-eachradhghlan nOiligh
seanchonnradh cháich crosfoidhir.
- Críoch Bhanbha i mbun na suirghe
don chrois chuirfeas Samhoirle,
fuair anois tóir dá tabhach,
Bóinn don chrois budh céadfadhach. FADA
p.180