Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)

section 23

UILLIAM BÚRC

  1. Cóir Dé eadram is Uilliam!
    olc fuair an saor séaghuinnfial —
    síoth gémadh ionsnadhma ann —
    díoth ar n-ionnamhla d'fulang.
  2. Níorbh fiú dhó duine ar domhan
    dá bhfuair sé ar seilbh n-ealadhan,
    'sa dhíol faghladh 'ga ghnúis ghloin,
    gan chúis gan adhbhar d'argoin.
  3. Dá mbeith go mbiadh a bhas seang
    ag síorlot éigeas Éireann —
    bláth na dtamhansa ó Bhóinn Bhreagh—
    mh'faghalsa is dóigh nách dlighfeadh.
  4. Ní dubhradh páirt romham riamh
    nách raibh eadram is Uilliam;
    gé gur cinneadh dá ghruaidh ghil
    mo mhilleadh uaidh ar-íribh.
  5. Do bhí mé im' ollamh aige,
    buain rem chuid níor chóraide —
    fear leanamhna dá rádh ruin,
    's bágh na healadhna eadruinn.
  6. Do bhádhus fós fad ó riamh
    im' dhalta im' oide ag Uilliam,
    do-nínn dá ghruaidh dílis duinn,
    'sdo-nímis uaidh an foghluim.

  7. p.170

  8. An rolla foghlama ar fad,
    an adhbhann chiúil, an comhad —
    do bhínn dá n-aiteacht don fior
    gach aiceacht díbh dá ndéiniodh.
  9. An leabhar nách léighinn féin,
    do-níodh damhsa a dhreach soilléir,
    gurbh é ar ndaghoide a ghlac gheal,
    brat is tanoide a thilleadh.
  10. Tárraidh díom d'foghluim is d'fios
    gurbh é mo dhalta dílios;
    breath bhroide é dom foghail —
    dob é m'oide ar adhbhoraibh.
  11. Mé a mhaighistir, mé a dhalta,
    mé a chompán 'sa chomhalta;
    olc fuair i gcéadóir mo chradh,
    éagóir do-chuaidh dom chreachadh.
  12. Olc nár smuain re hucht m'faghla
    mé aige im' fior leanamhna,
    's bheith ar éinleabhar riom riamh
    don mhéirleabhar fionn, d'Uilliam.
  13. Im' dhalta dá mbeth nách beinn,
    aige fós mar go bhfuilim —
    níor ghníomh cóir dá chéibh ...
    béin a hóir don ealadhain.
  14. Dá mbeth nách b[e]inn um' oide
    a[g] gríbh échtaigh Fánaide

    [gap: extent: one line]


    [gap: extent: one line]

  15. p.171


  16. [gap: extent: one line]

    . gruaid airig focal tair (?)
    [m]airg do cosnaideas mo cr[odh]
    55]

    [...]
    gcosmhaileas bo bo biom
    [...]
  17. Do bhí mise — mairg do bhí,
    san uile chruth ad-chluintí,
    gríobh Éirne aniodh gidh námha —
    d'fior dhéinmhe mo dhíoghbhála.
  18. Dul fúinne níorbh feirrde a chiall —
    go raibhe a fios ag Uilliam
    nách díghéalainn m'fíoch nó m'olc
    ar ríréalainn chríoch Chonnacht.
  19. Do bhí a fios aigesion féin
    nách gríosfainn a ghruaidh soilléir —
    mairg do-chí ar bhfoghal don fior —
    fa ní ar domhan dá ndingniodh.
  20. Ní aorfuinn, níorbh aortha dhamh,
    déar aille d'fuil na n-iarladh,
    planda do phór chéibhfionn Chuinn
    ar ór nÉirionn ní aorfuinn.
  21. Ní aorfainn, níor aortha dhamh,
    gríobh do chloinn Chonaill Ghulban,
    ní aorfainn, níor eagal lais,
    dreagan do saorchlainn Séarlais.
  22. Ní aorfainnse an neimh naithreach
    d'fuil Bhriain na mbreath neamhmaithmheach,
    ná an ghnúis ríleóghain ngéir ngloin
    d'fírfeólfuil Í Néill nároigh.

  23. p.172

  24. Ní cháinfinn um cheann ealluigh
    an bheithir mbuirb mbéimeannaigh
    d'iarsma síl chrannghailte Chuirc,
    'sdo chlannmhaicne Ír ordhuirc.
  25. Tuigim nách anfadh aguinn
    aoradh an óig abhraduinn —
    a foghail giodh fairbríogh liom —
    ó folaibh airdríogh Éirionn.
  26. Dá mbeth gan duine ar domhan
    oramsa dá anaghal —
    barr truimfiar na ngéigfeadh nglan —
    níorbh éidear Uilliam d'aoradh.
    CÓIR DÉ

  27. p.173