Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 22
IOMCHASAOID
- A theachtaire théid ar sliabh
labhair thiar le hUilliam Búrc,
innis dó mo bheith mar tám,
gan dáil chabhra i ndán dúnn.
- Innis dó fa rún arís
nách díon damh ar tír nó ar muir,
nách raibh ar éinneach romham riamh
leath mo chlampair nó trian m'uilc.
- Ag díol mo choda do síor
ré dá bhliadhuin nó trí tám,
beantar dhíom 'na dheag-haidh soin
an mhéid fiach do [luigh] ar chách.
- Mar do-chonnarc fiacha cháigh
dá mbuain as mo láimh go léir,
d'fios an bhfuighinn ceart nó cóir
go tigh cúirte do-chóidh mé.
- Ag dol don chúirt caithim féin
dom dhonus é'sní hé amháin,
ag cur an dochairsin díom
gi bé beagán do bhí im' láimh.
p.157
- Tuguim liom barántus maith,
tillim tar m'ais lá do ghlóir,
sílios féin gur dhaingion dúinn
tar éis ar gcuarta san chúirt mhóir.
- Taisbéanuim mo phaiteinsi féin
do lucht séirbhisi is é' chríoch
tar éis léaghta mo litreach dhóibh
is romhóide ronnadh dóigh dhíom
- Mo chaiptín gach fear don dís
chum a déinsi arís ag gul
do-bheir seision lámhuinn Chríosd
nách aige féin bhíos a gcusg.
- Sirriam do bhí ós ar gcionn,
'sé adeir mo ghrádh riom arís:
bísi i leith lucht na bhfiach
ní hé an saighdiúir bhias gan ní.
- Éngheall abháin do bhuain díom
níor lór le duine dhíobh sin
beantar dhíom i bhfiachoibh cáigh
dá gheall nó trí a láimh gach fir.
- Aimsir fada i ndiaidh an ghill
caitear liom ó thír go tír
maille rém gheall do bhuain díom
fuasgluim é dhá uair nó' trí.
- Tar éis fuasgailte an ghill do-nínn
ón chéidfear 'ga mbíonn a sealbh
do-bheir an fear a ndéntar tó dhó as
don fear is goire dhó an geall.
p.158
- Leanuimsi i gcéadóir an geall,
ma fada gearr beirthear é,
gur chaithios sé luach an ghill
don bhaile riamh níor phill mé.
- Dála an Uachtaráin ann sin,
chum a déinsi ag reic mo sgéal,
misi is mo dheór ar mo ghruaidh,
do-nínn casaoide chruaidh ghéar.
- Adeir seision, lán do ghruaim,
nách béarthaoi geall uaim dá dheóin,
gidh eadh fós, is éidir dhamh
díol do thabhairt as fa dheóidh.
- Ní hí ar maoin budh measa linn,
acht mar cuireadh sinn dár sódh,
níor an duine fam thóin féin
mar fríoth falamh mé fa dheóidh.
- Giolla an eich, buachoill na mbó,
caile na brón, bean na gcíor
téid uile i n-aoineacht uaim
lé cois tsaighdiúir, truagh an gníomh.
- Sé adeir buachoill mo bhó féin,
tar gach duine dá dtéid uaim,
ag cur na teineadh ann m'ucht
créad do-bheir ort gan drud suas ?
- Atámaoid ní fuil fáth 'ga cheilt
le trí bliadhnoibh fan mbreith truim,
[ag] súil ré teacht Uilliam Búrc
níor chuiriomar súd i suim.
- Mallacht Dé do lucht na mbréag,
nách gcuirionn a sgéal go bun;
adeirid cách liom tré rún
go bhfuil Uilliam Búrc i bhus.
p.159
- A theachtaire théid 'na cheann,
ná bíoth th'aire ar ghreann nó ar spóirt;
labhair rém chompánach féin,
's féacha a dtáinig sé fós.
- Cuiléan leóghain Locha Con,
maighre Sionna na sruth ngeal,
éanchú inbhir Easa Ruaidh
is mór atá uaim ar a theacht.A THEACHT
p.160