Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 21
MAOILIR BÚRC
- Ísligh do mheanma, a Mhaoilir,
léig díot, a dhreach forbhfaoilidh,
bheith ag síorfaghail chlann gCuinn,
a bharr síodhamhail séaghuinn.
- Atáid imriosna Ultach,
atáid cogtha Connachtach,
fa seach 'gá n-iomaithbhear ort,
a dhreach fionndaithgheal éadrocht.
- An mhéid loittior i Laighnibh,
nó i gcrích Mhumhan míonaibhnigh,
ort liamhnaighthior leath ar leath,
a folt fiarbhairrthiogh fáinneach.
- Meinic bhíos, is tú id thoirrchim,
ód ghruaidh leathain leabhairthim,
teichmhe ót airgnibh ceann i gceann,
i gceithre hairdibh Éireann.
- Le cleachtadh bhur bhfoghla féin
ort maoittear, a mheic Uáitéir
fonn saor na mbailbhlinnteadh mbinn
'sgach taobh aidhmilltear d'Éirinn.
- Líodh cean ní hiongnadh ortha
an bhuidhean óg allmhortha
bhíos iomod i n-am feadhma,
a bharr sliombog soidhealbha.
p.151
- Fir lén clúmh cuilte sneachta,
gasradh suirgheach soileaptha,
drong naoidhe séadarsaidh seang,
daoine is éagasmhail inneall.
- Áit is sia i mbíd do bhunadh,
an damhradh óg easumhal,
cnuic roidhiamhra bheann mBanbha,
dream dhoiriaghla dhanardha.
- Mairg is rí orra ar féagsain,
an drong aisdreach uiréasgaidh,
féar a gcuilt, fuaruisge a bhfleadh,
na sluaghaidhse Ghuirt Ghaoidheal.
- Beag nách rochosmhail ribh féin
do mhuintear, a mheic Uáitéir;
fir bhuaidhirthe is baoth meanma,
sluaighsirthe laoch loinneardha.
- Ní chodlaid, ní chaithid proinn
gan luadh gcatha nó comhloinn;
geal a ngríosghruaidheadh do dhubh
síorsmuameadh cean is cogthadh.
- Biaidh aimsir bhus aithreach libh
béas do mhuintire, a Mhaoilir;
laoich na reann gcréachtdhoiligh gcorr,
dream nách bhféadfaidhir d'fulong.
- Ríghe Connacht na gcuan ngeal
beanfa tú, mar tá i gcinneadh,
ar thairngire más cáir cion,
a láimh ainbhfine ar éigion.
- Leanfuid do lorg a gcleachtaidh,
ar chogthaibh, ar choirrbheartaibh,
ar anachain, a ghruadh ghlan,
tar sluagh gcladhachaidh Chruachan.
p.152
- Ní féadfa tusa is tú id rígh
fulang ainbhreath nó eissídh;
ann bhus aithreach réd dhreich ndil
do bheith maithmheach dod mhumtir.
- Tú sguirfeas cách dá gcogthaibh,
tú choisgfeas do Chonnachtaibh
neart faghluidheadh, a chiabh cham,
is anmhuirear fian n-eachtrann.
- Do bhádar fáidhe Fódla
dot athair dá furfógra
clár toinnmhilis Teamhra Breagh
sealbha ar ghoirminis Ghaoidheal.
- Tú choimhlíonfas ar chansad
na draoidhe, a dhreach solasbhog;
tú fóirfeas ar fiadh mBanbha
ó mhóircheas fian n-allmhardha.
- Daoibh tiorchantar, a thaobh seang,
an ní do fáisdin Aoibheall
trí caomhchroinn a criaidh Logha
do saorchloinn Bhriain Bhóromha.
- Triúr mac do bhádar ag Brian,
trí leomhain Mhumhan Maicniadh,
trí ríodhamhna ó Thigh Theamhra,
fir síodhamhla soidhealbha.
- Murchadh mhac Briain an bhairr ghloin,
Tadhg mhac Briain, bráthair Murchaidh
toghthar aonphlanda tar fiodh
Donnchadh saorchlannda a sinsior.
- Murchadh mhac Briain is Brian féin
tuitid i n-aomeacht ainnséin,
fa Chliaigh maothghlain na gclach gcorr
i gcath re laochraidh Lochlonn.
p.153
- Do chleachtdaois an chlannsoin Bhriain,
bláth na fíneamhna a finnChliaigh,
lucht leasa don bhanfáidh bhinn,
feasa d'fagháil ó Aoibhill.
- I gcionn treimhse téid roimhe
Donnchadh mhac Briain Bhóroimhe
re hAoibhill i gcóir chomhráith
fan mBóinn n-aoibhmn n-iobharbhláith.
- A bhean, ar Donnchadh, reac riom,
tar éis Briain, ardflaith Éirionn,
cia bhus rí ar fionnMhagh Fuinidh,
ní nách iongnadh d'fiarfuighidh ?
- Tadhg mhac Briain, do bhráthair féin,
adubhairt Aoibheall ainnséin,
dó do gealladh Teagh Teamhrach
treabh na n-earradh n-ildealbhach.
- Líonais tnúth re Tadhg mBanbha
Donnchadh d'éis na hagallmha,
deacair srian re baothghlór mban,
do claochlódh ciall an churadh.
- Marbhais Donnchadh dá dhruim soin
adhbhar ríogh Fódla i bhfionghoil;
fa ua dTáil is Éibhir Finn
do ráidh gur éiligh Aoibhill.
- Tig Aoibheall d'iomardadh air,
leis féin ar bhfágáil Donnchaidh,
fán múr fionn ghormaibhneach ghlan,
i gCionn chomhraidhneach Coradh.
- Éagóir dhuid a rádha riom
nárbh fíor mh'fáisdine, ar Aoibhioll,
fa cheann deighfir bhruidhne Breagh,
deimhin m'fuighle, ar an inghean.
p.154
- Ionann fáisdine, más fíor,
do mhac is d'adhbhar airdríogh,
fán gclár sídh mboigiobhrach mbláth
bídh croidiomhnach dom chomhráth.
- Ar gheall mé do Thadhg Theamhrach
géabhaidh mac Taidhg, Toirdhealbhach;
damh ríghealbha chaomhchlann gCais,
aonchrann fíneamhna Forghais.
- Gabhais Toirdhealbhach mhac Taidhg
neart Éireann do gach éanaird,
inis fionnbhláith na sruth seang,
san chruth ar iomráith Aoibheall.
- Mar sin imdhéabhas oraibh
fán gcríchse, a chruth síodhamhail;
géabha orláimh Fóid Mheadhbha,
a bhonnbháin óig oireaghdha.
- Do gheall Aoibheall Iath Logha
do Thadhg mhac Briain Bhóromha
orsa chomhdha Craoi Theamhrach
's do bhaoi a thorbha ag Toirdhealbhach.
- Draoithe Banbha do bhí riamh
do Uáitéar mhac Meic Uilliam
fonn sáimh na gcaillbhile gcuir
ag tairngire Chláir Chobhthuigh.
- Fuair Bháitéar, a bhéal corcra,
bás re béal a ríoghochta;
a lámh chabhra chnuic Mhidhe,
dhuit bhus tarbha an tairngire.
- Do bhí an cúigeadh, a chruth séimh,
lán d'easaonta d'éis Uáitéir,
lán do chogthaibh 'sdo chathaibh,
lán d'olcaibh is d'anachain.
p.155
- Níor lámh cách cuimhne a bhfaladh
airm laoich ón ló fuarabhar,
luadh cagaidh ná cur bhfeadhma,
a subh abaigh fíneamhna.
- Bás th'athar is é do cheil
tairthe fiodh, iasg an inbhir;
an ré 'san ghrian i ngeimheal
is é is ciall fár cuimhrigheadh.
- Tig libh, mar tháinig tusa,
bláth na gcoillteadh gcéadnasa;
ioth an túir, tairthe na sreabh,
gach dúil ag aithne th'airdheadh.
- Ag so an t-ioth ar n-éirghe anos,
ag so an ré na ré solus;
créad fa mbiadh amharus ort
fa fiadh gcladhsolus gConnacht?
- Idir éasga is ghaoith is ghréin,
reanna nimhe, neóill aiéir,
ag diall ruibh a rí Garmna,
muir ar tí do thogharma.
p.156