Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)

section 19

ÉAMONN BÚRC

  1. Gur mheala an t-armsa, a Éamuinn,
    a rosg nua ar ghné ghoirmnéamhuinn;
    dod ghnúis aolghairthe gruadh nglan
    rob tuar baoghlaighthe biodhbhadh.
  2. Rob séan caomhanta carad,
    rob séan airgthe easgarad —
    a mheic lén hannsa ar n-aithghin —
    an t-armsa dheit dearlaicthir.
  3. Rob séan arduighthe th'fine,
    rob séan uaire is aimsire —
    a lámh thréan dínsimhthe drong —
    rob séan íslighthe eachdronn.
  4. Ní hionann m'armsa is airm cháigh,
    gidh maith le neach é d'fagháil,
    eagail a choinghill re a chois,
    a dhreagain bhoinnslim Bhearnois.
  5. Dá ngabhtha, níor ghabhtha dheit,
    ar chomhthaibh óir is airgeit,
    arm go leanbhaidhe as mo láimh,
    a bhadhbh ghealmhaighe Ghabhráin.
  6. Ní ghéabhaidh ód ghruaidh leathain
    gan bheith feithmheach fuireachair,
    gan déacsain dod dhreich náraigh
    fa bheith éasgaidh eassádhail.

  7. p.139

  8. Codladh mar a gcaithid proinn
    ní háil leis dá lucht cumoinn;
    ní fuilngthear leis locadh áigh,
    docar a gheis do ghabháil.
  9. Ar uathadh nó ar iomad sluaigh
    ní háil leis, d'uain nó d'anbhuain —
    colg faobhairthe nách reich rinn —
    a bheith aonaidhche ar aidhlinn.
  10. Geis dó anmhuin ó faghail,
    geis don armsoin fuarabhair
    a bheithir ó aolToigh Airt,
    aontroigh teichidh do thabhairt.
  11. Creach leis sin an seachtmhadh lá
    níor mhisde dhuit dá ndearntá;
    mí d'aimsir gan chreich gan chion
    bheith don airmsin ní héidior.
  12. Dá mbeinnse im' impidheach ort,
    do-ghéantasa, a ghnúis éadrocht,
    fa cheann séad chladhAchaidh Chuinn
    céad anachain nách abruim.
  13. Ní choideólta ar chlúimh nó ar chuilt,
    'sní lamhtha fleadh do thomhuilt,
    dá mbeith roidhéagain uaim ort,
    gan coimhéadaidh uaibh d'amharc.
  14. Do bheitheá lá láimh re Duibh,
    láimh re hEachtgha an fuinn ghrianaigh,
    lá oile um Chruachain na gcath,
    lá um bruachaibh Thoighe Teamhrach.
  15. Do-ghéanta loiscthe um Loch Riach
    do bheitheá lá ag lot th'óirsgiath
    láimh re Breaghmhach, a ghné ghlan,
    nó um seanLoch Cé arna chreachadh.

  16. p.140

  17. Dá rabh Bháitéar, a bhas seang,
    ag ól nó ag imbirt fidhcheall,
    bíse it armaibh re hucht gcean,
    a lucht adhbhair go n-airgthear.
  18. Feidhm na gcogthach re cois long,
    feidhm teanchaire i dtigh gabhonn,
    a ghéag thoraidh Adhbha Ír,
    tarla oraibh 'god airdrígh.
  19. Muna dhearna a ndubhart ribh —
    ní bhiadh agaibh ón airmsin —
    fa cheann séad is creach ó gCuinn
    acht meath nó éag, a Éamuinn.
  20. A mbruit chorcra, a gcoin seanga,
    a mná, a bhfailghe, a bhfidhchealla,
    a gcuirn óir i n-aisgidh duit,
    a n-aisgidh óir is arguit.
  21. Madh áil leat, a laoich Codhail,
    bheith go saoghlach séanomhail,
    geis an airmse bíodh ar bun,
    do síor tairse ná teagur.

    GUR MHEALA


  22. p.141