Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)

section 18

ÉAMONN BÚRC

  1. Créad anois fuirgheas Éamonn?
    eadamar ní fuiléangam,
    mar gach brághaid ar breith nGall,
    bheith mar támaid re tamall.
  2. Do bhí cách 'ga chor i suim,
    fad an fuirighsin Éamuinn,
    suil do hadhnadh uaill an fir,
    suil fuair adhbhar far éirigh.
  3. Ní feadar créad do chongaibh
    mac ríogh an fóid Umhallaigh,
    mar ghiall i ngeimhleachaibh Ghall,
    riamh fa feilbhreathaibh eachtrann.
  4. Ní sgíos gliadh, ní guais triode,
    ní díoth sluaigh ná sochroide
    do bhí ag gabháil riamh roimhe
    re triall bhranáin Bhóroimhe.
  5. Ní laithe corra is ciontach
    ris an éasgaidh n-aigiontach —
    lámh re gcail1tear Cró na bhFionn —
    ní mó is dailtion nó doinionn.

  6. p.133

  7. Ní choisgfidis a chneas seang
    d'argain nó d'foghail Éireann,
    i dtráth imdheachta don fior,
    tinghealta fáth nó filiodh.
  8. Aithnidh damhsa agus do féin
    anos re haimsir n-imchéin —
    ceann muirir chraobhAchaidh Chuinn
    aonachain fuirigh Éamuinn.
  9. Méad a mhaoineadh 'sa mhaithis,
    ríoghamhlacht a roflaithis —
    Clár tirmlíggeal na dTrí bhFionn —
    do bhí ag imdhídean Éirionn.
  10. Nior airigh fém ní fa nimh —
    is í is ciall dó go deimhm
    san fuireachsoin dá dhreich dhuinn —
    do bheith d'uireasbhaidh Éamuinn.
  11. An fad do fuileóngthaoi dhó
    bheith gan imneadh gan annró,
    do bhiadh Éire 'na linn láin
    ón bhinn go 'chéile i gcéadáir.
  12. Ón tráth do cuireadh 'na cheann
    beid Goill is Gaoidhil Éireann
    lomlán do cheilg fa 'chéile,
    lomlán d'feirg is d'aimhréidhe.
  13. Ní nár fuilngeadh roimhe riamh
    ná fuilngeadh mac Meic Uilliam,
    cúis na teagmhála ó tá ann
    ní lá eadrána d'Éamann.

  14. p.134

  15. Ó tá an easaonta ag adhaint,
    á [cuireadh] i gcontabhairt
    go madh éadóigh d'onchoin Bhreagh
    a n-éagóir orthoibh d'filleadh.
  16. Air do cuireadh an cogadh
    gan chead don óg abhradubh,
    d'ursoin mhórthroide Chláir Chuirc
    dóthchoide an dáil do dhíoghuilt.
  17. Atá riamh ó ré na sean

    [gap: extent: one line]

    re fear . eadrána air,
    fear na teagmhála tosaigh.
  18. Cia an t-éanchogadh riamh roimhe
    nách air féin do fillfidhe —
    gi bé do thogaibh i dtús ? —
    na cogaidh is é a n-iomthús.
  19. Ga beag dúin d'fiadhnaise air
    tionól Poimp, sluaigheadh Séasair ?
    d'ua na flatha ó chlár Chnodhbha
    dál an Chatha Chathardha.
  20. Poimp, más fíor, is é do chuir
    tús cogaidh i gceann Séasoir,
    gér chaithréimeach so re seal,
    aithmhéileach dho fa dheireadh.
  21. Do sgrios Séasair, is sé a chríoch,
    Poimp ar tús tug an t-eisíoth,
    'sna sluaigh éachtmhara ón tír thoir,
    do bhrígh céadchara an chogaidh.

  22. p.135

  23. Atáid riamh 'ga gcor ar gcúl
    lucht na himreasna d'fadúdh
    do luagh a gcogaidh do chor,
    obair nách dual gan díoghal.
  24. Olc do-chuaidh do chath na Traoi
    tógbháil cogaidh an chéadlaoi,
    dream nár féag adhbhar cogaidh —
    damhradh Ghréag do ghríosadair.
  25. Níor mheas lucht na Traoi ar tosaigh
    fan gcogadh ndúr ndíochrasoin —
    gearr go bhfuair folaidh a n-uilc —
    sluaigh an domhain dá ndíobuirt.

  26. [gap: extent: one line]


    [gap: extent: one line]

    le féin móir ngníomhmolta [nGréag]
    síorsompla is cóir do choimhéad.
  27. An lucht do chuir an cogadh
    Gréagaigh dóibh níor dhamhadar,
    ná duine dá síol ó soin,
    do suidhe dhíobh 'na dhúthoigh.
  28. Cogadh a mhac samhla sin
    ar Éireamhón mhac Mílidh,
    fa chrích ródghlais bhféinneadh bhFáil,
    fógrais Éibhear go héagáir.
  29. Torchuir Éibhear dá aithle,
    dob í críoch a gcathaighthe,
    le hÉireamhón 'na mhóid mhir,
    fa ghlémheadhón Fóid Fuinidh.

  30. p.136

  31. Mugh Nuadhad mór is Mugh Néid,
    maith do híocadh leó a leithéid,
    síodh do chéadobadh ar Chonn,
    gníomh nár féadodar d'fulong.
  32. Do dhícheann Conn leath ar leath
    Mugh Néid, Mugh Nuadhad neimhneach,
    táinig re síol bhflatha Fáil
    gan fíor gcatha do chongbháil.
  33. Díoth amhlaidh, ós air bristear,
    go madh d'Éamann innistear,
    . cáil 'nar deimhnighthe a ndol
    neimhdhlighthe cáigh i gcogadh.
  34. Do rinn[eadh] an éagóir air
    air do tógbhadh tús cogaidh

    [...]
    moid rodhaingean

    [gap: extent: one line]

  35. [gap: extent: one line]


    [...]
    lot ar lár síothchána —
    amharc súl glainfréimhe Gall —
    nách túr aimhréidhe d'Éamann.
  36. Mín Connacht an gcéin do bhiadh
    fúthaibh ó mhac Meic Uilliam,
    dá lot níor ainnleanta air
    gairbhghleannta cnoc is criathraigh.
  37. Budh ceann i gcuithe leómhain
    don druing uaibhrigh aimhdheónaigh
    tír a sean d'faghail ón fior,
    nó is aghaidh ar teagh dteineadh.

  38. p.137

  39. Nó is lámh nocht i nead gríbhe
    ar tí coillte a céidlíne
    buain dá dhreich ghlórmhálla ghlain,
    nó is beich óghlána d'argain.
  40. Nó is cor catha tar comhaidh,
    nó is buain séad do síothbhroghaibh—
    mairg dan dán dol dá féaghain —
    nó is crádh con fa a coiléanaibh.
  41. Nó is bas fa faobhraibh arm nocht,
    nó is beithir dearg do dhúsacht
    don féin tirmleasaigh tar t[uinn]
    béin fa imreasain Éamuinn.
  42. Nó an saoileann duine ar domhan
    tar éis Éamuinn d'folmhoghadh —
    clár dathchaoin na ndúinteadh . —
    go bhfúigfeadh athmhaoin ... ?
  43. Dá saoildis níor saoilte dháibh,
    olc nách urusa d'eadráin —
    fichidh díbheirge dá druim —
    crithir fírfeirge Éamuinn.
  44. Lam ar airite d'fior.

    [gap: extent: one line]


    [gap: extent: one line]


    [gap: extent: one line]

  45. p.138