Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 17
MAC UILLIAM BÚRC
- Fearann cloidhimh críoch Bhanbha,
bíoth slán cháich fá chomhardha
go bhfuil d'oighreacht ar Fiadh bhFáil
acht foirneart gliadh dá gabháil.
- Ní fuil cóir uirre ag aoinfear
críoch suaitheanta seanGhaoidheal,
bheith fa neart an té is treise
is é ceart na críchese.
- Ní fágaibh athair ag mac
Inis Fódla na bhfionnslat;
sí le héigean go n-aghar
ní héidear í d'átaghadh.
- Ní fuil do cheart ar chrích bhFáil
ag Macaibh Míleadh Easbáin,
's ni bhí ag gach gabháil dár gheabh,
acht sí d'fagháil ar éigean.
p.121
- Ar éigean bhós do beanadh.
Magh Fáil na bhfeadh ngéigleabhar
síol is cathardha dár chin
do síol nathardha Neimhidh.
- Ar éigean do beanadh bhós
d'Fearaibh Bolg, is é a n-iomthós
sás ionnarbtha orchra is fearr
tolcha ionganta Éireann.
- Ar éigean fós fríoth an fonn
ó ríoghraidh Tuath Dé Danonn,
díobh ar mboing bhraonmhoighe Breagh
do Chloinn mhaordhoidhe Mhíleadh.
- Ar éigean rugadh Fiadh Fáil
ó Mhacaibh Míleadh Easbáin;
béas do Tholaigh na dTrí bhFear
nách foghair í acht ar éigean.
- Má tá gur ghabhsad Gaoidhil
an gcrích bhfairsing bhforbhfaoilidh,
do hathghabhadh í orthaibh,
sí ar n-athraghadh d'eachtronnchaibh.
- Teaguid tar tuinn teóra cath,
óig na Fraingce, fian Ghréagach,
lucht amhsaine an tíre thoir
gasraidhe sídhe a Saxaibh.
- Ronnaid Éire i dtrí treanaibh
Gréagaigh na ngreagh sítheamhail,
fir Saxan, ríoghradh Frangcach,
gasradh fíorghlan iongantach.
p.122
- Cuid an mheicsin Mhogha Néid
gabhaid na fir a finnGhréig,
'sna Goill ó gharbhSaxain ghil
ar chloinn armarsaidh Éibhir.
- Ó Luimneach go Leith Cathail
cuid ronna Chuinn Chéadchathaigh
gabhaid gasraidh síl Séarlais
don tír arsaidh oiléanghlais.
- Sliocht Séarlais is siad do ghabh
ó Chaisiol go hAird Uladh,
ó thá seanTorach taobh thall
go Caol ealtanach Árann.
- Ó Bhóinn go Luimneach na long
cia an aoincheathramha d'fearonn
nách bí innte le a n-aghaidh
ní cinnte ar an gceathramhain ?
- Léigeam seachoinn seal eile,
ar eagla na hoirbhire,
gan bheith re cuma a gcána,
go reich urra a n-eadrána.
- Gi bé adéaradh gur deóraidh
Búrcaigh na mbeart n-inleóghain
faghar d'fuil Ghaoidhil nó Ghoill
nách fuil 'na aoighidh agoinn.
- Gi bé adeir nách dleaghar dháibh
a gcuid féin d'Éirinn d'fagháil
cia san ghurt bhraonnuaidhe bhinn
nách lucht aonuaire d'Éirinn ?
p.123
- Gé adeirdís sliocht Ghaoidhil Ghlais
coimhighthe le cloinn Séarlais
clocha toinighthe bheann mBreagh
coimhighthe an dream adeireadh.
- Dul uatha ag Éirinn ní fuil,
deich mbliadhna ar cheithre chéadaibh
atá an tír thiormarsaidh thais
fa fionnghasraidh síl Séarlais.
- Is siad fém is uaisle d'fuil;
iad is fearr fuair an dúthaigh;
díobh is doibheanta Bóinn Bhreagh,
oireachta dab cóir creideamh.
- Ní thiocfa 's ní tháinig riamh
an chlann do chin ó Uilliam
fine ar chumhachtaibh 'na gcruth,
cumhachtaigh Thighe Teamhrach.
- Ní dheachaidh gort gan ghabháil
díobh soir go Sruth Orthanáin;
neart dá n-uighthe ar fionnMhagh Floinn
níor chuirthe i n-iongnadh agoinn.
- Díobh táinig an té do ghabh
Lonndain tar lámhaibh Saxan,
ar mbeith dóibh d'oirichil air
'na mbróin roifrithir reachtmhair.
p.124
- Díobh táinig an té do gheabh
Iarusaléim ar éigean
ní le radh uirre is iomdha
lár na cruinne ceithiordha.
- Tugsad fós, is feasach linn,
cath ar fichid fa Éirinn,
do síol Éireamhóin fuinn Bhreagh
ag buing glémheadhóin Ghaoidheal.
- Is ré Riocard Mór do mhuidh
cath an Luaithridh, cath Calguigh;
deabhaidh oirdhreic Átha Truim,
coinghleic na rátha ós Fréamhuinn.
- Tugadh le Risdeard arís
trí catha oile i n-éinmhís,
d'fuil chaomhChonuill, do chloinn Néill
croinn a haonchrobhuing iaidséin.
- Is é an fear céadna do chuir
cath Locha Cuain, cath Beannchuir,
fada is rath tarbha an tachair
cath Annla for Ultachaibh.
- Tug cath arís um Ros nGuill,
dár dhíothláthraigh clann Chonuill,
d'Ó Mhaol Doraidh fa dáil neirt
láimh re Toraigh an tuaisgeirt.
p.124
- Is é an Risdeardsoin do ronn
Leath Cuinn 'na cladhuibh tórann,
'na corracraibh thall gá thoigh;
Connachtaiglh ann is Ultoigh.
- Ní fríoth dún ná dumha sealg
fan ngein sochair Sior Risdeard
bán do Leith chomhraighnigh Cuinn
fá a dhreich ndonnmhailghigh ndíoghuinn.
- Leis ó thrácht Bhaile mheic Buain
go trácht Siúire an fuinn fionnfuair;
lais ón tSúir ghrianchladhaigh glais
go Srúibh iartharaigh Iorrais.
- Fa rí é ar Sionainn 'sar Siúir,
'sar Chunga na gcuan dtaidhiúir,
ar Mhuaidh 'sar bhailbhsreibh Banna,
'sar fuair d'aibhnibh eatorra.
- Do-beirthi an t-éigne ó Eas Ruaidh,
is eó Banna an bhruaich ionnfuair,
'sa maighre ó chaoilsriobh Chaisil
ar aoinbhior don iarlaisin.
- Do-beirthi ar éinmhéis d'ór dhearg
cna Seaghsa go Sior Risdeard,
subha cumhra chuain Doire,
is ubhla bhruaigh Bhóroimhe.
p.126
- Ní fríoth samhail roimhe riamh
dá bhráthair sin Sior Uilliam;
do lean d'aithcheanaibh an fir,
fear dob aithreamhail n-aignidh.
- Do-bearar áireamh ocht gcath
d'Uilliam Óg, airdrí Búrcach,
ar Laighneachaibh, ar Leith Chuinn,
le cleith n-ainbhreathaigh nUmhuill.
- Cath Life, cath Mhoighe Máil,
ar Laighnibh lór do mhíobháidh
cath Lacha hEachaidh d'Ultaibh,
's ceathair chatha ar Chonnachtaibh.
- Cath suaithnidh Sléibhe Muire,
cath Eithne san Eanghuile;
cath oirdheirc i nÁth na Ríogh,
ar sgáth oirbheirt an airdríogh.
- Níor lámh cách cur 'na aghaidh,
iomthús Éamuinn Albanaigh;
ní fuair do freasabhra ris
buain le heasumhla d'aithris.
- Ar a nós sin, is sé a suim,
tarla Tomás mhac Éamuinn,
sduagh goirmdhearcach na nglac gcorr
'sa mhac oirbheartach Éamonn.
p.127
- Riocard mhac Éamuinn eile
níor dhóigh an draig theinntighe
níor ghabh umhlocht ó chrú Chuinn,
cnú don lubhghort ó Lunnuinn.
- Leaba laoigh allaidh nár airg
ní tharla i reimheas Riocaird,
i ndroibhéal ná i nguaillibh gleann,
gur bhuaidhir oiléan Éireann.
- Tug Riocard fa ró cumais
broid Mhidhe, cíos Ceanannais,
fear léar toirneadh Teamhair Chuinn
i dtoillmheadh d'fearaibh Umhuill.
- Comhla thighe Teamhrach Breagh
go Loch Measc ar Magh Tuireadh
tug réadla Chláir na gCuradh,
'sna láibh céadna ad-chualabhar.
- Coire ríogh Mhanann tar muir,
cruit bheannchorr Bheinne hÉadair
le drithlinn Teamhra dá thoigh,
go bhfidhchill Eamhna i nUltoibh.
- Seal fada ag leanmham a luirg
do Seaán Mhór mhac Riocaird,
fa Theagh bhfonnfuairgheal na bhFionn
ag combuaidhreadh fear nÉirionn.
p.128
- Eighreacht Seaáin ar fiadh bhFáil
fuair Oiluéarus mhac Seaáin;
níor chinn mac éanathar air
dár ghlac féarachadh Fionntain.
- Seaán Búrc mhac Oiluéarus,
fear chaithfeas is choiséanus
moighe cnódhonna chrú gCais,
is tóranna bhrú Bhearnais.
- Geall a dtáinig roimhe riamh,
ó Oiluéarus go hUilliam,
fuair bláth na habhla a hEamhain;
tarla ar chách a gcinneamhain.
- Grinneal aigéin gan forus,
croidhe ar nách cóir amharus;
sdéad mearghroighe ó mhúr Eamhna,
rún neamhdhoidhe naitheardha.
- Tiobraid lán i láibh teasa,
méadaightheóir gach maitheasa;
rún nách daingne clacha cuir,
airdhe flatha re foghail.
- Fuidheall beannacht a bhiodhbhadh,
teagaisgtheóir na dtighearnadh;
brath nuachair do mhoigh Mhidhe,
buachail croidh a choillidhe.
p.129
- Ursa chogaidh chríche Breagh,
doras báis mhaicne Míleadh,
bas mhéirsliom is cruaidhe i gcath,
éinmhionn buaidhe na mBúrcach.
- Mac Uilliam Búrc, biodhbha an uilc,
sás na ndoibhéas do dhíobuirt;
dá míbhéasaibh maith a lámh,
flaith mar ríghSéasair Rómhán.
- Ní fuil mac Gaoidhil ná Goill,
ó Aird Uladh go hEacoill,
acht lán dá éanghrádh uile
um Chlár féarbhán Úghuine.
- Ní fuil foghlaidh ná fear gráidh
ag Seaán mhac mheic Seaáin
'gá bhfuil fáth amharais air
um ráth gcladhsolais gCobhthaigh.
- Ó aois naoidhean gus anois,
bíodh slán gach éinfir eólois
go ndearna craobh chaithreach Breagh
taom budh aithreach dá aigneadh.
- Ní dár íribh nó ar ábhacht,
d'urradhas nó dh'éadánacht,
níor smuain réalta sluaigh Sligigh
budh déanta iar n-uair d'faoisidin.
p.130
- Ní dubhairt, ní dubhradh ris,
d'fiadhnaise fir an aimhlis
gruaidh leithgheal ar lí na subh
ní do cheilfeadh i gcogar.
- Ní budh ionfolaigh air féin
ní dubhradh re a dhreich soiléir,
's níor chogail ar chách eile
fáth cogair a choillidhe.
- Dá dteagmhadh go dtiocfadh d'fior
bás a dtáinig 'na thimchiol,
ón ló fá dteagar 'na thoigh
ní budh eagal dó a dhíoghoil.
- Níor barradh faoi ar iarnaibh each,
níor droladh lann ná lúireach
dearc righeanghlas fan mall muir
tighearnas ón tann tárraidh.
- Gan drud ar longphort re a linn,
gan ghluasacht airm dá aidhlinn;
gan omhan ar neach fa nimh,
gan robhadh creach do chluinsin.
- Gan sgéala d'fiarfaighidh d'fior,
gan dul ar séad ná ar sluaigheadh;
gan chreich, gan toghail, gan troid,
gan foghail neith um námhoid.
p.131
- Gan adhbhar le a mbiodhgfadh bean,
gan leattrom Ghoill ag Gaoidheal;
gan éadáil Ghaoidhil ag Gall,
gan éagáir aoinfir d'fulang.
- Bídh ceól sírreachta sídhe
le socracht na sáimhríghe
i bhfuighlibh cáigh re chéile,
fa fuilngidh chláir Choirrsléibhe.FEARONN
- Conn Ó Domhnaill, Dia dhá dhíon,
géag bhuadhach d'fuil na n-airdríogh;
fear gan mhaothchroidhe um cheann gcean,
ceann na laochroidhe ó Lithfear.FEARONN
- Ceithre fichid & cúig céad,
míle ó ghin Críost re coimhéad
do bhí an cás duitheanta i ndán
go bás suitheanta Seaán.
p.132