Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 14
CATHAL Ó CONCHOBHAIR
- Déanam cunntus, a Chathail,
d'ionnmhus agus d'ealathain;
cúis a dhéanta is crádh croidhe,
a réalta ó chlár Chalroighe.
- Briathar ghnáth, a ghnúis fáilidh,
deireadh cumainn comháirimh;
ní hé an glór nách doiligh dhamh,
a rómh oinigh na n-ughdar.
- Mithigh dhúinn déanamh cunntais,
gidh eadh, a rosg réaltunntais,
a ghruadh frirhir, a rún ban,
níor mhithigh dhún a dhéanamh.
- Moch dúinn do dheónaigh tusa
dhol i gceann an chunntusa;
críoch m'annsa is adhbhar cumhadh,
amhghar dhamhsa an deónughadh.
- Cunnradh duas agus dána
do-nínn red dhreich ndonnmhálla,
mar budh dual duidse agus damh;
truagh mo chuidse don chunnradh.
p.93
- Ní dheachaidh dár gceirdne i gcruth
nár chumas dod chúl ghéagach,
ón duain go haonrann d'fighe,
a saorbharr sluaigh Sligighe.
- Ní raibhe ó seinm na gcraobh gciúil
go sgaoileadh na sgéal dtaidhiúir,
's uaidh sin go huaisle t'fola,
nár libh uaimse an ealodha.
- Déanam cunntus go nua anois;
fionnam uait mar do íocuis
gach cáil 'na ndeachamair dhuit,
a chreachurraidh Chláir Chormuic.
- Créad an tost atá oraibh,
a Chathail Í Chonchobhair,
gi bé do dáileadh damhsa
gan é d'áireamh oramsa?
- Créad nách maoidhise, a mheic Taidhg,
a bhfuaras ód ghnúis ghealaird,
do luagh mo rachunntais ruibh,
a sduagh bhachalltais Bheannchuir?
- Gach breath dúinn dár dháil tusa
dá gcurthaoi san gcunntussa,
a dhamh ré an bhroghasa Breagh,
níorbh orasa é d'áireamh.
- Do-geibhthi uaid iall an sbuir,
do-geibhthi an crios, a Chathuil;
do-geabhtha an brat 'san bleidhe,
'san eachra, a slat Sligighe.
p.94
- Ochán! och! do-geibhthi an ghroigh,
'san chaor bhuadha ód bhais leabhair;
'san bheann órdhaidhe 'san fail,
a cheann mórmhaighe Murbhaigh.
- Do-geibhthi an crodh ód chúl fann,
do-geibhthi fós an fearann,
a sgiath chosnaimh chuain Duibhe,
'san crodhsoin uaibh d'ionghuire.
- A chéad urdail dá n-aghbhoinn
uaid, a bhéildeirg bhriatharmhoill,
a bhfuair mé d'iolmhaoinibh ann,
ní hé is ionmhaoidhimh oram.
- Córa do mhuirn do mhaoidhimh,
'sdo rún fáthach forbhfaoilidh;
a bhrágha fionnmhoighe Fáil,
cára h'ionmhoine is t'anáir.
- Do-gheibhinnse, a ghéag Luighne,
do chogar, do chomhuirle,
t'uille agus leath do leabtha,
breath nár thruime toirbhearta.
- Cóir a bhuidhe do bhreith ruibh
fuaras ó chách, a Chathail,
na haisgeadha fa lór linn,
do lógh m'faigseana ar h'uillinn.
- Ní féadfamaois, a ghruadh gheal,
leath a n-uaramar d'áireamh,
idir sluagh finntighe Fáil,
do luagh impidhe it anáir.
p.95
- Fuaras tríod don taoibhse aniar
mo cheannach ó Chloinn Uilliam,
'só chath Bhréifne uair eile,
a féithle sluaigh Sligighe.
- Fuair mise, is ní mé do thuill,
mo chuid d'ionnmhus chlann gConuill,
's d';éadálaibh ó Néill anoir,
ód chéibh ghéagánaigh gabhlaigh.
- Do saorthaoi ar son mo cheannaigh
clann Ghoisdealbhaigh, Gaileangaigh,
do Chloinn Chubháin, do Cheara,
níorbh fuláir ar n-aisgeadha.
- Im' thuilleamh buidhe do bhíodh
gach rí, gach adhbhar airdríogh,
ó chuan Éirne go hEachtgha;
ní tuar éirghe aigeanta.
- Ní fuair file romham riamh
maca samhla dár soimhiadh,
um Thealaigh bhféirmhín na bhFionn,
ó éinrígh d'fearaibh Éirionn.
- Ní raibhe ag Cunn na gcéad dtreas
d'onóir ar Eochaidh Éigeas,
a slat bhagair Bhanbha Cuinn,
a dtarla agaibh oruinn.
- Giodh é Fítheal, fáidh Cormaic,
fríoth liomsa as do leabharghlaic,
a rí sluaigh bhastana Bhreagh,
asgadha nách fuair Fítheal.
p.96
- Níor chleacht Torna gá dtám ribh
re linn Néill ná Cuirc Caisil
oide suadhollamh bhfear bhFáil
meadh a n-uaromar d'fagháil.
- Muirn Mheic Coise, cian ó soin,
re linn Taidhg Mhóir mheic Cathail,
dom chionsa ní séad samhail,
ionsa h'éag ót ollamhain.
- Muirn Mheic Liag i Leith Mogha,
i n-aimsir Bhriain Bhóromha,
gér mhaith rí fionntolcha Fáil,
níorbh ionchomtha í is m'anáir.
- D'ollamhnaibh Banbha na mbeann
ní thug airdríoghraidh Éireann
leith ar bhfaghála ód dhreich dhil,
ná leith m'anára i n-aointigh.
- Ó nách féadaim teacht thoraibh,
a Chathail Í Chonchobhair,
bheith 'god luadh is doiligh dhamh;
truagh gan m'oidhidh it farradh.
- Níor saoil neach ar dhruim dhomhain
mé tar h'éise d'anamhain;
nár dhamhsa gan dol red chois
ar son t'annsa agus t'ionnmhois.
- Deacair d'uaislibh Inse Fáil
ó mhair mise is tú ar dteasdáil,
a sgath Ghaoidheal Chláir Chonnla,
dáigh a haoinfior ealodhna.
p.97
- Minic do sirthea ar Dhia dhamh
ré budh sia 'ná do saoghal;
a lámh thilte bhraonchláir Bhreagh,
do chlaochláidh h'itche m'aigneadh.
- Tánuig h'itche, fa ríor ruinn;
fuarais ó Dhia, a dhreach séaghuinn,
bheith saoghlach dúinn id dheaghaidh,
a aonbhrath Múir Mhuireadhaigh.
- Níorbh iongnadh h'itche d'faghbháil
duit, a bhaisghil bhriatharnáir;
níor éimdheabhair neach fa nimh,
a dhreach séimhleabhair suilbhir.
- H'itche féin, fearg an Choimdheadh,
ro-m-chráidh, a chruth séaghoinngheal;
i n-aghaidh mo dhísle dhuid
m'faghail is tríbhse tánuig.TÁNUIG
p.98