Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 13
BRIAN MHÁG UIDHIR
- Pardhas Fódla Fir Mhanach,
clár téiglidhe torcharach;
tír na ngort dtirmghléigheal dtais,
ar imdhéineamh port bParthais.
- Ceól neamhdhuidhe nuall a tonn,
bláth forórdha ar a fearann;
taidhbhse mheala millse a sreabh,
trillse a feadha gá bhfilleadh.
- Gleannta míne ós moighibh cuir,
srotha gorma ós na gleanntuibh;
fiodh cnóbhuidhe ar cúl na sgoth,
clúmh órdhuidhe gá folach.
- Lór do bhuain fiabhrusa dh'fior
duinne a géag, guirme a huisgiodh,
deirge a clúimh, neamhdhuibhe a néall;
neamhdhuidhe a húir 'sa haiëacute;ar1.
- Cosmhail re ceólaibh Pardhais
mon gcrích dtaidhiúir dtobarghlais
fuaim a sruth ngainmhidhe nglan,
tre ghuth ainglidhe a healtan.
p.85
- Ní féad teanga gá dtám ris ?
leath a haoibhniosa dh'aithris,
críoch mhaothbharrchas na sreabh seang
ceadh acht aonpharthas Éireann ?
- Ní bhean neach re neach oile
san pharthas te thalmhoidhe;
ni fuil fear éadála ann,
ná fear éagára d'fulang.
- Do-geibhthear fós le gach fear
tibhre seirce 'na silleadh,
nách bí ar tí díoghbhála dhí
fíornámha dá dtí thríthi.
- Ní bhí sliocht foghlaidhe i bhféar,
ná lorg arracht i n-aiéar,2
ná raon tarathar i dtuinn,
mon gcladhachadh saor séaghuinn.
- Ní bhíd fuatha ina feadhaibh,
ná ilphiast 'na hinbhearaibh;
ní bhí torbhaidh ar tí a cruidh
ní bhí foghlaidh gá foghail.
- Ní lamhaid tadhall tríthe,
tar a cladhaibh coigcríche:
beag suim an ghormoirir ghil
i bhfoghloidhibh Fuinn Éibhir.
- Fuair an chríochsa um ghort nGabhra
d'anchumhachtaibh éagsamhla
tar nách éidir í d'faghal
ní éigin dá hanaghal.
p.86
- Ní buadha cloch, ní fégh fiagh
chaomhnus cuanta a críoch n-imchian;
ní learga foirbhthe, ní fiodh,
ní cearda doilbhthe draoitheadh.
- Atá aca éinní is fearr
do dhíon na gcríoch go coitcheann;
díol cáigh d'aoghuire san fior
aonduine dháibh is dídion.
- Brian Mhág Uidhir na n-arm nocht,
mac Donnchaidh mheic Con Chonnacht;
sgiath caomhanta Críche Duinn,
aondalta Síthe Sioghmhuill.
- Dromchla aigéin re hUltaibh,
múr cloiche re Connachtaibh;
céile bhan mboigbhíthe mBreagh,
cladh coigcríche an dá chúigeadh.
- Luibh íocsláinte d'fuil Eachaidh,
doras báis do Bhréifneachaibh;
an chaor neimhe don Niallfuil,
's don taobh eile d'Oirghiallaibh.
- Pardhas Ádhaimh Inse Fáil
Fir Mhanach na múr gconáigh:
ua na ndeighfear ó Dhún Bhreagh
mar mhúr teineadh 'na timcheal.
- Dá mbeantaoi éinchreach d'fuil Chuinn
ó Éirne go hÁth gConuill
'na n-airgnibh do-geabhtha geall
a ceathra hairdibh Éireann.
p.87
- Ní fúigfeadh teach gan toghail
um Bóinn an bhruaigh thorchoraigh,
nó mon Muaidh dtírimghil dtais,
nó um fírimlibh bruaigh Bhearnais.
- Comhmór do hairgfidhe uaidh
na tolcha corra um Chraobhruaidh,
'san eang síthe ó Chruachain Chuinn
go bruachaibh chríche Coruinn.
- Tabhairt aighthe ar adhbhaidh mbeach,
nó is cor láimhe i niod naithreach
tír a sean d'faghail ón fior,
nó is aghaidh ar theagh dteineadh.
- Atá le fada ag feithimh
le Brian féin dá fóirithin,
'sgach fádh ag tairngire a thocht
don chlár ainglidhe éadrocht.
- Fuilngid Gréagaigh eacht eile
beith mar so seal d'áiridhe,
fa chiaigh mhóir dhocrachta dháibh,
i ndóigh fortachta d'fagháil.
- Gluaisid forgla bhfear ndomhain
fan nGréig n-échtaigh n-iorghalaigh,
gur bhean siad a draoidheacht dí
do-niad i n-aoinfeacht uirri.
- Ó nách fuairsiod cead catha
na gasraidhe Gréagacha,
rí an tsluaigh rachalma do ráidh
a n-athardha ar n-uair d'fágbháil.
p.87
- Ná fágbhaidh, ar fáidhe Gréag,
fearr dhaoibh bhur gcríoch do choimhéad;
lucht bhur n-oirbhearta is ní náir
ar tí a n-oighreachta d'fágbháil.
- Draoi dhíbhséin arís do ráidh:
córaide an chríoch do chongbháil,
atá aonduine i ndán dí
bhus aoghuire ar clár chruinni.
- Atá 'na naoidhin aniogh
fear ar saoraidhne, ar seision;
dá bhfoilngeam a bhfoigheam dh'ulc
roighearr go bhfoighbheam fortacht.
- Sloinn dúinn ní is soillse iná sin,
do ráidh cách d'aithiosg aoinfir,
cia hé, nó an mbéarthaoi go a bhun,
an té adéarthaoi dá dhéanamh ?
- Do ráidh an draoi dia do rath
Earcoil mór, mílidh Gréagach,
is é adubhart do dhíon cháigh,
do bhríogh cumhacht is chonáigh.
- Beid, ar sé, slóigh an domhain
mon ndraig n-uathmhair n-éagsamhail,
gnúis roithneach dán hainm Earcoil,
an phailm thoirtheach thairngeartaidh.
- Ní bhia i n-ilphiasdaibh oile,
ní bhia i ndúilibh daonnaidhe,
neart ó bhfuighbheadh righe ris,
tuillmheadh a fine dh'aithris.
p.89
- Cinnis an draoi adubhairt sin,
mar chomhairle dá chairdibh,
go dtí a dhreach chaomhsoilléir chorr,
breath gach aonoiléin d'fulong.
- Dá ndearntaoi a ráidhimse ruibh,
ar an fáidh, go fás Earcoil,
'nar thaibhgheadar na trí roinn
ní bhí acht airleagadh orainn.
- Cead linn a n-uighbheam d'olcaibh,
do ghábhthaibh, do ghuasachtaibh,
is dáil gcabhartha 'nár gcionn
labhartha cáigh go coitchionn.
- Fuilngis gach breath dá mbíoth air,
iomthús an airdríogh Gréagaigh
gruaidh doinnghealtais nár chleacht coir
go teacht oirbheartais Earcoil.
- Téid naonbhar ban dá bhranar,
d'aindeithbhir lé apghaghadh,
do mhnáibh ríogh gasraidhe Gréag,
líon dar chasmhaile a choimhéad.
- Ní théigheadh, bhós, tre bhioth síor
do ghlún nó d'ucht an airdríogh,
lé mbíoth d'forcoimhéad uaidh air,
ní drochcoimhéad fuair Earcail.
- Gairid d'Earcoil dá éis soin
gur chuir faoi forgla an domhain;
gá dás luadh imdheachta an fir ?
tinghealta an druadh do dheimhnigh.
p.90
- Lingthear leis lucht an bheatha,
díoghlais orra a n-ainbhreatha;
seóid Ghréag ón domhan 'na dhál
'na dtoradh chéad ag claochládh.
- Maith do-chuaidh dá chairdibh gaoil
anmhain ris i méad macaoimh;
gá dú ? acht ní hinleanta air
clú na himdheachta ar Earcoil.
- Mar sin do bhádar fa Bhrian
síol gColla na gcreach n-imchian,
go haipgheaghadh dá ghruaidh ghil,
'na mhaicleanabh uair éigin.
- Gur chaithsiod fós Fir Mhanach,
go himsníomhach urchradhach,
seal ag sírfeithimh mar sin
le ríbheithir fear nOiligh.
- Gur leasoigheadh lór do rath
ar ghlún airdríogh Fear Manach,
'sle mnáibh breachtsoilse glac ngeal,
an tEarcoilse Mac Míleadh.
- Gur líon fós do mhéad meanma
ar feabhas a oileamhna
gnúis chorcra ón soidhearaidh síodh
's d'oileamhain ochta an airdríogh.
- Go rug orra dá éis sin
mac Donnchaidh mheic Mhéig Uidhir,
re béal a dtabhartha i dtír,
ar séan gcabhartha a chiníl.
p.91
- Síol gColla, cinéal Eóghain,
do thabhaigh is taibheóghaigh
a bhfuil orra re hathaigh
ag fuil Cholla i gcartachaibh.
- Ag síol gColla Chláir Dá Thí
do bhí gach breath dá mbeirthi
'na cuid rúin ag ríoghaibh Breagh
súil re a díoghail fa dheireadh.
- Fa cead leó a n-aghaibhdís d'ulc
ó Ultaibh, ó chrích Connacht,
ó tharla cobhair 'na gcionn
fa chomhair faghla Éirionn.
- Fóchtaid feasda dá bhfoltaibh
d'Ultaibh, don chrích Connachtaigh;
ó tá an Brian tarngaire ar dteacht
faghlaidhe ag triall ón tuaisgeart.
- I dtús cháigh tiocfa ar tosaigh
mac inghine an Aodhasoin;
bas neartmhar le niamhthair ga,
Earcal iarthair na hEórpa. PARDHAS
p.92