Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)

section 12

AOIDH MHÁG UIDHIR

  1. Léigfead Aodh d'fearaibh Éireann,
    lór don bhaisgheal bhairrséimhseang;
    leision Éire acht meise amháin,
    a seise, a céile compáin.
  2. Ní fuighinn ionadh ag Aodh,
    atáid uime ar gach éantaobh —
    ní-m-léigse i gceann ó gCriomhthain —
    na héigse is fearr d'Éirionnchuibh.
  3. Ní meisde, ní meisde sin,
    féachfa mé re Mág Uidhir,
    mo rí Gabhra an ngéabhadh lam
    ó tharla um éanar agam.
  4. Éigean dúinne déanamh air,
    madh olc, airdrí an fuinn Mhanchaigh,
    bas ghéigleabhar, taobh mar thuinn —
    do céidgheabhadh Aodh oruinn.
  5. Sgéal beag uaigneach uime sin
    inneósad d'Aodh Mhág Uidhir —
    gruaidh fionndaithgheal dá dtráigh tonn—
    nách cáir iomaithbhear orom.

  6. p.82

  7. Seacht bhfir dhéag d'éigsibh Uladh
    do-chuaidh d'iarraidh ealadhan,
    dál an chuaine finn Ultaigh
    go Cill Chluaine i gConnachtaibh.
  8. Do cheannchodar muc is mart,
    gabhsad na dronga adubhart,
    fíoch troda ar gach droing don dáimh,
    ag roinn a gcoda i gcéadáir.
  9. Fiarfaighis fear an tighe.
    fan mart cia do [cdot ]uirfidhe,
    nó fan leabharmhuic dtruim dtigh,
    don druing neamhordhruic náirigh.
  10. Tiad fan muic d aitheasg éinfir,
    ní fríoth don druing dhíchéillidh
    acht éinfear amháin fan mart,
    a dhéineamh géar dháil deanacht.
  11. Nár thí mo bheó choidhche ar gcúl,
    do ráidh fear aca ag iompúdh,
    ón druing caradsa ro-m-chuir,
    raghadsa fan gcuirr gcnámhuigh.
  12. Na seacht bhfir dhéag — díochra an cion—
    ní dheachaidh díobh fa dheiriodh
    fan mart bhforthaisgheal acht fear,
    smacht orthaibhsean níor éidear.
  13. Smuainidh, a bhruinne bhántais,
    mar thug iomad omhántais
    an t-aonduine amháin ón mhuic,
    a aoghuire Chláir Chorbmuic.

  14. p.83

  15. Tusa aniú, a mheic Mhég Uidhir,
    ní guth orm gan t'ionnsuighidh;
    do chomhmoladh is leasg leam
    ameasg ollamhan Éireann.
  16. Ní tásg cruais, ní cogadh ruibh,
    ní fuath, ní héadóigh asuibh,
    atá, a mhíonghruaidh sídhe seang,
    dot síorbhuain dínne, acht doicheall.
  17. Giodh maith tú, ní thréigfinn ort
    mo dhume féin Cú Chonnacht,
    mo threise, mo ghrádh, mo ghean,
    meise fa lár ní léigfeadh.

    LÉIGFEAD


  18. p.84